Jump to content

Foclóir Gàidhlig–Gaeilge Uí Scanaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFoclóir Gàidhlig–Gaeilge
(ga) Foclóir Gàidhlig-Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfoclóir dátheangach, foclóir Ghaeilge agus foclóir Ghaeilge na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarCaoimhín Ó Scanaill Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2016 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCadhan Aonair
CeadúnasCC BY 4.0 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gluais mór é Foclóir Gàidhlig–Gaeilge Chaoimhín Uí Scanaill. Maítear go gclúdaíonn na 16,000 ceannfhocal atá ann breis agus 97% dá bhfuil i ngnáth-théacsanna Ghaeilge na hAlban.[1] Is féidir cuardach a dhéanamh ar an bhfoclóir ar an láithreán gréasáin Intergaelic.[2]

Deir an tOllamh Ó Scanaill chun cabhrú le cainteoirí Ghaeilge na hÉireann Gaeilge na hAlban a fhoghlaim agus chun idirghníomhaíocht a spreagadh idir an dá phobal teanga a chruthaigh sé an foclóir.[1][3]

Chuir sé comhartha faoi leith ar na 100 focal Gàidhlig is coitianta nach léir a mbrí do lucht Ghaeilge na hÉireann. Tugann sé le fios, ach an líon sin focal a bheith foghlamtha is féidir 85% de na focail i ngnáth-théacs Gàidhlig a thuiscint.[1][3]

Foilsíodh an foclóir faoi cheadúnas a ligeann do gach duine ar domhan an téacs a chóipeáil, a leasú agus a fhorbairt saor in aisce, fiú más ar son cuspóirí trádála é, a fhad agus a thugtar an t-aitheantas cuí don té a d'fhoilsigh, go scaiptear an táirge a bhunaítear air faoin gceadúnas céanna, agus go ndéantar dornán coinníollacha eile a chomhlíonadh.[4][5]

D'eascair an foclóir as obair a bhí á déanamh ag an Scanallach ar inneall aistriúcháin uathoibríoch a fhorbairt don dá theanga, rud a d'fhás as a Chaighdeánaitheoir Gaeilge, ach é a chur in oiriúint don sprioc seo. Bhailigh Ó Scanaill corpas mór aonteangach Gàidhlig, agus ansin corpas dhátheangach Gaeilge–Gáidhlig. Lig sé sin dó na focail i dteanga amháin a fhreagraíonn d'fhocail áirithe sa teanga eile a aimsiú.[1][3]

Níl mórán frásaí ná abairtí samplacha sa leabhar, dá réir sin dúirt Ó Scanaill gur ceart smaoineamh faoi mar ghluais.[1]

Sa bhreis ar an obair corpasbhunaithe, baineadh leas as Gluais Albanach – Éireannach Chiaráin Uí Dhuibhín, a bunaíodh ar ailt, amhráin agus filíocht Gháidhlig a foilsíodh ar an nuachtán Lá. Thug saineolaithe lena n-áirítear Michael Bauer, Donncha King agus Caoimhín Ó Donnaíle comhairle agus cúnamh d'Ó Scanaill le linn an tionscadail.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 5 6 Maitiú Ó Coimín (2015-04-01). "Foclóir Gáidhlig-Gaeilge foilsithe ag an Ollamh Kevin Scannell ar líne". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-26.
  2. ↑ Maitiú Ó Coimín (2015-06-03). "‘InterGaelic’ – inneall aistriúcháin ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann ar fáil ar líne". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-26.
  3. 1 2 3 Tomaí Ó Conghaile (2015-05-13). "An PanGhael thú? Bain triail as seo!". NÓS. Dáta rochtana: 2026-01-29.
  4. ↑ Kevin Scannell (2 Meitheamh 2016). "Cóipcheart". Foclóir Gàidhlig–Gaeilge: lch ii.
  5. ↑ "Deed - Attribution-ShareAlike 4.0 International - Creative Commons" (as Béarla). creativecommons.org. Dáta rochtana: 2026-02-15.