Foclóir Lainne ⁊ Gaoidheilge
| Vocabularium Latinum et Hibernum | |
|---|---|
| Fotheideal | ar na sgríoḃaḋ ré bráṫair boċt dord .S. Foinsias, aḋon Risdeard Pluincéad a mainisteir Ḃaile Áṫa troim |
| Cineál | foclóir |
| Cárta innéacs | |
| Údar | Risteard Pluincéad |
| Teanga | an Ghaeilge agus an Laidin |
| Foilseachán | Baile Átha Troim |
| Seánra | lámhscríbhinn |
Is é Foclóir Lainne ⁊ Gaoidheilge an chéad fhoclóir dátheangach Gaeilge dar cuireadh ar fáil do lucht na teanga riamh. Is é Risteard Pluincéad a thiomsaigh an foclóir mór seo agus scríobh sé amach de láimh é. Tugann sé le fios gur i Mainistir Bhaile Átha Troim ar chríochnaigh sé an saothar sa bhliain 1662.[nóta 1][1][2]

Bhain Pluincéad leas as foclóir Uí Chléirigh agus é á thiomsú. Chríochnaigh sé an obair sa bhliain 1662.[2][3] Is cosúil go bhfuil cuid mhór dá chuid cumadóireachta féin san fhoclóir ach má tá féin, deir de Bhaldraithe go bhfuil sé iomlán d’fhocail údarásacha is de chaint a linne.[1]
Léiríonn réamhrá an Phluincéadaigh gurbh é a chuspóir "an Ghaeilge a chur ar fáil d’Éireannaigh a bhí ag déanamh faillí inti, nó éirithe aisti ar fad, agus feabhas is cumas na teanga a léiriú dóibh".[1]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cóip den fhoclóir anois i Leabharlann Marsh i mBaile Átha Cliath. Thug Narcissus Marsh, Ardeaspag Ard Mhacha, an foclóir ar iasacht d'Edward Lhuyd tuairim is leathchéad tar éis a scríofa.[3] Is air seo a bhunaigh seisean an foclóir a d'fhoilsigh sé in Archæologia Britannica.[4] Tugann de Bhaldraithe neart samplaí de na focail a bhfuil glacadh leo sa teanga anois i ngeall ar an gcóipeáil bhotúnach a rinne Lhuyd. 'Dialón' atá ag Pluincéad ach rinne Lhuyd 'dialon' de agus is mar sin atá 'dialann' againn; tá glactha le 'sorcóir' ar ‘cylinder’: 'roireoir' a bhí ag Pluincéad trí dhearmad pinn, b’fhéidir, in áit 'roileoir' ach rinne Lhuyd 'soircuior' de.[1]
Níl an Pluincéadach ar liosta na bhfoinsí in DIL. Fágann sé sin go bhfuil focail dá chuid nach bhfuil sa saothar mór sin. Is cosúil nár cheadaigh Pádraig Ua Duinnín é ach chomh beag.[1]
Is é breithiúnas de Bhaldraithe go mbaineann tábhacht leis an bhfoclóir "ó thaobh stair na teanga is na foclóireachta, ó thaobh na staire sóisialaí, agus ó thaobh a bhfuil le foghlaim ag lucht forbartha na teanga sa lá inniu".[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Harrison, Alan (1986). "Nótaí faoi Ghraiméir agus Foclóirí Scuitbhéarla i mBaile Átha Cliath 1700–1740". I Watson, Seosamh (eag.) Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe. BÁC: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, COBÁC. lgh 48–69.
- Harrison, Alan (1988). Ag Cruinniú Meala. BÁC: An Clóchomhar Tta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 6 Diarmuid Breathnach ⁊ Máire Ní Mhurchú. “PLUINCÉAD, Risteard (fl.1662) | ainm.ie”. An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- 1 2 Harrison (1986), lgh 52.
- 1 2 Harrison (1988), lch 35.
- ↑ Harrison (1988), lch 68.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Níl síneadh fada i teidil na lámhscríbhinne atá i Leabharlann Marsh. Cuir i gcomparáid PLUINCÉAD, Risteard (fl.1662)