Jump to content

An Foclóir Nua Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fhoclóra Nua Gaeilge)
WD Bosca Sonraí LeabharAn Foclóir Nua Gaeilge
Cineálfoclóir ar líne, foclóir Ghaeilge agus foclóir mínitheach Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire
Dáta a bunaíodh9 Nollaig 2025
EagarthóirPádraig Ó Mianáin Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáinfocloir.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is foclóir den Ghaeilge chomhaimseartha é An Foclóir Nua Gaeilge, á thiomsú ag foireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge. Tá sé ar fáil ar Focloir.ie saor in aisce.[1][2] Gnáth-fhoclóir atá ann sa mhéid is go mínítear na ceannfhocail Ghaeilge sa teanga chéanna.[3][4] Bhí thart faoi 50-60% den mhór-fhoclóir réidh faoi dheireadh 2025 agus beifear ag cur leis sna blianta amach romhainn.[2]

Is é Pádraig Ó Mianáin eagarthóir sinsearach an fhoclóra.[2][5]Cormac Breathnach mar bhainisteoir ar Thionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.[1][6] Is í Edel Ní Chorráin Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta an Fhorais.[7]

Ceannáras Fhoras na Gaeilge a choimisiúnaigh an foclóir

Tá teacht ag an bpobal ar an bhFoclóir Nua Gaeilge i gcluaisín nua ar an suíomh gréasáin Foclóir.ie. Tá an FNBG ar fáil ar an suíomh céanna i gcónaí freisin[1][6] agus is féidir cuardach sa dá fhoclóir san am céanna, feidhm a thugann siad "cuardach uilíoch" air.[8] Chuir lucht an fhoclóra rompu foclóir ginearálta a chruthú "chun freastal ar phobal ilghnéitheach na Gaeilge ach le fócas ar leith ar phobal na scoileanna Gaeltachta agus an Ghaeloideachas."[5] Tá sé dírithe ar ghnáthúsáid na Gaeilge chomhaimseartha mar theanga beo.[9][10][6][11]

Bhí 20,000 ceannfhocal ar an bhFoclóir Nua Gaeilge in am a sheolta, agus 40,000 brí mínithe, líon a bheifear ag cur leis thar tréimhse de bhlianta. 30,000 ceannfhocal agus 80,000 brí ar fad a bheas san fhoclóir ach é a bheith críochnaithe.[10][12][13][6][14][15][1][2] Fágann sé sin go mbeidh sé ionchurtha ó thaobh fairsinge de le Croidhe Cainnte Chiarraighe, mór-fhoclóir lán-Ghaeilge a bhfuil 60,000 ceannfhocal ann.[16]

Bíonn ribín gramadaí sna hiontrálacha d’ainmfhocail, do bhriathra, agus d’aidiachtaí. Nuair a chliceáiltear air, léirítear sonraí gramadaí le nodanna bunaithe ar an gcóras a cheap Niall Ó Dónaill dá fhoclóir Gaeilge–Béarla. Maítear go bhfuil an ghramadach níos fusa a thuiscint ó na nótaí seo ná mar atá in An Caighdeán Oifigiúil.[2] Taispeántar 'iontrálacha gaolmhara' .i. iad siúd a bhfuil an ceannfhocal a cuardaíodh mar chuid díobhsan freisin.[2] Tá comhéadan an tsuímh ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla, de réir rogha an úsáideora.[17]

Tá saibhreas i nathanna Gaeilge nach léir a mbrí ó na focail aonair amháin, a bhfuil "blas, greann agus uigeacht na cainte" iontu.[9] Áirítear i measc iontrálacha an fhoclóra nua 'ceannfhocail' a bhfuil níos mó ná an t-aon fhocal amháin iontu (leithéidí 'deireadh seachtaine', 'spéaclaí gréine', agus 'alt úll agus cuas', chomh maith le frásaí agus seanfhocail), rud a thugann an t-úsáideoir go dtí an mhíniúcháin níos furasta ná mar a rinne a réamhtheachtaithe, dar le lucht a thiomsaithe. Beidh focail iasachta ann freisin amhail 'ad hoc' agus 'cappuccino', iad sonraithe leis an lipéad 'iasacht' agus mínithe i nGaeilge mar is gnách.[10][12][5][18][14][11][19][2] Sa chás gur léir go bhfuil litriú Gaelaithe den fhocal céanna in úsáid ag pobal na Gaeilge mar aon leis an mbunleagan iasachtach, cuirfear an dá leagan sa bhfoclóir nua.[nóta 1][6] Rinneadh cinneadh maidir le sainmhíniúcháin: "má thig an t-eolas a chur i láthair ar bhealach atá so-úsáidte ach nach bhfágfaidh go gcaillfidh an léitheoir toil na beatha, déanfar sin."[2]

