Foclóir nó Sanasán Nua
| Focloir no Sanasan Nua[nóta 1] | |
|---|---|
| Fotheideal | in a mínighthear cáil eigin dfoclaibh cruaiḋe na gaoidheilge, ar na sgriobhadh ar urd aibġitre le brathair bochd tuata dord S. Fronsias Michéul o cleirigh a gcoláisde na mbrathar neirean̄ach a Lobháin |
| Cineál | foclóir agus foclóir mínitheach |
| Cárta innéacs | |
| Údar | Mícheál Ó Cléirigh |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | Lováin |
Is é Foclóir nó Sanasán Nua le Michél Ó Cléirigh an chéad fhoclóir Gaeilge dar gcuireadh i gcló riamh.[1] Mínítear ann focail ársa a bhí imithe i léig agus focail doiléire le leaganacha Nua-Ghaeilge. Cuireadh i gcló i Lobháin i 1643 é.[nóta 1][2]

Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig béim nua ar an bhfocal scríofa i measc lucht léinn na Gaeilge i ndiaidh mheathlú na scoileanna.[3] Cuid mhaith de na daoine ar mhian leo Gaeilge a scríobh ón 17ú haois i leith, ní raibh an oiliúint acu sa teanga liteartha ba dhual do scríobhaí, dá bhrí sin bhíodh tóir acu seo ar ghraiméir agus foclóirí, áiseanna a raibh saineolas dá chuid féin ag baint lena gcruthú.[4]
Bhí na daoine a bhunaigh Coláiste San Antaine i Lobháin na Beilge (1603–1606) ach go háirithe chun tosaigh i ngluaiseacht seo na teangeolaíochta.[4] Ba mhó an cúram a thug na Proinsiasaigh do theagasc na Gaeilge scríofa ná aon dream eile ag an am.[5] Bhain líon mór de na hÉireannaigh a chuaigh go dtí an Coláiste sin leis an clanna traidisiúnta léinn.[4] Bhí muintir Uí Chléirigh ina n-ollúna ag Cineál Conaill agus ba i gColáiste San Antaine a chuaigh Michél Ó Cléirigh isteach san ord, uair éigin roimh 1623.[6]
Sa bhliain 1637, d'fhill Ó Cléirigh ar Lobháin tar éis dó breis agus deich mbliana a chaitheamh ina thír dúchais ag bailiú naomhsheanchais agus ábhar staire chun Annála Ríoghachta Éireann a scríobh.[6] B'fhéidir gur as bheith ag plé leis na sean-téacsanna sin a d'eascair Foclóir nó Sanasán Nua.[1] Foilsíodh i 1637 é agus ba é an t-aon leabhar dá chuid a chonaic sé féin i gcló.[6]
Bhí In Cath Catharda ina fhoinse thábhachtach ag Ó Cléirigh agus is as an téacs sin ar bhain sé cuid mhaith de na ceannfhocail a mhíníonn sé as sin dar le Mac Gearailt. Cuid de na samplaí úsáide a thugann Ó Cléirigh, is athfhriotail ó In Cath Catharda atá iontu. Tugann sé míniú ar chuid mhaith de hapax legomena an téacs sin .i. na focail nach bhfeictear áit ar bith eile.[7]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh an-tóir ag scríobhaithe ar fhoclóir Uí Chléirigh – cé gur cuireadh i gcló é is iomaí cóip de atá ar marthain i lámhscríbhinní freisin. Thuairimigh Harrison go raibh an dúil seo ag lucht a léite san fhoclóir mar gheall gur chabhraigh na focail ársa agus doiléire a bhí mínithe ann le lucht a léite agus téacsanna ársa á scrúdú acu.[2]
Foclóir an Phluincéidigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Risteard Pluincéad leas as foclóir Uí Chléirigh agus a shaothar mór an Foclóir Lainne ⁊ Gaoidheilge á thiomsú aige i mBaile Átha Troim. Chríochnaigh sé a fhoclóir siúd sa bhliain 1662.[1][2]
