Jump to content

Flook (grúpa ceoil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFlook
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1995, an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1995 –
SeánraCeol na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinflook.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: flookquartet X: flookquartet Instagram: flookquartet Youtube: UCM00ZVDF5G1AR76lBqHmlkQ Spotify: 3AtiX3mgmF2cKIeigOGyf6 Musicbrainz: f3b1c7df-da20-42e6-9096-e43f186482a4 Songkick: 39528 Discogs: 795860 Cuir in eagar ar Wikidata

Is grúpa ceoil iad Flook atá i mbun ceannródaíochta i gcúrsaí ceoil le deich mbliana fichead, fuinniúlacht bhríomhar á fhí acu leis an tsamhlaíocht ina gcuid ceolmhaireachta. Sa bhliain 1995 a cuireadh an banna ar bun le ceathrar ceoltóirí as Éirinn agus as Sasana. Is furasta fuaim feadóige agus fliúite Brian Finnegan agus Sarah Allen, máistreacht rithime Ed Boyde ar an ngiotár agus bodhránaíocht shainiúil John Joe Kelly a aithint. Bíonn na foinn chasta fite go caolchúiseach ina gcuid ceoil le séiseanna seasta ionas go gcruthaítear cumasc ar leith idir an traidisiún agus an nuáil a bheireann ar an lucht éisteacha i gcéin is i gcóngar.

Tá cúig cinn d’albaim stiúideo eisithe acu — Flatfish (1999), Rubai (2002), Haven (2005), Ancora (2019), agus Sanju (2025) — ar mór an moladh ag léirmheastóirí orthu agus leanann Flook de theorainneacha an tseancheoil a thástáil an tráth céanna a gcloítear go dílis leis an mbunrud. Tarraingíonn a gcuid ceolchoirmeacha caint ar bheocht agus ar shárchumas na gceoltóirí, ar shníomh snasta an chomhcheoil agus ar dhánaíocht agus ar shamhlaíocht an chóiriúcháin.

Cuireann gach duine den ghrúpa go tréan agus go tairbheach leis an iomlán. Brian Finnegan, ceoltóir clúiteach feadóige agus fliúite as Ard Mhacha a bhfuil cáil an mháistir air maidir lena chuid cumadóireachta chomh maith le saoirse agus lúfaireacht a chuid seanma. Sarah Allen, seinneann an altfhliúit ag cur sruthcheolta agus séiseanna freasúra le comhcheol sainiúil suntasach so-aitheanta an bhanna. Ed Boyd, duine de na giotáraithe de ghlúin na linne seo is mó a théann i gcion ar cheoltóirí eile mar gheall ar a chuid tionlacain agus John Joe Kelly a bhfuil athshamhlú ar úsáid an bhodhráin leis an gceol traidisiúnta tarraingthe aige.

Is fada aird ar cheolmhaireacht Flook agus ar mheon na nuála iontu agus ní raibh siad ach i dtús a ré nuair a bronnadh an gradam don Bhanna is Fearr orthu ag BBC Folk Awards na bliana 2006, rud a léiríonn chomh luath agus chomh mór agus a bhí siad tagtha ar an bhfód i measc na ngrúpaí ceoil is spleodraí agus is so-aitheanta lena linn féin. Bronnadh Grúpa Ceoil Ghradaim TG4 orthu sa bhliain 2025.


Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]