Áirítear focail iasachta áirithe amhail cappuccino i measc iontrálacha an fhoclóra nua[18]

Tá bheith istigh mar cheannfhocail iontu féin san Fhoclóir Nua Gaeilge ag roinnt mhaith focal canúnach mar 'fata' agus 'bomaite', focail a bhí "beáráilte go dtí seo" i bhfocail an Mhianánaigh.[nóta 2] Cuireann lucht an fhoclóra rompu "na focail ardmhinicíochta i gcanúintí uile na Gaeilge" a sholáthar lena ndlisteanacht a chur in iúl.[18][19][2][20] Gné thábhachtach é seo, nó léiríonn taighde "go dtagann constaicí chun cinn i measc phobal na Gaeltachta" mura dtugtar aitheantas d'éagsúlacht dá leithéid.[21] Tá nótaí úsáide sa bhfoclóir nua a léiríonn gnéithe de ghnáthúsáid na teanga maidir le cúrsaí gramadaí, réime, agus stíle.[10][18][19][2][11]

Is iad forainmneacha iolra atá in úsáid san fhoclóir nua i gcásanna ina bhféadfadh fear nó bean a bheith i gceist. Deir an fhoireann gur nós é seo atá ag teacht i gcúrsaíocht sa Ghaeilge mar a bhaineann sé le teidil gairme agus a leithéid, agus a bhfuil níos slachtmhaire ná coinbhinsiúin eile úsáidtear sna cásanna seo.[19]

Léirigh suirbhé a chuir Éilis Uí Mhuirneáin i gcrích i 2010 go raibh éileamh ó dhreamanna éagsúla de phobal na Gaeilge ar fhoclóir lán-Ghaeilge.[22] Maítear scaití gurb é an "príomhriachtanas" é ó thaobh foclóireachta de[23] agus go bhfuil a leithéid le fáil "in achan teanga ar domhan atá ag saothrú mar nua-theanga", gur sainchomhartha é den aibíocht teanga.[24][9] Go "síceolaíoch", a deir Ó Mianáin, b'í teachtaireacht a bhí na Gaeil ag fáil le fada ná "go raibh an t-eolas le fáil i seomra an Bhéarla."[12]Liam Mac Amhlaigh ar aon fhocal leis faoin "timthriall" sin.[9] Chomh maith le foghlaimeoirí, scríbhneoirí, neacha léinn agus araile,[9][25][26] táthar tar éis suntas a dhéanamh ar thábhacht an fhoclóra don tuismitheoir freisin.[27] Go deimhin, bhí easpa fhoclóra aonteangaigh Gaeilge luaite ar fhaillí an Stáit i leith na Gaeltachta i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002).[28]

Bíodh gur cuireadh fáilte chroíúil roimh an mórfhoclóir aonteangach Croidhe Cainnte Chiarraighe nuair a foilsíodh é faoi dheoidh sa bhliain 2018 a bhuí leis an Dr Tracey Ní Mhaonaigh,[16] ní móide gur líon an foclóir réamh-chaighdeánach sin ná leithéidí Fhoclóir Uí Cadhain an bhearna go hiomlán, nó luaigh taighdeoirí de chuid Ghaois go raibh lucht na Gaeilge fós gan "mhórfhoclóir aonteangach comhaimseartha" go sonrach sa bhliain 2021.[29] Nuair a foilsíodh an CEID, chuir léirmheastóirí fáilte roimhe agus mar fhocal scoir léirigh go rabhthas ag súil le "foclóir a chuirfidh béim ar shaibhreas na Gaeilge seachas í a lonnú i gcomhthéacs an Bhéarla."[30] Mar an gcéanna, mhaígh an taighdeoir Dónall Ó Braonáin go gcuirfeadh foclóir aonteangach "faobhar scine ar ghinchumas lucht scríofa na teanga":[21]

