Jump to content

Foclóir téarmaí luibheolaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Míníonn an foclóir téarmaí luibheolaíochta seo téarmaí luibheolaíochta.

  • achtanamorfach (actinomorphic as Béarla)[1]
    Bláth achtanamorfach de Fragaria vesca

    Bíonn bláthanna aictiomorfacha ga-shiméadrach.[2]
  • aicéin (achene as Béarla)[3]
    Is toradh tirim, neamhoscailte, aon-shíolach é aicéin. Níl an síol ceangailte de bhalla an toraidh ach ag pointe amháin. Fásann an toradh ó ubhagán uachtarach aon-sheoimrín.[4]
  • aindréiciam (androecium as Béarla)[5]
    Is é an aindréiciam an téarma comhchoiteann do na horgáin atáirgthe fireanna sa bhláth, atá comhdhéanta de na staimín.[6]
  • all-aiseach (abaxial as Béarla)[7]
    Aidiacht, a bhfuil a treo urchomhaireach le treo na haise (= taobh íochtair).[8]
  • angaispeirm (angiosperm as Béarla)[9]
    In angaispeirm, bíonn na ubhúlaigh faoi iamh i gcairpéil.[10]

    Is grúpa plandaí iad na angiospermaigh a bhfuil ubhúlach acu atá iata i gcairpéil.[10]
  • barraimsitheach (acropetal as Béarla)[11]
    Ciallaíonn an téarma barraimsitheach go dtosaíonn rud ag fás nó ag forbairt ag an mbun agus go leanann sé aníos i dtreo an bharr.[12]
  • bláthra (inflorescence as Béarla)[13]
    Is grúpa bláthanna é bláthra.[14]
  • bleib (bulb as Béarla)[15]
    bleib

    Is gas faoi thalamh modhnaithe é bleibe, atá timpeallaithe ag duilleoga modhnaithe.[16]
  • bliantóg (annual plant as Béarla)[17]
    Bláthaíonn agus faigheann bliantóg bás i mbliain amháin.[18]
  • clóraplast (chloroplast as Béarla)[19]
    Is orgánaid cheallach plandaí é an clóraplast a dhéanann an fótaisintéis.[19]
  • colúinín (columella as Béarla)[20]
    Is colún beag fíocháin é colúinín atá i lár capsúl.[14]
  • comhsheipealach (gamosepalous as Béarla)[21]
    I gcailís chomhsheipealach bíonn na seipil comhleáite.[22]
  • crann (tree as Béarla)[23]
    crann

    Is planda adhmadach é crann le gas príomhúil amháin agus craobhacha tánaisteacha.[24]
  • crann fíliginiteach (phylogenetic tree as Béarla)
    Crann fíliginiteach

    Léiríonn crann fíliginiteach na gaolta idir orgánaigh éagsúla.[25]
  • crannlann (arboretum as Béarla)[26]
    Is bailiúchán crann agus toir é crannlann.[27]
  • dé-éiciach (dioecious as Béarla)[28]
    Bíonn daoine aonair fireanna agus baineanna ar leith ag plandaí dé-éiciach.[29]
  • dioplóideach (diploid as Béarla)[30]
    Tá dhá cheann de na tacair bhunúsacha crómasóm ag plandaí dioplóideacha sa núicléas.[31]
  • éaghasach (acaulescent as Béarla)[32]
    Is planda éaghasach é Carlina acaulis

    Is plandaí gan gas iad plandaí éaghasacha.[8]
  • eipifít (epiphyte as Béarla)[33]
    Is planda é eipifít a fhásann ar phlanda eile, ach ní seadán é.[14]
  • eiseamláir an chineáil (type specimen as Béarla)[34]
    An eiseamláir an chineáil de Cyne baetorta Barlow

    Sainmhíníonn agus déanann an eiseamláir an chineáil ionadaíocht ar tacsón. Feidhmíonn sé mar thagairt fhisiciúil don tacsón.[35]
  • fialamán (velamen as Béarla)[36]
    Is é an fialamán clúdach tiubh spúinseach na bhfréamhacha.[37]
Semele androgyna filleaclaid le torthaí
  • filleaclad (phylloclade as Béarla)[38]
    Is gas fótaisintéiseach cosúil le duilleog é filleaclad.[29]
  • fréamh chrapthach (contractile root as Béarla)[39]
    Úsáideann plandaí fréamhacha chrapthach chun iad féin a tharraingt anuas.[40]
  • gaiméitifít (gametophyte as Béarla)[41]
    Gaiméitifít de Ricciocarpos natans

