Foclóireacht na Gaeilge

Is féidir Foclóireacht na Gaeilge a aithint as an 8ú haois ar aghaidh.
Würzburg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Timpeall na bliana 750, bhí dalta Éireannach anaithnid ag staidéar in Würzburg sa Ghearmáin, a scríobh mínithe as Gaeilge atá ar marthain fós, ar an téacs as Laidin de na Litreacha Naomh Pól. Is é seo an sampla is luaithe dá leithéid d'fhoclóireacht Gaeilge.
Cormac
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh sanais ar na chéad ghluaiseanna nó fhoclóirí tiomsaithe go neamhspleách ar téacs áirithe. Tá clú agus cáil ar Sanas Chormaic, a tiomsaíodh sa 9ú haois le Cormac Mac Cuileannáin, Easpag Chaisil agus rí Mumhan, a d'éag sa bhliain 908. Moltar gurb é an chéad saothar dá leithéid as teanga neamhchlaisiceach na hEorpa.
Feictear sa sanas an mínithe comhchiallacha na cheannfhocal as Béarla nó Laidin. I roinnt cásanna, tugtar sanasaíocht an fhocail.
Ó Cléirigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sagart de chuid na bProinsiasach agus taoiseach na gCeithre Máistrí ba é Mícheál Ó Cléirigh. Thiomsaigh sé sanas cáiliúil darb ainm Sanasán Mhichíl Uí Chléirigh.
An Pluincéadach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1662, chríochnaigh Risteard Pluincéad (An Pluincéadach), Proinsiasaigh ina chónaí i mBaile Átha Troim, a mhór shaothar .i. foclóir Laidin–Gaeilge.[1] Níos foilsíodh an scríbhinn riamh agus in ainneoin sin, bhain foclóirithe níos déanaí an-úsáid as.[2] Tá an lámhscríbhinn caomhnaithe anois i Leabharlann Marsh i mBaile Átha Cliath.
18ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Edward Lhuyd, cainteoir Breatnaise, ar cheann de sna chéad daoine a bhain úsáid as an bhfoclóir leis an bPluincéadach. Sa bhliain 1707, d'fhoilsigh sé foclóir agus ann na teangacha Ceilteacha, Laidin agus Béarla.
I rith na 18ú haoise, tiomsaíodh ceithre fhoclóir mhóra, a foilsíodh dhá cheann acu:
- Béarla–Gaeilge
- Foclóir cuimsitheach le Conchubhar Ó Beaglaoich, sagart agus teagascóir pearsanta i bPáras, agus Aodh Buí Mac Cruitín, scoláire as Contae an Chláir.[4] (1732), Páras.[5]
- Crab [neamh-fhoilsithe][6]
- Gaeilge–Béarla
- Seán Ó Briain, Easpag of Cloyne and Ross.[7] (1768), Páras
- Francis Walsh agus Tadhg Ó Neachtain[8] [6] (1739) [neamh-fhoilsithe]
19ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith na 19ú haoise, tiomsaíodh trí fhoclóir Béarla–Gaeilge agus trí Gaeilge-Béarla, ar foilsíodh ceathair acu:
- Béarla–Gaeilge
- Tadhg Ó Coinnialláin (1814)
- Clareman, Peadar Ó Conaill [neamh-fhoilsithe][9]
- Robert MacAdam, fear gnó, Protastúnach agus athbheochanóir na Gaeilge as Béal Feirste (c. 1850) [neamh-fhoilsithe]
- Gaeilge–Béarla
- Domhnall Ó Foghludha (1855)[10]
- Éadbhard Ó Raghallaigh (1817, 1821, 1864)[10]
- Thomas de Vere Coneys (1849).
20ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa 20ú haois, thiomsaigh Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach (Seán a' Chóta) a mhór-shaothar Croidhe Cainnte Chiarraighe. Cé go raibh sé ar intinn aige ar dtús ach canúint an Daingin a chur ann, d'fhás sé go dtí os cionn 60,000 ceannfhocal agus 2.2 milliúin focal go hiomlán. De bharr na gcostas, níor foilsíodh an foclóir le linn shaol Sheáin. Cúig bliana is seachtó tar éis dó bheith críochnaithe, cuireadh ar fáil é[11] a bhuíochas leis an obair déanta ag Tracey Ní Mhaonaigh as Ollscoil Mhá Nuad.