"Tonnbhriseadh a bheadh ann ar chleachtais litearthachta – ar leic an teallaigh, sa seomra ranga, in áit ar bith a gcuirtear peann le pár. Cuidíonn úsáid foclóra linn léirthuiscint a fhorbairt ar chineálacha, stíleanna agus réimeanna difriúla teanga. Cuireann foclóirí le heolas agus feasacht ar an uile ghné de chód scríofa na teanga – litriú, comhréir, gramadach – agus tugtar treoir don chluas freisin a bhuíochas de bhunachar foghraíochta ar ardáin leictreonacha."[21]

Agus an foclóir nua i riocht a fhoilsithe, dhearbhaigh an fhoireann go raibh foclóir aonteangach á éileamh ó phobal na Gaeilge "le breis agus céad bliain anuas" agus gur "folúntas mór" a bhí ina uireasa.[2][6] Deir siad go raibh tóir mhór ar a leithéid á cur in iúl dóibh: "Aon uair a théann muid i láthair phobal na Gaeilge, an rud a chloisimid i gcónaí ná go bhfuil géarghá le foclóir aonteangach Ghaeilge. Focail as Gaeilge, mínithe as Gaeilge."[4][12] Tá siad ar aon aigne leo sin go bhfuil foclóir cuimsitheach aonteangach riachtanach d'fheidhmiú na Gaeilge mar "theanga acmhainneach nua-aimseartha".[4][31]

Fógraíodh sa bhliain 2015 go raibh sé i gceist ag an bhForas foclóir Gaeilge–Gaeilge a chur i dtoll a chéile.[32][20] Luadh réiteach an tsuímh focal.ie (nua) i 2018 mar chuid den ullmhúchán roimh fhorbairt na bhfoclóirí nua.[33]

Ceapadh Cormac Breathnach ina bhainisteoir ar thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge i 2019 agus an FNBG idir láimhe acu.[34] Cheadaigh an Foras maoiniú cúig bliana do na mórthionscadail foclóireachta i 2021.[35]

Tús an tionscadail

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús leis an tionscadal i mí Mheán Fómhair 2022 faoi stiúir phríomheagarthóir foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Pádraig Ó Mianáin agus Chormaic Bhreathnaigh. Thart faoi aon duine dhéag a bhí ag obair ar an bhfoclóir ón uair sin i leith, idir fhoireann lánaimseartha agus fhoireann pháirtaimseartha.[1][14][11][10][13]

Ní dhearnadh an cinneadh dhul i bpáirt le Foclóir Stairiúil na Gaeilge (.i. tionscadal foclóireachta lán-Ghaeilge ARÉ ar cuireadh tús leis sna 1970idí[36][37][3][38][39][40]), ach tograíodh foclóir "úrnua, scríofa as an bpíosa" a chruthú.[41]

Ceapadh Edel Ní Chorráin ina Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta i bhForas na Gaeilge go luath i 2023.[7]

Réamhfhéachaintí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roinneadh roinnt samplaí de dhréacht-iontrálacha an fhoclóra ar na meáin shóisialta i Samhradh na bliana 2024.[17][19]

Tugadh léargas ar an bhFoclóir Nua Gaeilge féin agus ar obair an Tionscadail Foclóireachta in imeacht dá gcuid, "Focal Ar Fhocal", ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste.[42][19][2][5][1] Míníodh go raibh an foclóir aonteangach á chur chun tosaigh ar an bhFoclóir Nua Gaeilge–Béarla ionas go mbeadh deis aige "fréamhú" agus "análú sa timpeallacht".[2][5]

Sheol an tUachtarán Catherine Connolly An Foclóir Nua Gaeilge i Músaem Imirce na hÉireann (Epic)[nóta 3] ar Ché Theach an Chustaim i mBÁC[1]

Is í Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a sheol An Foclóir Nua Gaeilge i Músaem Imirce na hÉireann[nóta 3] i mBÁC ar an 9ú Nollag 2025. 20,000 ceannfhocal a bhí sa bhfoclóir in am a sheolta, agus na bríonna ar fad a bhaineann leo siúd ar fáil ón gcéad lá riamh. Bhí idir iontrálacha móra agus iontrálacha beaga ann. Leanfar ar aghaidh leis an obair foclóireachta go fóill go dtí deireadh na tréimhse maoinithe.[10][12][13][9][6][14][15][11][1][2][43]