    Fásann an gaiméitifít haplóideach ó spóir agus táirgeann sí gaiméite.[41]
  • gínéiciam (gynoecium as Béarla)[42]
    Is é an gínéiciam an téarma comhchoiteann do orgáin atáirgthe baineanna an bhlátha, atá comhdhéanta de na cairpéil.[43]
  • heitreaspórach (heterosporous as Béarla)[44]
    Táirgeann plandaí heitreaspóracha dhá chineál spóir.[8]
  • homaspórach (homosporous as Béarla)
    Planda nach bhfuil ach spóir de chineál amháin aige.[45]
  • ilseipealach (polysepalous as Béarla)[46]
    I cailís ilseipealach, bíonn na séipéil scartha.[47]
  • inspeirm (endosperm as Béarla)[48]
    An inspeirm bán de shíol Cocos nucifera

    Is cuid den síol é an inspeirm agus cothaíonn sé an spóraifít óg.[49]
  • laitéis (latex as Béarla)[50]
    Is sú bán de roinnt plandaí é laitéis.[51]
  • lann (lamina as Béarla)[52]
    Is é an lann an chuid leacaithe de dhuilleog, scartha ón ngas agus ó bhonn an duilleoige.[53]
  • lansach (lanceolate as Béarla)[54]
    Duilleog lansach

    Bíonn duilleog lansach caol agus ubhchruthach. Bíonn an pointe is leithne inti thíos leis an lár.[55]
  • leictitíopa (lectotype as Béarla)[56]
    Is sintíopa é leictitíopa a roghnaítear níos déanaí mar an eiseamláir an chineáil.[57]
  • liathghorm (glaucous as Béarla)[58]
    Duilleoga liathghorm na Picea pungens

    Déanann an focal liathghorm cur síos ar dhromchla céiriúil atá idir ghorm agus liath.[59]
  • luathbhaineannach (protogynous as Béarla)[60]
    Bíonn céim baineann ag bláth luathbhaineannach roimh a chéim fhireann ar leith.[61]
  • luathfhireannach (protandrous as Béarla)[62]
    Bíonn céim fhireann ag bláth luathfhireannach roimh a chéim baineann ar leith.[63]
  • meigeagaiméitifít (megagametophyte as Béarla)[64]
    Cruthaítear an meigeagaiméitifít le fás na meigeaspóir. Gineann an meigeagaiméitifít gaiméit baineann an phlanda heitreaspórach.[65]
  • meigeaspór (megaspore as Béarla)[66]
    I bplandaí heitreaspóracha, is é an meigeaspór an cineál mór spóir. Fásann sé ina gaiméitifít baineann.[14]
  • meiteaxiléim (metaxylem as Béarla)
    Is cuid den xiléim phríomhúil é an meiteaxiléim, ar céim luath í i bhforbairt an xiléim.[67]
  • micreagaiméitifít (microgametophyte as Béarla)[68]
    Fásann an micreagaiméitifít ón micreaspór agus táirgeann sé na gaiméite fireann de phlanda heitreaspórach.[29]
  • micreaspór (microspore as Béarla)[69]
    I bplandaí heitreaspóracha, is é an micreaspór an cineál beag spóir. Fásann sé ina gaiméitifít fhireann.[14]
  • micripíl (micropyle as Béarla)[70]
    Is cainéal beag é an micripíl a thrasnaíonn ionar ubhúlach.[29]
  • olasóm (elaiosome as Béarla)[71]
    Síolta Afzelia africana a bhfuil olasóm oráiste orthu

    Is cuid chothaitheach de shíol é olasóm a mheallann ainmhithe cosúil le seangáin. Cuidíonn sé le scaipeadh síolta.[29]
  • piorrachruthach (pyriform as Béarla)[72]
    Torthaí piorrachruthacha an Ficus pyriformis

