Fliú éanúil
![]() ![]() | |
Cineál | fliú, galar víreasach tógálach, galar scamhóige, Orthomyxoviridae infectious disease (en) ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | leigheas análaithe ![]() |
Cliniciúil | |
Comharthaí | masmas, niúmóine, urlacan agus buinneach ![]() |
Aicmiú | |
ICD-11 | 1E31 ![]() |
ICD-10 | J09.009.0 ![]() |
ICD-9 | 488.0488.0 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0278800 ![]() |
DiseasesDB | 6791 ![]() |
MedlinePlus | 007263 ![]() |
eMedicine | 2500029 ![]() |
MeSH | D005585 ![]() |
Orphanet | 454836 ![]() |
UMLS CUI | C0016627 ![]() |
DOID | DOID:4492 ![]() |
Galar an-ionfhabhtaíoch víreasach a chuireann isteach ar éanlaith clóis agus éin eile is ea an fliú éanúil nó fliú na n-éan.[1][2]
Scaiptear é trí ghluaiseacht na n-éan ionfhabhtaithe nó tadhall lena dtáil siúd.
Timpeall 100 cineál den ghalar ann. Is é H5N1 an cineál is marfaí fós, agus is féidir é a aistriú do dhaoine.[3]

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní féidir leis an gcuid is mó de na víris H5 aistriú do dhaoine. Tháinig H5N1 chun cinn den chéad uair i 1997 i Hong Cong agus cailleadh 1.5 milliún éanlaith clóis, ón ngalar féin agus trí iad a scriosadh chun cosc a chur ar scaipeadh an ghalair.
Tháinig sé chun cinn arís i 2003 sa Chóiré, agus leath amach chuig tíortha eile san Áise.
I 2005/6 fuarthas cásanna in oirthear na hEorpa, agus faoi dheireadh na bliana sin bhí 70 duine básaithe aige.
Ar 3 Eanáir 2014, cailleadh duine Ceanadach trí fliú éanúil, an chéad duine a bhfuair bás i Meiriceá Thuaidh.[4]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2022, bhí an fliú éanúil tolgtha ag turcaithe i gCo Mhuineacháin, srl.[5]
I dtús 2025, bhí Fliú na nÉan ar éanacha fiáine ar oileán na hÉireann. Cuireadh suas le 60,000 éan de mhaith an tsaoil i gCo.Thír Eoghain. Bhí imní ann go raibh an galar beo i measc éanlaith clóis ó thuaidh den teorainn mar atá sa Bhreatain. Is i gcontaetha Mhuineacháin agus an Chabháin atá formhór na bhfeirmeacha móra cearc i bPoblacht na hÉireann.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, bird flu, avian influenza nó fowl plague
- ↑ "‘Abhar imní ollmhór’ é fliú na n-éan (bird flu), a deir WHO" (en-GB) (2024-04-18). Dáta rochtana: 2024-04-21.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fliú éanúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 276.
- ↑ "First Human Avian Influenza A (H5N1) Virus Infection Reported in Americas". (en)
- ↑ Naucht RTÉ (2022-11-23). "An fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i Muineachán" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-21). "Sampla diúltach do Fhliú na nÉan gar don teorainn" (as ga-IE).