Ag trácht di ar an bhfoclóir Gaeilge nua, dúirt an tUachtarán Connolly:

“Is uirlis riachtanach in aon teanga bheo é mórfhoclóir comhaimseartha sa teanga sin, ina bhfuil an teanga agus dúchas na teanga sin á sainmhíniú ina focail féin agus ag a pobal féin, seachas a bheith de shíor á sainmhíniú trí mheán teanga eile. Cuireann an foclóir nua seo an Ghaeilge agus a pobal ar comhchéim le teangacha agus le pobail teanga eile ár linne, agus tá acmhainní foclóireachta na Gaeilge anois ina n-eiseamláir dhea-chleachtais ag teangacha mionlaithe eile ar fud an domhain.”[11][15][12]

Dhearbhaigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn gur "chonstaic gan ghá roimh an bhfoghlaim" ab ea an spleáchas ar fhoclóirí a mhínigh focail Ghaeilge i dteanga eile, agus gur "mhúnlaigh sé an chaoi a bhfaigheadh Gaeilgeoirí eolas ar an domhan mór" go n-uige seo. Dá réir sin, thug sé "cor chinniúnach" ar fhoilsiú an fhoclóra seo.[11][10][13] Dúirt Ó Mianáin gur dhóigh leis go n-athródh sé seo meon daoine i leith na Gaeilge.[12]

Bhí fáilte mhór ag na Gaeil roimh an bhfoclóir nua.[12]

Athrú "ó bhonn" do phobal úsáidte na Gaeilge a tugadh air seo ar TheJournal.ie.[10]

"Lá mór do na Gaeil" a bhí ann dar le RTÉ, a thug togra "ceannródaíoch" air.[15]

Chuir NÓS fáilte roimh an bhfoclóir nua: "Saol trí Ghaeilge atá uainn, Foclóir Gaeilge-Gaeilge atá againn… cad é an chéad chéim eile i bhfíorú na haislinge?"[11]

Thug Seachtain "cloch mhíle shuntasach" air "do chainteoirí Gaeilge ar gach leibhéal".[12]

"Ceann de na forbairtí is tábhachtaí i dtírdhreach na Gaeilge le blianta fada" a thug Liam Mac Amhlaigh air ar Scéal, agus bhaist "an chéad phríomhfhoclóir aonteangach digiteach Gaeilge" air.[9] Ar an bpáipéar céanna thug Harry McGee "ceann scríbe" air, gur "deacair a chur in iúl a thábhachtaí agus a chinniúnaí atá sé."[44]

Thug Tuairisc "éadáil bhreá don phobal teanga" ar é a bheith seolta go gairid roimh na Nollag.[45]

Chuir lucht an fhoclóra rompu foclóir ginearálta a chruthú.[5]

I rith na tionscadail seo tá an béim á chur ar an teanga mar atá sí á húsáid le déanaí amháin.[6] Baineann lucht na bhfoclóirí úsáid as corpais teanga gur féidir anailís staitistiúil a dhéanamh orthu chun meastachán a dhéanamh ar céard iad na focail atá sa rith faoi láthair agus céard iad na cinn nach bhfuil forleathan a thuilleadh.[4] Fágann an cur chuige seo go bhfaightear sa bhfoclóir "caint laethúil, meáin chomhaimseartha, téarmaí sóisialta agus cultúrtha níos nuaí, agus focail iasachta idirnáisiúnta".[9] I 2020 bhí taighdeoirí Ghaois tar éis an corpas 77.3 milliún focal den Ghaeilge chomhaimseartha, CFG2020, a thiomsú mar réamhchéim ar thionscadal níos leithne corpais. B'é 6% an sciar tras-scríbhinní ón bhfocal labhartha. Bhain formhór na dtéacsanna leis an dtréimhse ó chasadh an chéid i leith. Bhí sé mar bhunsprioc an tionscadail sin go mbeadh sé úsáideach agus foclóirí nua á bhforbairt.[29]

