Fiachra Casán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Fiachra Casán (Sean-Ghaeilge Fiachrae Casán[1]). Samhlaítear é le rí a fheictear sa ríliosta Buile Choinn, faoin ainm Fiechri, faighte idir Cairbre Lifechair agus roimh Dáire Dreachleathan.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na seanghinealach, mac Cholla Fochtríth ba ea Fiechri/Fiachra. Ní fheictear é sna ríliostaí na meánaoise, cé go ndeir siad gur sinsear na gCruithne é. Sna ginealaigh úd, tugtar treoir deartháireacha dó, Imchad, Finnchad agus Rochaid agus deirtear go raibh mac aige darbh ainm Fedelmid. Meastar gur sinsear iad a dheartháireacha de roinnt clann na gCruithne amhail is Uí Mhéith agus Uí Chriomhthainn, sinsear féin de ríthe Oiriall a mhaígh gur de shliocht Rochaide iad trí Chairbre Dam Arcait.

Sinsear ba ea Fiachra féin de ríthe na nOirthear. Faoin 8ú haois, ní raibh ach mion chumhacht pholaitiúil acu. Feictear a n-ainm fós, mar sin féin, ar dhá bharúntacht i gContae Ard Mhacha, Na hOirthir Uachtaracha agus Na hOirthir Íochtaracha.

D'fhéadfadh go raibh cumhacht níos mó acu le linn tréimhse níos ársa. Tuairiscítear i nAnnála Uladh don bhliain 520, gur cloíodh agus mharaigh Ardghal mac Conaill Uí Néill ag Muircheartach mac Earca agus a chomhghuaillí, rí na nOirthear Colcu Moo Cluethi, ag Détna sa Bhreá.[2]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Edel Bhreathnach, The kingship and landscape of Tara. Editor Four Courts Press for The Discovery Programme Dublin (2005), lch. 167-168.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 2 casán, dealg, ar eDIL
  2. Annála Uladh, AU 520.2