I rith na 20ú haoise, foilsíodh ceithre fhoclóir Bhéarla–Gaeilge agus trí Ghaeilge–Béarla:
- Béarla–Gaeilge
- Edmund Fournier d’Albe (1903)
- Timothy O'Neill Lane (1904, 1918)[12]
- Láimhbheartach Mac Cionnaith (1935)
- Tomás de Bhaldraithe (1959).
- Gaeilge–Béarla
- an saothar cáiliúil le Pádraig Ua Duinnín[13] (1904,[14] 1927)[15]
- Dictionary of the Irish Language (1913–76) foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, saothar tagartha le haghaidh Sean agus Meán-Ghaeilge
- Uí Dhónaill Foclóir Gaeilge–Béarla (1977).[16]
Rinneadh dhá fhoclóir le Gaeilge agus teanga eile, don chéad uair ó am an Phluincéid:
- foclóir Gaeilge–Fraincis (1952)[17] le Risteárd de Hae [18]
- foclóir Gaeilge–Briotáinis le Loeiz Andouard agus Éamon Ó Ciosáin (1987).[19]
I dteannta sin uile, foilsíodh fosta an-chuid foclóirí idir téarmaíochta, canúna, scoile agus póca.
21d aois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó thús na 21d aoise ar aghaidh, tá tuilleadh forbairte le feiceáil i bhfoclóireacht Gaeilge:
- foclóir aonteangach Gaeilge Fhoras na Gaeilge (2025)[20]
- Foclóir Mháirtín Uí Chadhain foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann (2021)
- foclóir Gaeilge–Spáinnis foilsithe ag Coiscéim,[21]
- foclóir Gaeilge–Gearmáinis foilsithe ag Buske[22]
- foclóir Gaeilge–Rúisis ar líne, déanta le Alexey Shibakov[23]
Leis sin, tá ar a laghad cúig theanga Eorpach ann le foclóirí Gaeilge.
Idir an dá linn, tá foclóirí Gaeilge ann do gach teanga Ceilteach, a bhuíochas le:
- Caoimhín Ó Scanaill agus a chuid foclóirí Ceilteacha[24][25]
- Joe Mitchell agus a Fhoclóir Breatnais–Gaeilge.[26]
- foclóir Gaeilge–Coirnis ar líne[27]

Is acmhainn ollmhór anois é an t-idirlíon le haghaidh foclóirí:
- teanglann.ie: tá foclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe's le fáil ann, i dteannta leis an bhFoclóir Beag aonteangacha[28]
- foclóir.ie: Foclóir Gaeilge Fhoras na Gaeilge agus Foclóir Nua Béarla–Gaeilge (FNBG) le Foras na Gaeilge[29] ar líne
- téarma.ie: an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge curtha ar fáil ag Fiontar in OCBÁC.[30]
- intergaelic.com: acmhainn do chainteoirí theangacha Gaelacha, curtha ar fáil ag Caoimhín Ó Scanaill agus Michal Boleslav Měchura[31] (Gàidhlig agus Gaelg)
- edil.ie: curtha ar líne ag Acadamh Ríoga na hÉireann[32]
- fng.ie: obair ar siúl ar fhoclóir cuimsitheach stairiúil thar an tréimhse 1600–2000.[33]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge" ar History Ireland
- Corpus Planning for Irish, Dictionaries and Terminology le Caoilfhionn Nic Pháidín
- Naisc maidir le foclóireacht na Gaeilge ar Sabhal Mòr Ostaig
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Latin-Irish Dictionary, leis an bPluincéideach, ar ISOS
- ↑ de Bhaldraithe, T. 1987. ‘An Pluincéadach: Ceannródaí Foclóireachta.’ Teangeolas 22: 19-26.
- ↑ Lhwyd, Edward (2009). "Archӕologia Britannica: Texts & Translations": VII. Aberystwyth: Celtic Studies Publications.
- ↑ Ó Beaglaoich, C, agus Mac Cuirtín, A, eag. 1732. An Foclóir Béarla Gaoidheilge. Guerin, Páras.