Nuair a chéad-fhógraíodh an tionscadal seo dúirt Foras na Gaeilge nach bhféadfaí foclóir aonteangach a bhunú ar fhoclóir Béarla–Gaeilge agus dá réir sin go ndéanfaí na ceannfhocail agus bríonna a roghnú trí bhíthin an taighde corpasbhunaithe.[32] Tá obair déanta ar nathanna ilfhoclacha na Gaeilge a aithint agus a phróiseáil m.sh. ag Katie Ní Loingsigh[46] agus Abigail Walsh.[47] Ar deireadh thiar, b'iad aonaid chéille an FNBG agus iad aisiompaithe a baineadh úsáid astu mar chreatlach an fhoclóra nua aonteangaigh.[41]

Plean don todhchaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor cuireadh ach 50-60% den Fhoclóir Nua Gaeilge ar fáil in am a chéid-sheolta.[2] Beifear ag leanúint leis an obair sna blianta atá romhainn agus ceannfhocail nach raibh sa chéad ghála iontrálacha á gcur leis de réir a chéile go dtí deireadh an tionscadail i mí Lúnasa 2027, rud nach bhféadfaí a dhéanamh go sásúil le foclóir clóite. Táthar ag súil leis go mbeidh isteach is amach le 30,000 ceannfhocal agus 80,000 brí ach an tionscadal a bheith thart.[10][6][1][2][42]

Is ar líne amháin atá an Foclóir Nua Gaeilge ar fáil.[10][14][15] Tá sciar tráchtairí ag súil leis go bhfoilseofar an foclóir i bhfoirm chlóite níos faide anonn, mar a rinneadh leis an bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge cheana.[17][19][9] Níl aon phlean ag an bhForas leagan aipe den fhoclóir a fhorbairt.[48]

Agus é ag caint ag Siompóisiam Foclóireachta i 2021, mhol Ó Braonáin go gcuirfí leis na taifid fuaime sna trí mhórchanúintí a bhí ar Foclóir.ie cheana le "saintacair theoranta" de thrí chanúint ar leith (Iorras, Cúil Aodha, ⁊ an Rinn / an Seanphobal).[21] Luaigh Mac Amhlaigh sa bhliain 2010 nach raibh fáil ag pobal na Gaeilge ar fhoclóir aonteangach a mhíneodh díorthuithe na bhfocal.[38]

