Focus Ireland
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | eagraíocht neamhbhrabúis |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1985 |
| Rialachas corparáideach | |
| Líon fostaithe | 524 (2023) |
| Táscaire eacnamaíoch | |
| Ioncam iomlán | 31,663,711 € (2019) |
| Sócmhainní iomlána | 259 M€ (2023) |
| Suíomh gréasáin | focusireland.ie |
Is é Focus Ireland (FI)[1] an eagraíocht is mó in Éirinn atá ag plé le daoine gan dídean, eagraíocht a tháinig ar an saol i dtús ama le aird an phobail a tharraingt ar riachtanas na mban a bhí gan dídean i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí, Scaip tionchar na heagraíochta ina dhiaidh sin agus rinneadh cúram don tír uilig.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba í an tSiúr Stanislaus Kennedy nó 'Sister Stan' mar ab fhearr aithne uirthi i mBaile Átha Cliath a bhunaigh an eagraíocht Focus Point i 1985. Bhí a ainm athraithe sna 1990idí go Focus Ireland,
D’oscail FI an chéad ionad sa tír - i bhFionnghlas - in 2001 ina gcuirtear lóistín ar fáil don teaghlach ar fad le chéile. Sa bhliain 2001 bhí 150 duine fostaithe go lánaimseartha acu, 80 ar scéimeanna FÁS agus 100 duine ag obair go deonach.[3] Phléigh FI ag an am le os cionn 5,000 duine gan dídean sa bhliain 2001, chuir siad tithe ar fáil do 300 díobh. In 2018, phléigh FI le os cionn 5,000 duine gan dídean sa bhliain 2001, chuir siad tithe ar fáil do 1,100 díobh.
Sa bhliain 2017, chuir Barry O’Sullivan (Príomhfheidhmeannach Altocloud agus ‘Dragon’ ón gclár teilifíse Dragon’s Den ar RTÉ) a theach in Árainn ar ceant ar mhaithe le Focus Ireland. [4] [5]
Tá baint mhór ag FI i gcónaí le taighde ar bhochtanas agus ar chúrsaí sóisialta.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Suíomh Focus Ireland". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-11-03). "An tSiúr Stanislaus Kennedy tar éis bháis" (as ga-IE).
- 1 2 Ailín Ní Chonchúir (Lúnasa 2001). "An tSiúr Stanislaus Kennedy" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-11-04.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (29 Samhain 2016). "‘Pluais Dragain’ in Árainn le cur ar ceant ar mhaithe le daoine gan dídean" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-04.
- ↑ John Fallon. "Sale of Dragon’s Den star’s house raises €273,000 for charities" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-11-04.