- ↑ See Mac Coinnigh, Marcas. 2012. ‘Tracing Inspiration in Proverbial Material: from The Royal Dictionary (1699 & 1729) of Abel_Boyer to The_English-Irish_Dictionary_(1732) of Begley-McCurtin’. International Journal of Lexicography 26 (2012): 23-57.
- ↑ 6.0 6.1 De Bhaldraithe, T., 1958. ‘Modern Irish Lexicography’, Proceedings of the Eighth International Congress of Linguistics (Oslo): 413-415.
- ↑ Ó Cearnaigh, S. 1993. ‘The Irish-English Dictionary of Bishop John O'Brien 1768.’ The Linen Hall Review 10.1: 15-17.
- ↑ Irish-English Dictionary (1739) ar ISOS
- ↑ Ó Conaill, P., 1826. Foclóir Gaeilge-Béarla. Lámhscríbhinn neamh-fhoilsithe, LS Egerton_83, Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath.
- ↑ 10.0 10.1 O’Reilly, E. 1821. An Irish-English Dictionary. Baile Átha Cliath: A. O'Neil.
- ↑ Caomhánach, Seán Óg (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe".
- ↑ O’Neill Lane, T. 1916. Larger English-Irish dictionary. Baile Átha Cliath: The Educational Co. of Ireland.
- ↑ Ua Súilleabháin, S. 2005. ‘Dinneen’s Dictionary of 1904 and 1927: Background, Use of Historical Dictionaries and of Contemporary Informants.’ P. Riggs (eag.), Dinneen and The Dictionary 1904-2004. Subsidiary Series No. 16. Baile Átha Cliath: Irish Texts Society.
- ↑ Dinneen, P. 1904. Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Baile Átha Cliath: M. H. Gill and Son, Ltd.
- ↑ Ó Duinnín, P. ‘Irish Lexicography─ a reply’ Irish Ecclesiastical Record: 4ú sraith. Feabhra, 121-141
- ↑ Ó Dónaill, N. 1978. Foclóir Gaeilge-Béarla, An Gúm, Baile Átha Cliath.
- ↑ Hayes, Richard (1952). "Foclóir Gaedhilge agus Frainncise". Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
- ↑ De Bhaldraithe, T. 1958. ‘Modern Irish Lexicography’, Proceedings of the Eighth International Congress of Linguistics (Oslo): 413-415.
- ↑ Henri Leperlier (1987). "Léirmheasanna: Foclóir Gaeilge-Briotáinis (Geriadur iwerzhoneg/brezhoneg)". Comhar 46 (8).
- ↑ Maitiú Ó Coimín (1 Nollaig 2025). "An chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge le seoladh ag an Uachtarán Catherine Connolly". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
- ↑ Barnwell, David (2009). "Diccionario Irlandés-Español / Foclóir Gaeilge-Spáinnise". Baile Átha Cliath: Coiscéim.
- ↑ Caldas, Thomas F. (2015). "Wörterbuch Irisch-Deutsch: Mit einem deutsch-irischen Wortindex". Tübingen: Buske.
- ↑ Shibakov, Alexey (2017). "Big Irish-Russian Dictionary with Transcription by Alexey Shibakov, Electronic Version". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-11-12. Dáta rochtana: 4ú Iúil 2018.
- ↑ Scannell, Kevin P. (2016). "Foclóir Gàidhlig-Gaeilge".
- ↑ Scannell, Kevin P. (2016). "Foclóir Manainnis-Gaeilge".
- ↑ "An chéad fhoclóir Breatnaise-Gaeilge le foilsiú" (29ú Samhain 2017). Dáta rochtana: 4ú Iúil 2018.
- ↑ Foclóir Gaeilge - Coirnis ar Glosbe
- ↑ "Teanglann". Dáta rochtana: 4ú Iúil 2018.
- ↑ "New Irish-English Dictionary" (2012).
- ↑ "National Terminology Database".
- ↑ Scannell, Kevin P. (2015). "Intergaelic". Dáta rochtana: 4ú Iúil 2018.
- ↑ "eDIL – History of the Dictionary". Dáta rochtana: 16ú Iúil 2018.
- ↑ "Foclóir Stairiúil na Gaeilge". Dáta rochtana: 4ú Iúil 2018.