Jump to content

Foclóir Manainnis–Gaeilge Uí Scanaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFoclóir Manainnis–Gaeilge
(ga) Foclóir Manainnis-Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfoclóir dátheangach, foclóir Ghaeilge agus foclóir Ghaeilge Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarCaoimhín Ó Scanaill Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge agus Gaeilge Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2016 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCadhan Aonair
CeadúnasCC BY 4.0 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gluais mór é Foclóir Manainnis–Gaeilge Chaoimhín Uí Scanaill. Is é an chéad leabhar dá leithéid dar foilsíodh riamh. Tá breis agus 20,000 ceannfhocal ann agus cuireadh comhartha ar na 225 focal Manainnise is coitianta nach léir a mbrí do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann. Is féidir cuardach a dhéanamh ar an bhfoclóir ar an láithreán gréasáin Intergaelic.[1][2][3]

Deir an tOllamh Ó Scanaill gur chun cabhrú le cainteoirí Ghaeilge na hÉireann an Mhanainnis a fhoghlaim a chruthaigh sé an foclóir agus chun constaicí cumarsáide idir na pobail teanga a ghlanadh sa treo is go ndéanfar "aon mhórphobal amháin" díobh.Deir sé freisin go bhfuil sé ag súil go n-osclóidh sé margaí nua do scríbhneoirí sna teangacha Gaelacha.[1][4]

Foilsíodh an foclóir faoi cheadúnas a ligeann do gach duine ar domhan an téacs a chóipeáil, a leasú agus a fhorbairt saor in aisce, fiú más ar son cuspóirí trádála é, a fhad agus a thugtar an t-aitheantas cuí don té a d'fhoilsigh, go scaiptear an táirge a bhunaítear air faoin gceadúnas céanna, agus ndéantar dornán coinníollacha eile a chomhlíonadh.[5][6]

Tionscadal corpasbhunaithe ab ea tiomsú an fhoclóra seo. Thiomsaigh Ó Scanaill corpas dátheangach Manainnis–Gaeilge, rud a bhí dúshlánach go leor, ach deir an tOllamh gur chuir sé "iontas" air an oiread téacsanna a bhí ar fáil sa dá theanga tar éis an tsaoil, ina measc úrscéalta a d'aistrigh Brian Stowell agus Natalie Nic Shím ó Ghaeilge na hÉireann.[1]

Sholáthar lucht labhartha na Gaelg téacsanna agus cúnamh dó, go háirithe Adrian Cain, Rob Teare, Phil Kelly, Chris Sheard, Caoimhín Ó Donnaíle, agus Ciarán Dunbar. Deir Ó Scanaill gur cuid de "chultúr na hathbheochana san oileán an oscailteacht seo".[1]

Tar éis fhoilsiú an fhoclóra, bhain Ó Scanaill leas as ailt a foilsíodh i Manainnis san iris stíl mhaireachtála NÓS mar aon le haistriúcháin chun feabhas a chur ar an inneall aistriúcháin.[3]

Tuairiscíodh go raibh an-tóir ar an bhfoclóir ach é a bheith ar fáil don phobal.[7]

Tugtar suntas don fhoclóir i gcomhthéacs an chomhoibrithe idir lucht cainte an dá theanga Gaelach agus i gcomhthéacs na teicneolaíochta teanga.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 Maitiú Ó Coimín (2016-02-04). "Foclóir Manainnis-Gaeilge foilsithe ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
  2. Maitiú Ó Coimín (2016-07-27). "Béaloideas na Manainnise ar fáil anois i nGaeilge". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
  3. 1 2 "Ábhar ó NÓS curtha le suíomh d'fhoghlaimeoirí Gaelg". NÓS (2018-11-20). Dáta rochtana: 2026-01-29.
  4. Maitiú Ó Coimín (2016-12-21). "#AnGhaeltachtDhigiteach – súil siar ar an ‘nGaeltacht’ ar líne in 2016". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
  5. Kevin Scannell (10 Feabhra 2016). "Cóipcheart". Foclóir Manainnis–Gaeilge: lch ii.
  6. "Deed - Attribution-ShareAlike 4.0 International - Creative Commons" (as Béarla). creativecommons.org. Dáta rochtana: 2026-02-15.
  7. "Frásleabhar Manainnise-Gaeilge foilsithe ag Kevin Scannell". NÓS (2021-01-05). Dáta rochtana: 2026-01-30.[nasc briste go buan]
  8. Maitiú Ó Coimín (2018-04-09). "Mór an feall nach mbíonn níos mó comhoibriú idir Gaeil Éireann is Mhanann". NÓS. Dáta rochtana: 2026-01-29.