    Aidiacht, i gcruth péire.[72]
  • prótaixiléim (protoxylem as Béarla)
    Is cuid den xiléim phríomhúil é an prótaixiléim, ar céim luath í i bhforbairt an xiléim.[67]
  • samár (samara as Béarla)[73]
    Is toradh neamhoscailteach aonsíolta le sciatháin é samár.[74]:79
Arum creticum le spáidín bán agus spáideog buí
  • spáideog (spadix as Béarla)[75]
    Is cineál bláthra é spáideog ina mbíonn bláthanna ag fás ar ais tiubh, feolmhar.[8]
  • spáidín (spathe as Béarla)[76]
    Is bracht mór é spáidín a thimpeallaíonn an spáideog.[77]:356
  • speiceas i mbaol criticiúil (critically endangered species as Béarla)[78]
    Is speiceas i mbaol criticiúil é Camellia impressinervis.[79]

    Is speicis iad speicis atá i mbaol criticiúil díothaithe sa nádúr atá thar a bheith ard.[78]
  • speiceas is lú imní (least-concern species as Béarla)
    Is tacsóin forleathana agus flúirseacha iad speiceas is lú imní.[80] Tá riosca níos ísle díothaithe ag na speicis seo.[81]
  • speiceas leochaileach (vulnerable species as Béarla)[82]
    Tá riosca ard díothaithe sa nádúr ag speiceas leochaileach.[82]
Phyla cuneifolia stólan
  • stólan (stolon as Béarla)[83]
    Gas cothrománach is ea stólan a shníonn os cionn, ar nó faoi dhromchla na talún[8] agus a fhásann planda nua.[45]
  • strobalas (strobilus as Béarla)[84]
    Is éard is strobalas ann ná struchtúr cosúil le buaircín atá comhdhéanta de spóraifille atá iompaithe go dlúth ar an ais.[29]
  • teipeal (tepal as Béarla)[85]
    Úsáidtear an téarma teipal do chodanna an peirianta má tá cuma an-chosúil ar na peitil agus ar na seipil.[86]
Torthú bláthra Tetradium daniellii
  • torthú bláthra (infructescence as Béarla)[13]
    Is é an torthú bláthra an struchtúr ina dtaispeántar torthaí ar phlanda.[87]
  • uathpholaplóideach (autopolyploid as Béarla)[88]
    Is cineál planda polaplóideach é planda uathpholaplóideach a chruthaítear trí géanóm amháin a dhúbailt. I bplandaí uathpholaplóideacha, tagann na crómasóm go léir ón speiceas céanna.[89]
  • ubhagán uachtarach (superior ovary as Béarla)[90]
    Tá ubhagán uachtarach suite os cionn an phointe ina bhfuil na seipil, na peitil agus na staimín ceangailte.[8]
  • umbal (umbel as Béarla)[91]
    umbal
    umbal comhshuite

    Is cineál bláthra craobhach é umbal. Bíonn bláthanna sa bláthra ina bhfuil na gasóga go léir ar an fhad céanna agus ag teacht ó phointe amháin.[92]
  • umbal comhshuite (compound umbel as Béarla)[91]
    Is cineál bláthra é umbal comhshuite ina n-eascraíonn roinnt umbal as aon phointe amháin.[93]
  • xéirifíteach (xerophytic as Béarla)[94]
    Is plandaí xéirifíteacha iad na cachtais.[95]

