Fiodh Ard, Loch Garman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilFiodh Ard, Loch Garman

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°11′43″N 6°50′00″W / 52.195333°N 6.83333°W / 52.195333; -6.83333
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde15 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie131843

Don bhaile Fiodh Ard i gContae Tiobraid Árann féach Fiodh Ard

Fiodh Ard nó Fiodh Ard ar Fharraige an t-ainm atá ag an mbaile seo

An brí atá ag an ainm seo ná  ‘Coillte Ard’ (High Woods[1]  as Béarla) nó ‘Fethard’ as Béarla.

Baile beag í ata Siar ó Dheas Contae Loch Garman in Éirinn. Tá sí suite ar an mbóthar réigiúnach ‘R734’ ar an taobh Oirthear den Leithinis Rinn Duáin idir Cuan Phort Láirge agus Cuan Bhanú.

De réir daonaireamh 2016[2], tá níos mó ná 311 duine ina gcónaí i bhFiodh Ard. Tá Fiodh Ard suite i dtoghcheantar Fiodh Ard i ndáilcheantar Contae Loch Garman.

Tugtar trácht ar Pharóiste Baile an Theampall i bhFiodh Ard sa deoise Rómhánach-Chaitliceach 'Deoise Fhearna'.

Na tionscail is mó ar a bhfuil an-tóír orthu i bhFiodh Ard ná na Tionscail Iascaireachta agus Tionscail Turasóireachta.


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áit le cuid mhaith tábhacht ab ea Fiodh Ard go háirithe san am atá caite. Úsáideadh mar Ionad thuirlingt na Normannaigh í i bhfad siar, i rith Ionradh na Normannaigh in Éirinn Sa dara haois déag. Is féidir na hiarmhairtí créthógála agus na daingnithe[3] ó Ré na Normannaigh a fheiceáil fós, sa lá atá inniu ann, ag Bá Dhún Dónaill, Deisceart Cheann Inn Ard.

Arís, Sa dara haois déag, tógaladh caisleán  ón ridire Normannaigh, Raymond le Gros. Tháinig an tEaspaig Fearna in oidhreacht air idir sin agus tráthas. Úsaideadh an caisleán mar easpagóideach, áit chónaí dos na hEaspaig. Tá fíor bheagáin fianaise nó fiú táispeántas ann den chaisleán sa lá atá inniu ann. Caibeáladh Abbot ón mbaile Dhún Bróithe agus Alexander Devereux, an tEaspaig Fearna, sa  séú haois déag  sa Teampall Dhíomóg. (Eaglais na hÉireann).

Bronnadh cairt ar Fhiodh Ard ó Séamus I, an rí Sasanach a bhí ann ag an am. Rinneadh Buirg Chathrach as Fiodh ard agus sheoladh beirt ballra Fiodh Ard chuig Pharlaimint na hÉireann roimh a dhíscaoileadh sa bhliain 1800/

Sa bhliain 1798, tógadh cuan ar shuíomh thuirlingthe trúpaí na Fraince le linn Cogaí Réabhlóid na Fraince.

An áitritheoir is sine atá ag an mbaile ná Daire Barden. Rugadh é i rith an Cré-Umhaois.Is féidir é a fheiceáil go fóill, timpeall an bhaile ag iománaíocht go hachomair.

Caisleán Fiodh Ard[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caisleán Fiodh Ard


Caisleán den chúigiú haois déag a raibh tógtha ar iarsmaí de shuíomh a bhí ann fadó.[4]

Tar éis teacht na hAngla-Normannaigh in Éirinn sa bhliain 1109, bronnadh an ceantar ar a bhfuil Fiodh Ard suite anois do ridire darb ainm Harvey de Montmorency. Thíolac sé an caisleán go Teampall Chríost, Canterbury, Sasana sa bhliain 1200 A.D.. D'órdaigh Canterbury go dtógtaí caisleán i bhFiodh Ard.[5] Caisleán Fiodh Ard atá againn inniu. Is féidir leat imeacht chun í a fheiscint saor in aisce.



