Jump to content

Foclóir Breatnais–Gaeilge Joe Mitchell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFoclóir Breatnais – Gaeilge
Geiriadur Cymraeg – Gwyddeleg
Cineálfoclóir Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarJoe Mitchell Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge agus an Bhreatnais Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánAberystwyth Cuir in eagar ar Wikidata, 2017 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Foclóir Breatnais–Gaeilge Joe Mitchell an chéad fhoclóir cuimsitheach BreatnaisGaeilge dar cuireadh i gcló riamh. Thiomsaigh an Mistéalach é in Aberystwyth don chuid is mó agus bhí an Dr Diarmuid Johnson mar eagarthóir comhairleach air. Is í bean an Mhistéalaigh a eagarthóir neamhoifigiúil.[1][2][3][4]

Aberystwyth

Tá tuairim is 14,000 focal sa saothar agus deir an t-údar go bhfuil na focail "is coitianta sa Bhreatnais ann chomh maith le roinnt focal liteartha agus focail chanúnacha," mar aon le treoir i nGaeilge maidir le hathruithe tosaigh na Breatnaise, agus treoir i mBreatnais ar ghramadach na Gaeilge. Cuireadh an nodaireacht chéanna i bhfeidhm ann is atá le feiceáil i bhfoclóir Béarla–Gaeilge de Bhaldraithe.[1][5] Ceadaíodh foclóir Geraint Lewis, foclóir Néill Uí Dhónaill, agus go leor foinsí eile.[2]

Roimh fhoilsiú na foclóra seo ní raibh dá leithéid ar fáil ach Lexicelt (áis foghlama le ceachtanna agus samplaí fuaime atá ar fáil ar líne saor in aisce) agus an gluais Breatnais–Gaeilge in Dysgu Gwyddeleg leis an Dr Ian Hughes, ar athleagan é de Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail.[2]

Chaith an Mistéalach breis agus fiche bliain ag obair ar an bhfoclóir.[2] Is í an easpa acmhainní foghlamtha a bhí ar fáil do lucht labhartha na Breatnaise agus é féin ag tabhairt faoin nGaeilge a spreag é cromadh ar an foclóir seo a chur i dtoll a chéile an chéad lá.[1][2] Seoladh an leabhar i mbialann Medinas in Aberystwyth sa bhliain 2017.[2]

Bhí trácht ann ar an foclóir a chur in oiriúint don idirlíon.[2]

Tá an leabhar ar fáil le ceannach ar líne agus i siopaí sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn amhail Llyfrau Ystwyth Books, Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge agus an Ceathrú Póilí.[1][5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]