    Tá plandaí xéirifíteacha oiriúnaithe do aeráid nó do ghnáthóg thirim.[8]
  • xiléim (xylem as Béarla)[96]
    Is fíochán lignithe é an xiléim atá freagrach as iompar uisce i bplandaí.[67]
  • xiléim phríomhúil (primary xylem as Béarla)[96]
    Is céim luath forbartha í an xiléim phríomhúil agus tá sé déanta as prótaixiléim agus meiteaxiléim.[67]
  • xiléim thánaisteach (secondary xylem as Béarla)[96]
    Déantar an xiléim thánaisteach ón sraith chaimbiam. Tá sé freagrach as forbairt leataobhach agus fás adhmad.[67]
  1. “achtanamorfach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 1, 2026, from https://www.tearma.ie/q/achtanamorfach/ga/
  2. Eckel, P. M. (n.d.). A Grammatical Dictionary of Botanical Latin. Missouri Botanical Garden. Retrieved March 1, 2026, from https://www.mobot.org/mobot/latindict/keyDetail.aspx?keyWord=actinomorphic
  3. “aicéin.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 18, 2026, from https://www.tearma.ie/q/aic%C3%A9in/ga/
  4. Glossary Fruit type. (2007). Fairchild Tropical Botanic Garden Virtual Herbarium (FTG). Retrieved April 18, 2026, from http://www.virtualherbarium.org/glossary/glossary.php?cid=65
  5. “aindréiciam.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 7, 2026, from https://www.tearma.ie/q/aindr%C3%A9iciam/ga/
  6. Androecium, stamen, staminate, staminode. (2026, February 23). Master Gardeners of Northern Virginia. Retrieved March 7, 2026, from https://mgnv.org/plants/glossary/androecium-stamen-staminate/
  7. “all-aiseach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 18, 2026, from https://www.tearma.ie/q/all-aiseach/ga/
  8. 1 2 3 4 5 6 7 The Rwanda flora team. (2026). Flora of Rwanda: Glossary. Retrieved April 12, 2026, from https://www.rwandaflora.com/speciesdata/glossary.php
  9. “angaispeirm.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 1, 2026, from https://www.tearma.ie/q/angaispeirm/ga/
  10. 1 2 Bedecktsamer. (2007, June 18). Lexikon Der Biologie. Retrieved March 1, 2026, from https://www.spektrum.de/lexikon/biologie/bedecktsamer/7737
  11. “barraimsitheach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 18, 2026, from https://www.tearma.ie/q/barraimsitheach/ga/
  12. Cook BG, Pengelly BC, Schultze-Kraft R, Taylor M, Burkart S, Cardoso Arango JA, González Guzmán JJ, Cox K, Jones C, Peters M. & International Center for Tropical Agriculture (CIAT), Cali, Colombia and International Livestock Research Institute (ILRI), Nairobi, Kenya. (2020). Glossary. Tropical Forages: An Interactive Selection Tool. 2nd and Revised Edn. Retrieved April 18, 2026, from https://tropicalforages.info/text/entities/glossary.htm
  13. 1 2 “bláthra.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 9, 2026, from https://www.tearma.ie/q/bl%C3%A1thra/ga/
  14. 1 2 3 4 5 UCMP Glossary: Botany. (2009). University of California Museum of Paleontology. Retrieved March 9, 2026, from https://ucmp.berkeley.edu/glossary/gloss8botany.html
  15. “bleib.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved February 28, 2026, from https://super.tearma.ie/q/bleib/ga/
  16. What is a bulb? (2020, March 17). Michigan State University Extension. Retrieved February 28, 2026, from https://www.canr.msu.edu/news/what-is-a-bulb
  17. “bliantóg.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved May 30, 2026, from https://www.tearma.ie/q/bliant%C3%B3g/ga/
  18. Jessop, J.P., Toelken, H.R. & Kellermann, J. (2011). Glossary of botanical terms (version 1). In: Kellermann, J. (ed.), Flora of South Australia (ed. 5). 24 pp. (State Herbarium of South Australia: Adelaide). www.flora.sa.gov.au/ed5
  19. 1 2 clóraplast. (n.d.-b). Gaois Research Group. Retrieved March 14, 2026, from https://www.gaois.ie/en/terminology/fiat/620910
  20. “colúinín.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved June 1, 2026, from https://www.tearma.ie/q/col%C3%BAin%C3%ADn/ga/
  21. “comhsheipealach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 23, 2026, from https://www.tearma.ie/q/comhsheipealach/ga/