Ainm an Bhaile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bád Tarrthála Helen Blake

Fiodh Ard a ghlaotaí ar Fhiodh Ard ar fharraige ar dtús, ach tháinig athrú leis an gcéad leagan de dheasca bádh ar fharraige nuair a iompaigh béal faoin mbád tarrthála ‘Helen Blake’, sa bhliain 1914. Bhí sí ag tabhairt faoi mhisean slándáil chuig an scúnar Mheicsiceach a bhí timpeall ar Oileán na gCaorach. Bádh naonúr de mhuintir na criú báid tarrthála agus mhair cúigear dóibh[6]

Bhí flosc comhbhrón don bhaile. Tháinig airgead isteach ó gach cearn den domhan. Áfach, chuaigh chuid mhór den airgead go bhFiodh Ard i gContae Tiobraid Árann toisc an chosúlacht idir na hainmneacha atá acu. Dá bhri sin, athraíodh ainm an bhaile Fiodh Ard go Fiodh Ard ar Fharraige le idirdhealú a dhéanamh orthu.


Baghchat Fiodh Ard[7][cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomh Airteagal anseo[1]

I mí na Bealtaine 1957, rinne muintir Rómhánach-Chaitliceacha Fiodh Ard baghcat ar na gnólachtaí áitúila a bhain le Phrotastúnaigh de chuid an bhaile.

Tharla an baghcat mar fhreagra ar ghníomhaíocht bean Phrotastúnach ‘Sheila Cloney’. D’fhág sí a fear céile Caitliceach agus thóg sí a pháistí léi. Thóg sí na páistí léi mar bhí scanradh uirthi roimh an ard seans go gcuirfear brú ar na bpáistí freastal ar an Scoil Caitliceach áitiúil mar go nórdaigh an tEaspaig Caitliceach áitiúil orthu freastal ar an scoil.

Tugadh aird mhór agus aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an mbaghcat sula gcuireadh i gcrích é. Rinne an teaghlach mórtachas le chéile arís le deireadh thiar agus cuireadh na hiníon faoi scoláireacht sa bhaile.[8][9]


Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táirgeadh scannán bunaithe ar an Teaghlach Chluanaigh sa bhliain 1999. D’ainmníodh an scannán 'A Love Divided'. Tá príomhpháirt ag ‘Orla Brady’ inti, ar a bhfuil sí ag aisteoireacht mar ‘Sheila Cloney’.[10]

Tháinig mór chonspóid as an scannán le líomhnachas de hábhair a chuireadh i gcéill agus mífháisnéis stairiúla.[9] [11][12] Ní raibh an pobal sásta leis na heasnaimh fíricí tábhachtacha maidir leis an gcás féin.[13][14] Bhí súile na himscrúdaitheoirí iriseoire dírithe ar dhuine de na scríbhneoirí scannanaíochta. Cumannach ‘Gerry Gregg’, iarr bhall ‘Páirtí an Lucht Oibre (Éire)' a bhí cúisithe as freasaitheacht i dtreo an Eaglais Chaitliceach agus i dtreo Poblachtais Éireannach.

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fiodh Ard is ea an baile phríomhúil is gaire den Leithinis Rinn Duáin. Ionad turasóireachta í ar a bhfuil an-tóír agus aitheantas aici do Theach Solais Rinn Duáin agus do Loftus Hall.[15]


Teach Solais Rinn Duáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach Solais Rinn Duáin

Teach Solais Rinn Duáin is ea an teach solais is sine atá fós ag obair sa domhan. Tá sí ag seasamh le 846 bliana.

Tugtar turas treoraithe den teach solais go mbliantúil ar phraghas €6 do dhuine fásta. Tá caife, siopa bronntanas agus tasipeántas muirí ag bun an teach solais.


Loftus Hall[cuir in eagar | athraigh foinse]

Loftus Hall


Teach mór tuaithe ab ea Loftus Hall a raibh tógtha ar shuíomh Halla Réamainn. Deirtear gur teach siúil í agus go mbíonn taibhsí ann go minic. Bhí sé faoi úinéireacht phríóbháideach ag Michael Devereux ach anois tá sé faoi úinéireacht ag na Quigleys.

Osclaítear na doirse go mbliantúil do turais imscrúdú paranormálta faoi stiúir foireann saineolaithe. Tosnaítear ag a 8:30 i.n. go 2:30 r.n. do dhaoine atá ocht mbliana déag d'aois nó níos sine ar phraghas €66 an duine.

Díoltar tae agus caife idir gach sos.[16]



Iascaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bá Fiodh Ard

D'iascaireacht grinnill[2] thar ghainimh i mBá Fiodh Ard, gabhtar Leitheanna, Leathóg bhallach, Leathóg Bhreac agus Doingean Mara.

Ó am go chéile, sa taoide oíche[3], gabhtar Ga agus Fíogach ach bheadh an deis is fearr iad a ghabháil leis an úsáid Portán, Corr Ghainimh nó Ronnach mar bhaoiteáil.

