Fianaise starógach
Fianaise is ea fianaise starógach atá bunaithe ar eispéiris daoine aonair agus ar an méid atá feicthe acu féin, seachas ar shonraí a bhaileofaí go córasach.[1] Is ionann 'staróg' agus 'scéilín, píosa cainte gan aird'.[2]
Úsáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féadann an té atá ag déanamh taighde de réir an mhodha eolaígh úsáid a bhaint as fianaise starógach, más féidir a chruthú go bhfuil sí fíor agus má tá sí eimpíreach, m.sh. sa leigheas. Ní fianaise eolaíoch í an fhianaise starógach i gcónaí, áfach, cuir i gcás béaloideas nó staróga bréige. Nuair nach gcuirtear ach cúpla staróg (scéal) san áireamh, níor cheart brath orthu ar fhaitíos gur roghnaíodh iad thar chuntais eile mar gheall ar iad a bheith as an ngnáth.[3][4]
Dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]In imeachtaí dlí, is minic a ghlactar le fianaise starógach sna cúirteanna. Go deimhin, i go leor cásanna, is í an t-aon chineál fianaise a thugtar agus duine ar a thriail.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Porta, Miquel (2016-07-21), Porta, Miquel (ed.), "Anecdotal Evidence", A Dictionary of Epidemiology (as Béarla), Oxford University Press, doi:10.1093/acref/9780199976720.001.0001, ISBN 978-0-19-997672-0, aisghafa 2024-10-03
- ↑ Ó Dónaill agus Ua Maoileoin, 1991, An Foclóir Beag https://www.teanglann.ie/en/fb/star%c3%b3g
- ↑ Weiten, Wayne (2010). "Psychology: Themes and Variations". Wadsworth/Cengage Learning.
- ↑ Goodwin, C. James (2009). "Research in Psychology: Methods and Design". John Wiley & Sons.
- ↑ "The Judicial Learning Center".