  22. Hyde, M.A., Wursten, B.T., Ballings, P. & Coates Palgrave, M. (n.d.). Flora of Mozambique: Glossary details: gamosepalous. Retrieved March 23, 2026, from https://www.mozambiqueflora.com/speciesdata/glossary-display.php?glossary_id=318
  23. “crann.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved February 28, 2026, from https://super.tearma.ie/q/crann/ga/
  24. Shrubs and trees: What defines a tree or a shrub? (2020, March 27). Los Angeles County Arboretum and Botanic Garden. Retrieved February 28, 2026, from https://arboretum.org/visit/library/online-exhibits/treasures-of-the-rare-book-collection-plants-of-mediterranean-climate-areas/shrubs-and-trees/
  25. Phylogenetic Trees. (n.d.). Georgia Tech Biological Sciences. Retrieved March 9, 2026, from https://organismalbio.biosci.gatech.edu/biodiversity/phylogenetic-trees/
  26. “crannlann.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved May 30, 2026, from https://www.tearma.ie/q/crannlann/ga/
  27. Forschungsstelle Realienkunde  Zentralinstitut für Kunstgeschichte. (n.d.). Arboretum. RDK Labor. Retrieved May 30, 2026, from https://www.rdklabor.de/wiki/Arboretum
  28. “dé-éiciach.” (n.d.). téarma.ie. https://www.tearma.ie/q/d%C3%A9-%C3%A9iciach/ga/
  29. 1 2 3 4 5 6 Government of South Australia. (n.d.). Flora of Australia Glossary. Flora of South Australia. Retrieved March 13, 2026, from https://flora.sa.gov.au/glossary/
  30. “dioplóideach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved May 27, 2026, from https://www.tearma.ie/q/diopl%C3%B3ideach/ga/
  31. National Herbarium of NSW,  Royal Botanic Garden, Sydney, Australia. (n.d.). New South Wales Flora Online: Glossary of Botanical Terms. Retrieved May 27, 2026, from https://plantnet.rbgsyd.nsw.gov.au/cgi-bin/NSWfl.pl?page=nswfl&glossary=yes&alpha=A
  32. “éaghasach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved June 10, 2026, from https://www.tearma.ie/q/%C3%A9aghasach/ga/
  33. “eipifít.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 9, 2026, from https://www.tearma.ie/q/eipif%C3%ADt/ga/
  34. “eiseamláir an chineáil.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 23, 2026, from https://www.tearma.ie/q/eiseaml%C3%A1ir%20an%20chine%C3%A1il/ga/
  35. Ashworth, J. (2025, November 18). What is a type specimen? Natural History Museum, London. Retrieved March 23, 2026, from https://www.nhm.ac.uk/discover/what-is-a-type-specimen.html
  36. “fialamán.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved May 27, 2026, from https://www.tearma.ie/q/fialam%C3%A1n/ga/
  37. Botanical nerd word: velamen. (2021, February 8). Toronto Botanical Garden. Retrieved May 27, 2026, from https://torontobotanicalgarden.ca/blog/word-of-the-week/word-of-the-week-velamen/
  38. “filleaclad.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved June 11, 2026, from https://www.tearma.ie/q/filleaclad/ga/
  39. “fréamh chrapthach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved February 28, 2026, from https://super.tearma.ie/q/fr%C3%A9amh%20chrapthach/ga/
  40. University of Florida, University of Kentucky, & Texas A&M University. (2023). Contractile Roots. PropG. Retrieved February 28, 2026, from https://propg.ifas.ufl.edu/07-geophytes/02-othergeophytes/01-geophytes-contractileroots.html
  41. 1 2 gaiméitifít. (n.d.). Gaois Research Group. Retrieved March 15, 2026, from https://www.gaois.ie/en/terminology/fiat/619447
  42. “gínéiciam.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 6, 2026, from https://www.tearma.ie/q/g%C3%ADn%C3%A9iciam/ga/
  43. Gynoecium, Carpel, Pistil. (2025, February 22). Master Gardeners Northern Virginia. Retrieved March 6, 2026, from https://mgnv.org/plants/glossary/gynoecium-carpel-pistil/
  44. “heitreaspórach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved February 28, 2026, from https://super.tearma.ie/q/heitreasp%C3%B3rach/ga/
  45. 1 2 Glossary. (n.d.). British Pteridological Society. Retrieved April 18, 2026, from https://britishfernsociety.org.uk/Glossary/
  46. “ilseipealach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 23, 2026, from https://www.tearma.ie/q/ilseipealach/ga/
