Fioscaireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ríomhphost fioscaireachta as Gaeilge (a bhuí le Google Translate)

Is éard is fioscaireacht (Béarla: phishing; is féidir iascaireacht sonraí a thabhairt ar an bhfeiniméan seo freisin) ann ná fiosrú sonraí pearsanta ar an Idirlíon le mí-úsáid a bhaint astu. Mar shampla, is féidir don fhioscaire uimhir chuntais an duine a mhealladh uaidh chun a chuid airgid a ghoid.