Foclóir Gaeilge an Bhailisigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Proinsias Bhailis (a rugadh c. 1654),[nóta 2] dhá fhoclóir i dtoll a chéile. Sa bhreis ar an bhFoclóir Laidnbhearlghaoidhilge, a chaith sé cúig bhliana déag air agus a chríochnaigh Tadhg Ó Neachtain tar éis a bháis, sa bhliain 1706 chríochnaigh an Bhailiseach féin ceann eile: "Nua-fhoclóir bog chruaidheach ina gcuirthear cruadhfhocail ar cháil éigin d'fhoclaibh chonnaircle nó boga na Gaoidheilge." Foclóir Uí Chléirigh agus é iompaithe droim ar ais a bhí ann sin.[nóta 3][8]
Foclóir an Laoidigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Edward Lhuyd leas as Sanasán Uí Chléirigh agus é ag tiomsú foclóra a d'fhoilsigh sé in Archaeologia Britannica (1707).[9]
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain an fealsamh Seán Ó Tuathaláin leas as Foclóir nó Sanasán Nua agus é i mbun a chuid taighde.[10]
Agus é ag tiontú In Cath Catharda go Béarla, bhí Whitley Stokes ag braith oiread nár bheag ar fhoclóir Uí Chléirigh.[7]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Harrison, Alan (1986). "Nótaí faoi Ghraiméir agus Foclóirí Scuitbhéarla i mBaile Átha Cliath 1700–1740". I Watson, Seosamh (eag.) Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe. BÁC: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, COBÁC. lgh 48–69.
- Harrison, Alan (1988). Ag Cruinniú Meala. BÁC: An Clóchomhar Tta.
- Gearailt, Uáitéar Mac. "In Cath Catharda: translation in translation in late Middle Irish and Early Modern Irish". in Donnchú, Ken Ó (eag.) (2022). Tintúd–Aistriú. Corcaigh: Cló Torna. lgh 50–119.
Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Amhlaigh, Liam Mac (2008). Foclóirí & Foclóirithe na Gaeilge. BÁC: Cois Life.
- Knott, Eleanor (1944). "'O'Clery's glossary' and its forerunners. A note on glossary-making in medieval Ireland." in O'Brien, Sylvester (eag.) Measgra i gcuimhne Mhichíl Uí Chléirigh. BÁC: Assisi.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Harrison (1986), lgh 51–52.
- 1 2 3 Harrison (1988), lgh 34–35.
- ↑ Harrison (1988), lch 30.
- 1 2 3 Harrison (1988), lch 31.
- ↑ Harrison (1988), lch 32.
- 1 2 3 Diarmuid Breathnach ⁊ Máire Ní Mhurchú. "Ó CLÉIRIGH, Michél (c.1592–1643)". ainm.ie.
- 1 2 Mac Gearailt (2022), lgh 73–74.
- ↑ Harrison (1986), lch 60. "Nua-fhoclóir bog chruaidheach ina gcuirthear cruadhfhocail ar cháil éigin d'fhoclaibh chonnaircle nó boga na Gaoidheilge. Arna scriobhadh ar urd aibghitre leis an Athair Fronsias Ualis, léughthóir diadhachta, anno 1706. . . ."
- ↑ Diarmuid Breathnach ⁊ Máire Ní Mhurchú. "LHUYD, Edward (1660–1709)". ainm.ie.
- ↑ Diarmuid Breathnach ⁊ Máire Ní Mhurchú. "TOLAND, John (1670–1722)". ainm.ie.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Ní raibh na síntí fada le feiceáil i gceannteidil an leabhair féin ach ní annamh iad a fheiceáil agus é faoi chaibidil ag an lucht léinn (féach Harrison 1986 lgh 51–52, Harrison 1988 lgh 34–35, Ó CLÉIRIGH, Lughaidh (c.1580–c.1630); cuir i gcomparáid áfach Ó CLÉIRIGH, Michél (c.1592–1643) agus LHUYD, Edward (1660–1709))
- ↑ Tugann Harrison 'Bhailis' ar an bhfear céanna. Bhíodh idir 'Walsh', 'Bhailis', agus 'Uailis' a thabhairt air i gcáipéisí a linne (Harrison, 1986, lch 60).
- ↑ CT H.3.12 (1331); cóip eile a rinne Seán Ó hÉideáin i 1739 ar marthain in ARÉ 23 D 21 (1) (Harrison 1986, lch 60).