  47. Hyde, M.A., Wursten, B.T., Ballings, P. & Coates Palgrave, M. (2026). Flora of Caprivi: Glossary details: polysepalous. Retrieved March 23, 2026, from https://www.capriviflora.com/speciesdata/glossary-display.php?glossary_id=565
  48. “inspeirm.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved February 28, 2026, from https://www.tearma.ie/q/inspeirm/ga/
  49. Endosperm. (2007, June 18). Lexikon Der Biologie. Retrieved February 28, 2026, from https://www.spektrum.de/lexikon/biologie/endosperm/21284
  50. “laitéis.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved May 30, 2026, from https://www.tearma.ie/q/lait%C3%A9is/ga/
  51. Plant Glossary. (n.d.). vPlants: A Virtual Herbarium of the Chicago Region. Retrieved May 30, 2026, from https://vplants.org/portal/plants/glossary/index.php
  52. “lann.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 14, 2026, from https://www.tearma.ie/q/lann/ga/
  53. Botanical nerd word: lamina. (2018, September 25). Toronto Botanical Garden. Retrieved March 14, 2026, from https://torontobotanicalgarden.ca/blog/word-of-the-week/botanical-nerd-word-lamina/
  54. “lansach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 21, 2026, from https://www.tearma.ie/q/lansach/ga/
  55. The Australian Pea-flowered Legume Research Group. (2007). Leaf or leaflet shape. The Pea Key: An Interactive Key for Australian Pea-flowered Legumes. Retrieved March 21, 2026, from https://www.anbg.gov.au/cpbr/cd-keys/peakey/key/The%20Pea%20Key/Media/Html/41_leaf_shape.html
  56. “leictitíopa.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 23, 2026, from https://www.tearma.ie/q/leictit%C3%ADopa/ga/
  57. McGrouther, M. (2020). Types of types. The Australian Museum. Retrieved March 23, 2026, from https://australian.museum/learn/animals/fishes/types-of-types/
  58. IDM & Foras na Gaeilge. (n.d.). glaucous. Foclóirí Ár Linne. Retrieved March 3, 2026, from https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/glaucous
  59. Eckel, P. M. (2023). A Grammatical Dictionary of Botanical Latin. Missouri Botanical Garden. Retrieved March 3, 2026, from https://www.mobot.org/mobot/latindict/keyDetail.aspx?keyWord=glaucous
  60. “luathbhaineannach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 13, 2026, from https://www.tearma.ie/q/luathbhaineannach/ga/
  61. New York Botanical Garden. (n.d.). Protogyny (protogynous). French Guianan E-Flora Project. Retrieved March 13, 2026, from https://sweetgum.nybg.org/science/projects/fg/glossary-details/?irn=1302
  62. “luathfhireannach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 13, 2026, from https://www.tearma.ie/q/luathfhireannach/ga/
  63. New York Botanical Garden. (n.d.-a). Protandry (protandrous). French Guianan E-Flora Project. Retrieved March 13, 2026, from https://sweetgum.nybg.org/science/projects/fg/glossary-details/?irn=1300
  64. “meigeagaiméitifít.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved February 28, 2026, from https://super.tearma.ie/q/meigeagaim%C3%A9itif%C3%ADt/ga/
  65. Government of South Australia. (2025, July 7). megagametophyte. Flora of South Australia. Retrieved February 28, 2026, from https://flora.sa.gov.au/glossary/megagametophyte
  66. “meigeaspór.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 9, 2026, from https://www.tearma.ie/q/meigeasp%C3%B3r/ga/
  67. 1 2 3 4 5 University of Florida, University of Kentucky, & Texas A&M University. (n.d.). Xylem. PropG. Retrieved May 30, 2026, from https://propg.ifas.ufl.edu/01-biology/02-cell-types/12-celltypes-xylem.html
  68. “micreagaiméitifít.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 21, 2026, from https://www.tearma.ie/q/micreagaim%C3%A9itif%C3%ADt/ga/
  69. “micreaspór.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 9, 2026, from https://www.tearma.ie/q/micreasp%C3%B3r/
  70. “micripíl.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 13, 2026, from https://www.tearma.ie/q/micrip%C3%ADl/ga/
  71. “olasóm.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved June 1, 2026, from https://www.tearma.ie/q/olas%C3%B3m/ga/
