Jump to content

Fliú éanúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fliú na nÉan)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarFliú éanúil
cuir in eagar
Cineálfliú, galar víreasach tógálach, galar scamhóige, Orthomyxoviridae infectious disease (en) Aistrigh, galar éan, galar agus pandemic and epidemic-prone diseases (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisleigheas análaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cliniciúil
Comharthaímasmas, niúmóine, urlacan agus buinneach Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-111E31 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-10J09.009.0 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9488.0488.0 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0278800 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB6791 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus007263 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine2500029 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD005585 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet454836 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0016627 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:4492 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar an-ionfhabhtaíoch víreasach a chuireann isteach ar éanlaith clóis agus éin eile is ea an fliú éanúilfliú na n-éan.[1][2] Galar víreasach an-tógálach is ea an fliú éanúil a chuireann isteach ar chóras riospráide, ar chóras díleá agus ar néarchóras na n-éan a tholgann é.[3] Scaiptear é trí ghluaiseacht na n-éan ionfhabhtaithe nó tadhall lena dtáil siúd. Timpeall 100 cineál den ghalar ann. Is é H5N1 an cineál is marfaí fós.[4] Tolgann ainmhithe eile an fliú éanúil freisin ach níor tuairiscíodh riamh go dtí seo ach an fíor-chorrchás i measc daonnaithe.[3]

Eipidéimeolaíocht, Feabhra 2006
2007, Sasana
Cois Coinne,[5] Cóbh

Ní féidir leis an gcuid is mó de na víris H5 aistriú do dhaoine. Tháinig H5N1 chun cinn den chéad uair i 1997 i Hong Cong agus cailleadh 1.5 milliún éanlaith clóis, ón ngalar féin agus trí iad a scriosadh chun cosc a chur ar scaipeadh an ghalair.

Tháinig sé chun cinn arís i 2003 sa Chóiré, agus leath amach chuig tíortha eile san Áise.

I 2005/6 fuarthas cásanna in oirthear na hEorpa, agus faoi dheireadh na bliana sin bhí 70 duine básaithe aige.

Ar 3 Eanáir 2014, cailleadh duine Ceanadach trí fliú éanúil, an chéad duine a bhfuair bás i Meiriceá Thuaidh.[6]

Sa bhliain 2022, bhí an fliú éanúil tolgtha ag turcaithe i gCo Mhuineacháin, srl.[7]

I dtús 2025, bhí Fliú na nÉan ar éanacha fiáine ar oileán na hÉireann. Cuireadh suas le 60,000 éan de mhaith an tsaoil i gCo.Thír Eoghain. Bhí imní ann go raibh an galar beo i measc éanlaith clóis ó thuaidh den teorainn mar atá sa Bhreatain. Is i gcontaetha Mhuineacháin agus an Chabháin atá formhór na bhfeirmeacha móra cearc i bPoblacht na hÉireann.[8]

I mí Mheán Fómhair 2025, fuarthas roinnt éan marbh san anaclann éanlaithe sa Loch i gcathair Chorcaí agus léirigh tástálacha gur fliú éanúil ba thrúig bháis dóibh. Cuireadh in iúl do dhaoine a thug cuairt ar an anaclann gan lámh a leagan ar éin atá marbh nó tinn, agus gan lámh a leagan ar aon chleití curtha agus madraí a fhágáil sa bhaile nó a choimeád ar iall.[3]

  1. i mBéarla, bird flu, avian influenzafowl plague
  2. https://extrag.ie/+(2024-04-18).+"‘Abhar imní ollmhór’ é fliú na n-éan (bird flu), a deir WHO" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-04-21.
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2025-09-23). "Fliú éanúil in anaclann éanlaithe i gCorcaigh" (as ga-IE). 
  4. Hussey, Matt (2011). "Fliú éanúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 276.
  5. "Cois Coinne/Cuskinny" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-09-23.
  6. "First Human Avian Influenza A (H5N1) Virus Infection Reported in Americas". (en)
  7. Naucht RTÉ (2022-11-23). "An fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i Muineachán" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2025-02-21). "Sampla diúltach do Fhliú na nÉan gar don teorainn" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]