Bíonn go leor Milléad ag lántaoide ag Cuan Fiodh Ard i míonna an tSamhraidh.[17]



Cúrsaí Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Círín CLG Fiodh Ard


Cumann Lúthchleas Gael, Fiodh Ard, Naomh Dhíomóg[4] is ea an t-ainm atá ag CLG Fiodh Ard. Bunaíodh í sa bhliain 1889. Club Sinsireach ab ea iad le foireann Iománaíocht, Camógaíocht agus Peil Ghaelach.[5]


Sa bhliain 2017, tháinig an fhoireann Iománaíocht gairid le Ceannais na hÉireann a bhuachaint tar éis Brother Pearses, Londúin a bhuachaint sa chluiche ceathrú ceannais agus Sylane, Contae na Gaillimhe a bhuachaint sa chluiche leathcheannais. Imríodh an Cluiche Cheannais i bPáirc an Chrócaigh i mí Feabhra 2018 ach bhuaigh Aird Mhór, Contae Phóírt Láirge iad san am breise.[18]


Iompar poiblí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bus Éireann

Soláthraíonn Bus Éireann Fiodh Ard le dhá bhus:

  1. Bealach 370[19]’ a fhorálann seirbhís comaitéara chuig Contae Phort Láirge tríd Bhealach Ros Mhic Thriúin ag bordáil ag 07:15 ó Dé Luain go Dé Sathairn agus filleadh iniatach sa tráthnóna agus;
  2. Bealach 373[20]’ a fhorálann seirbhís conascach comaitéara chuig nó go Contae Loch Garman tríd Droichead Eoin [6] don Mháirt amháin.
Iarnróid Éireann


Soláthraíonn Iarnróíd Éireann Fiodh Ard le traein ó Phóirt Láirge go mBaile Átha Cliath ag bórdáil ag a 6 a chloig sa mhaidin.



Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Liosta dos na stáisúin INRBT (nstitiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála)[7]
  • Liosta dos na mbailte agus sráidbhailte in Éirinn[8]
  • Mervyn A Ellison[9]
  • Wexford (Dáil constituency)[10]
  • Raymond FitzGerald[11]
  • Norman invasion of Ireland[12]
  • Bishop of Ferns[13]
  • Alexander Devereux[14]
  • Church of Ireland[15]
  • Fethard-on-Sea boycott[16]
  • Orla Brady[17]
  • Hook Lighthouse[18]
  • Hook Head[19]
  • Loftus Hall[20]
  • Fethard St Mogues GAA Club[21]
  • All-Ireland Senior Hurling Championship[22]
  • All-Ireland Senior Football Championship[23]
  • London Senior Hurling Championship[24]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cassells Gazetteer of Great Britain and Ireland Vol I/II A–C (sic)
  • McNeill, T. (1997). Castles in Ireland. London: Routledge. 1st eiditon, London, p280
  • Harris E. (2015) Beginning to Talk to ‘Billy’: Revising Southern Stereotypes of Unionism. In: Burgess T.P., Mulvenna G. (eds) The Contested Identities of Ulster Protestants. Palgrave Macmillan, London
  • Gaul, L. (2011). Songs, Ships and High Seas. The Past: The Organ of the Uí Cinsealaigh Historical Society, (31), 95-102. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/26221107
  • Robinson, J. (2005). Charles Frizell (1738-1812): A Surveyor in Co. Kildare. Dublin Historical Record, 58(1), 2-11. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/30101532
  • Elizabeth Anne Shotton, (2018) "Living in the clouds: conceptual reconstructions of harbour structures", Journal of Cultural Heritage Management and Sustainable Development, Vol. 8Issue: 4, pp.405-419, https://doi.org/10.1108/JCHMSD-08-2017-0052
  • Corish, P. (1970). The Diocese of Ferns and the Penal Days. The Past: The Organ of the Uí Cinsealaigh Historical Society, (8), 5-17. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/25519876
  • Census.cso.ie. (2018). [online] Available at: http://census.cso.ie/sapmap2016/Results.aspx?Geog_Type=ST2016&Geog_Code=BAFAF9B6-74CD-4DA6-BD58-EC9591EFBCDC [Accessed 6 Dec. 2018].
  • Colfer, B. (2004). The Hook Peninsula. Cork, Ireland: Cork University Press.
  • TripAdvisor. (2018). Fethard Castle (Fethard On Sea, Ireland): Top Tips Before You Go (with Photos) UPDATED December 2018 - TripAdvisor. [online] Available at: https://www.tripadvisor.ie/Attraction_Review-g642172-d1765512-Reviews-Fethard_Castle-Fethard_On_Sea_County_Wexford.html [Accessed 6 Dec. 2018].
  • Southeastireland.com. (2018). Fethard On Sea Wexford, Things to do in Fethard On Sea, Attractions in Fethard On Sea, where to stay and places to visit. [online] Available at: https://www.southeastireland.com/pfethardonsea-wexford-ireland.html [Accessed 6 Dec. 2018].
  • Southeastireland.com. (2018). Fethard On Sea Wexford, Things to do in Fethard On Sea, Attractions in Fethard On Sea, where to stay and places to visit. [online] Available at: https://www.southeastireland.com/pfethardonsea-wexford-ireland.html [Accessed 6 Dec. 2018].
  • Fishinginireland.info. (2018). Fishing in Ireland. An angler's guide to the best fishing in Ireland.. [online] Available at: http://www.fishinginireland.info/sea/south/bannow.htm [Accessed 6 Dec. 2018].
  • Foster, R. (2001). The Oxford history of Ireland. Oxford: Oxford University Press.
  • McNeill, T. (1997). Castles in Ireland. 1st ed. London, p.280.
  • Mcneill, T. (2000). Castles In Ireland. Hoboken: Taylor & Francis.
  • O'Connor, C. (2008). Mixed marriage, ‘a grave injury to our church’: An account of the 1957 Fethard-on-Sea Boycott. The History of the Family, 13(4), pp.395-401.
  • O'Keeffe, T. (1999). Townscape as text: the topography of social interaction in Fethard, county Tipperary, AD 1300-1700. Irish Geography, 32(1), pp.9-25.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Finnegan, Aengus (2017-09-28). "Cill in the Placenames Database of Ireland". OCLC 1008919376. 
  2. Príomh Oifig Staidrimh (4/12/18). "Daonaireamh Fiodh ard, ón bPríomh Oifig Staidrimh, 2016". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-02-16. Dáta rochtana: 2016.
  3. "Iarmhairtí Créthógála agus Daingnithe ós na Normannaigh" . doi:10.4324/9781315083049. 
  4. "Caisleán Fiodh Ard". Dáta rochtana: 2018.
  5. TripAdvisor (5/12/18). "Eolas faoi Chaisleán Fiodh Ard". Dáta rochtana: 2018.
  6. Ireland Calling (2016). "Scéal tubaiste bád tarrthálla Fiodh ard".
  7. Fiodh Ard/Fethard | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  8. "National Archives Press Clippings" (4/12/18).
  9. 9.0 9.1 "LOVE CONQUERS ALL; But for decades a village paid the price of | Sunday Mirror Newspaper | Find Articles at BNET". web.archive.org (2011-03-02). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-03-02. Dáta rochtana: 2018-12-04T18:30:12Z.
  10. Alan Moloney (9/1/16). "Achoimre ar 'A Love Divided' 1999". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-28. Dáta rochtana: 28/9/07.
  11. "Obituary: Sean Cloney | Independent, The (London) | Find Articles at BNET.com". web.archive.org (2008-03-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-03-08. Dáta rochtana: 2018-12-04T18:31:28Z.
  12. "Women in 20th-Century Ireland" (4/12/18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-03-02. Dáta rochtana: 1922–1966.
  13. "The Mayo News". www.mayonews.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-19. Dáta rochtana: 2018-12-04T18:35:43Z.
  14. "Religion: Fethardism" (en-US). Time (1957-08-19). Dáta rochtana: 2018-12-04T18:36:08Z.
  15. SouthEastIreland (5/12/18). "Turasóíreacht sa Thoir Theas". Dáta rochtana: 2018.
  16. Loftus Hall (5/12/18). "Eolas faoi Loftus Hall". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-09. Dáta rochtana: 2018.
  17. Fishing in Ireland (5/12/18). "Eolas faoin iascaireacht i bFiodh Ard". Dáta rochtana: 2018.
  18. Wexford GAA (5/12/18). "St Mogue’s Fethard Top Oil Intermediate A Champions". Dáta rochtana: 2017.
  19. Bus Éireann (4/12/18). "Bus Éireann, Amchláir bealach 370". Dáta rochtana: 4/12/18.
  20. Bus Éireann (4/12/18). "Bus Éireann, Amchláir bealach 373". Dáta rochtana: 4/12/18.[nasc briste go buan]