Mhol Ó Braonáin freisin an reachtaíocht a threisiú ionas go gcuirfí "bonneagar buan" faoin fhoclóireacht ar bhonn neamhspleách ón bhForas ó thaobh maoinithe de.[21] Éilíonn athbheochan teanga infheistíocht leanúnach agus thacódh foclóir aonteangach "cothrom le dáta" le turgnamhaíocht agus nuálaíocht dar le Liam Mac Amhlaigh, de réir mar a fhásann an Ghaeilge léi ar na meáin shóisialta, i bpodchraoltaí, i dtionscnaimh ealaíon, agus i bhfoirmeacha nua siamsaíochta. Ní mar "shéadchomhartha críochnaithe" a chuirtear an An Foclóir Nua Gaeilge i láthair ach mar thionscadal beo.[9]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirmheasanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 Maitiú Ó Coimín (1 Nollaig 2025). "An chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge le seoladh ag an Uachtarán Catherine Connolly". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 2.11 2.12 2.13 2.14 2.15 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2025). "40,000 iontráil le foilsiú ar an bhfoclóir nua Gaeilge faoi dheireadh na míosa". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  3. 3.0 3.1 Caoilfhionn Nic Pháidín (2008). "Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology" (as Béarla). A New View of the Irish Language: lch 96. BÁC: Cois Life. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Éanna Ó Caollaí (16 Bealtaine 2022). "Abhóga chun tosaigh: foclóirí nua ar na bacáin". The Irish Times: lch 8. 
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 Michelle Nic Pháidín (4 Samhain 2025). "Blaiseadh de na foclóirí nua". Scéal: lch 3. 
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 6.6 6.7 6.8 Bill Breathnach (09 Nollaig 2025). "Foclóir úrnua aonteangach ar fáil". Scéal: lch 1. 
  7. 7.0 7.1 "Stiúrthóir foilsitheoireachta agus foclóireachta nua ceaptha ag Foras na Gaeilge". Tuairisc.ie (17 Eanáir 2023). Dáta rochtana: 2025-12-07.
  8. "An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, Foras na Gaeilge". focloir.ie. Dáta rochtana: 2025-12-09.
  9. 9.00 9.01 9.02 9.03 9.04 9.05 9.06 9.07 9.08 9.09 Liam Mac Amhlaigh (16 Nollaig 2025). "Seoid foclóireachta: uirlis cheannródaíoch teanga". Scéal: lch 17. 
  10. 10.00 10.01 10.02 10.03 10.04 10.05 10.06 10.07 10.08 10.09 Concubhar Ó Liatháin (2025-12-09). "20,000 focal Gaeilge sa chéad chuid d'fhoclóir nua aonteangach a sheolfar inniu". TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2025-12-09.
  11. 11.0 11.1 11.2 11.3 11.4 11.5 11.6 11.7 Conor Torbóid (2025-12-09). "Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly leis 'An Foclóir Nua Gaeilge' a sheoladh inniu". NÓS. Dáta rochtana: 2025-12-09.
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 12.5 12.6 12.7 12.8 Roibeard Mac Maoláin (10 Nollaig 2025). "Cuireann an foclóir nua na Gaeil ar comhchéim, a deir an tUachtarán". Seachtain: lch 6. 
  13. 13.0 13.1 13.2 13.3 "Ócáid stairiúil don Ghaeilge agus foclóir ceannródaíoch á sheoladh" (12 Nollaig 2025). An Páipéar. 
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 "Foclóir nua Gaeilge ar fáil ar líne ó inniu". Nuacht RTÉ (2025-12-09). Dáta rochtana: 2025-12-09.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 15.4 "Lá mór do na Gaeil: Foclóir nua Gaeilge ar an bhfód". RTÉ (9 Nollaig 2025). Dáta rochtana: 10 Nollaig 2025.
  16. 16.0 16.1 Daithí De Mórdha (5 Meitheamh 2018). "Ó ‘ábhacht’ go ‘útamálaidhe’, tá saibhreas fhoclóir Sheáin a’ Chóta ar fáil ar líne…". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  17. 17.0 17.1 17.2 "An chéad fhéachaint faighte ar iontrálacha an fhoclóra nua Gaeilge-Gaeilge". Tuairisc.ie (25 Iúil 2024). Dáta rochtana: 2025-12-07.
  18. 18.0 18.1 18.2 18.3 Maitiú Ó Coimín (5 Samhain 2024). "Bheith istigh ag ‘bomaite’, ‘falla’ agus ‘fata’ ar an bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  19. 19.0 19.1 19.2 19.3 19.4 19.5 19.6 Maitiú Ó Coimín (28 Deireadh Fómhair 2025). "An chéad fhéachaint ar an bhFoclóir Gaeilge-Gaeilge ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  20. 20.0 20.1 "Togra nua foclóireachta beartaithe ag Foras na Gaeilge ar chostas €12.5m". Nuacht RTÉ (30 Samhain 2015). Dáta rochtana: 7 Nollaig 2025.
  21. 21.0 21.1 21.2 21.3 21.4 Dónall Ó Braonáin (Bealtaine 2021). "Tonnbhriseadh foclóireachta...". Comhar 81 (5). 
  22. Éilis Uí Mhuirneáin (2010). "§ 6.4 Cá bhfuil an t-éileamh?". Barr do Theanga: Miontráchtas ar Líonra Séimeantach na Gaeilge. 