  72. 1 2 “piorrachruthach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 11, 2026, from https://www.tearma.ie/q/piorrachruthach/
  73. “samár.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved June 11, 2026, from https://www.tearma.ie/q/sam%C3%A1r/ga/
  74. Gray, Asa. (1875). Botany for young people and common subjects : how plants grow : a simple introduction to structural botany : with popular flora, or an arrangement and description of common plants, both wild and cultivated : illustrated by 500 wood engravings. Ivison, Blakeman, Taylor.
  75. “spáideog.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 12, 2026, from https://www.tearma.ie/q/sp%C3%A1ideog/ga/
  76. “spáidín.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 12, 2026, from https://www.tearma.ie/q/sp%C3%A1id%C3%ADn/ga/
  77. Sterry, P. (1997). Collins Complete British Wildlife Photoguide. Kiribati: HarperCollins.
  78. 1 2 Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. (n.d.). “speiceas i mbaol criticiúil.” Grúpa Taighde Gaois. Retrieved March 1, 2026, from https://www.gaois.ie/en/terminology?Query=speiceas+i+mbaol+critici%C3%BAil
  79. Wheeler, L. & Rivers, M.C. 2015. Camellia impressinervis. The IUCN Red List of Threatened Species 2015: e.T62053740A62053758. https://dx.doi.org/10.2305/IUCN.UK.2015-2.RLTS.T62053740A62053758.en. Accessed on 01 March 2026.
  80. IUCN. (2012). IUCN Red List Categories and Criteria: Version 3.1. Second edition. Gland, Switzerland and Cambridge, UK: IUCN. iv + 32pp.
  81. Frequently Asked Questions. (n.d.). IUCN Red List of Threatened Species. Retrieved April 18, 2026, from https://www.iucnredlist.org/about/faqs#Why%20are%20LC%20species%20on%20the%20Red%20List
  82. 1 2 speiceas leochaileach. (n.d.). Gaois Research Group. Retrieved March 10, 2026, from https://www.gaois.ie/en/terminology/fiat/635130
  83. “stólan.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved June 11, 2026, from https://www.tearma.ie/q/st%C3%B3lan/ga/
  84. “strobalas.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 14, 2026, from https://www.tearma.ie/q/strobalas/ga/
  85. “teipeal.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 4, 2026, from https://www.tearma.ie/q/teipeal/ga/
  86. Hyde, M.A., Wursten, B.T., Ballings, P. & Coates Palgrave, M. (2026). Flora of Caprivi: Glossary details: tepal. https://www.capriviflora.com/speciesdata/glossary-display.php?glossary_id=768, retrieved 4 March 2026
  87. Glossary for Vascular Plants. (2018, November 19). New York Botanical Garden. Retrieved March 9, 2026, from https://sweetgum.nybg.org/science/glossary/glossary-list/?ImagesOnly=yes&LimitPerPage=75&rownum=676
  88. “uathpholaplóideach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 15, 2026, from https://www.tearma.ie/q/uathpholapl%C3%B3ideach/ga/
  89. Lefers, M. & Holmgren Lab. (2004). autopolyploid. Hedgehog Signaling Glossary. Retrieved March 15, 2026, from https://groups.molbiosci.northwestern.edu/holmgren/Glossary/Definitions/Def-A/autopolyploid.html
  90. “ubhagán uachtarach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 18, 2026, from https://www.tearma.ie/q/ubhag%C3%A1n%20uachtarach/ga/
  91. 1 2 “umbal.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved March 1, 2026, from https://www.tearma.ie/q/umbal/ga/
  92. Nelson, R. C. (2012). The Description of Flowers. University of Rochester. Retrieved March 1, 2026, from https://www.cs.rochester.edu/u/nelson/wildflowers/glossaries/flowers/
  93. Inflorescences 15-Compound umbel. (n.d.). University of Illinois. Retrieved March 9, 2026, from https://www.life.illinois.edu/help/digitalflowers/Inflorescences/15.htm
  94. “xéirifíteach.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved April 12, 2026, from https://www.tearma.ie/q/x%C3%A9irif%C3%ADteach/ga/
  95. Xerophytes “Cactus-Like” collection. (n.d.). Duke University. Retrieved April 12, 2026, from https://liveplantcollections.biology.duke.edu/featured-collections/xeric
  96. 1 2 3 “xiléim.” (n.d.). An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta Don Ghaeilge. Retrieved May 30, 2026, from https://www.tearma.ie/q/xil%C3%A9im/ga/