  23. Pádraig Ó Snodaigh (1989). "Pota Phádraig: Cuir Gaeilge ar Orgasm!". Comhar 48 (6): lgh 19–21. doi:10.2307/20556741. ISSN 0010-2369. 
  24. Maitiú Ó Coimín (3 Nollaig 2015). "‘Mar a chéile atá an argóint fhabhtach in éadan na foclóireachta agus na hargóintí a rinneadh in éadan bhunú Theilifís na Gaeilge’". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  25. Éilis Uí Mhuirneáin (2010). "§ 2.6 Líonra Séimeantach na Gaeilge (LSG)". Barr do Theanga: Miontráchtas ar Líonra Séimeantach na Gaeilge. 
  26. Alex Hijmans (2020-05-02). "An foclóir Gaeilge is fearr liom? An Foclóir Beag…". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-08.
  27. Sorcha Ní Mhonacháin (2021-04-15). "An ‘Donaldanna’ beaga Trump atá muid a thógáil nó cainteoirí muiníneacha Gaeilge?". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  28. "An Stat 'gan straiteis na tuiscint' ar Ghaeilge - Coimisiun" (17 Aibreán 2002). The Irish Times. 
  29. 29.0 29.1 Mícheál J. Ó Meachair, Brian Ó Raghallaigh, Úna Bhreathnach, Gearóid Ó Cleircín, Kevin Scannell (2021-12-09). "Tiomsú Corpais don Taighde Foclóireachta: Corpas Foclóireachta na Gaeilge (CFG2020)". TEANGA 28: lgh 278–305. doi:10.35903/teanga.v28i.726. 
  30. Darragh Mac Giolla Phádraig, Niall Ó Cléirigh (2021). "Léirmheas ar Concise English-Irish Dictionary". Léann Teanga: An Reiviú. Gaillimh: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. doi:10.13025/pfdq-zs93. ISSN 2737-7636. 
  31. "An bhfuil fonn ort a bheith ag obair le foclóirí?". Nuacht RTÉ (19 Bealtaine 2022). Dáta rochtana: 7 Nollaig 2025.
  32. 32.0 32.1 Maitiú Ó Coimín (30 Samhain 2015). "Plean ag Foras na Gaeilge €12.6m a chaitheamh ar fhorbairt fhoclóirí Gaeilge agus corpas na teanga a mhéadú ó 30 milliún focal go dtí 250 milliún focal". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  33. Méabh Ní Thuathaláin (26 Deireadh Fómhair 2018). "‘Gach focal Gaeilge’ ó 1959 le bheith ar fáil in aon áit amháin ar shuíomh idirlín nua". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  34. "Bainisteoir nua ceaptha ar thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge". Tuairisc.ie (26 Márta 2019). Dáta rochtana: 2025-12-07.
  35. "€4.3 milliún ceadaithe do ghrúpaí pobail agus scéim aon uaire d’ionaid Ghaeilge fógartha". Tuairisc.ie (05 Samhain 2021). Dáta rochtana: 2025-12-07.
  36. Brian Ó Broin (Feabhra 2002). "Cur chuige nua ag teastáil i bhfoclóireacht na Gaeilge". Beo! (10). 
  37. Aoife Nic Cormaic (Iúil 2003). "Caoilfhionn Nic Pháidín". Beo! (27). 
  38. 38.0 38.1 Liam Mac Amhlaigh (2010). "Treonna sean is nua - an fhoclóireacht Nua-Ghaeilge san aonú haois is fiche". Études Irlandaises 35 (2): lgh 51–64. ISSN 0183-973X. 
  39. Éilis Uí Mhuirneáin (2010). "§ 2.3.2 Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge". Barr do Theanga: Miontráchtas ar Líonra Séimeantach na Gaeilge. 
  40. Liam Mac Amhlaigh (19 Deireadh Fómhair 2020). "Mórfhoclóir úr in aimsir na Paindéime". The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  41. 41.0 41.1 Maitiú Ó Coimín (2022-10-28). "Tionscadal an Fhoclóra Gaeilge-Gaeilge le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  42. 42.0 42.1 Maitiú Ó Coimín (16 Aibreán 2025). "Foclóir Gaeilge-Fraincise ar intinn ag foclóirithe". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  43. Oifig Uachtarán na hÉireann. "Seolann an tUachtaán Connolly Foclóir Aonteangach Gaeilge". president.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  44. Harry McGee (16 Nollaig 2025). "Bóthar fada na bhfoclóirí Gaeilge". Scéal: lch 6. 
  45. Dónall Ó Braonáin (2025-12-18). "Cérbh iad leabhair Ghaeilge na bliana 2025? (Cuid a dó)". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-18.
  46. Katie Ní Loingsigh (Samhain 2016). "Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna Gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire [Tráchtas Dochtúireachta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath]". 
  47. Abigail Walsh (Eanáir 2023). "The Automatic Processing of Multiword Expressions in Irish [Tráchtas Dochtúireachta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath]" (as Béarla). 
  48. Maitiú Ó Coimín (4 Samhain 2025). "Deireadh ag teacht le leaganacha aipe ‘Foclóir.ie’ agus ‘Teanglann.ie’". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-07.
  1. Chuir Breathnach i gcás na leaganacha 'píotsa' agus 'pizza'
  2. Is é cur chuige Fhoclóir Uí Dhónaill m.sh. an t-úsáideoir a atreorú chuig ceannfhocal 'caighdeánach'.
  3. 3.0 3.1 Luadh an foras céanna mar Mhúsaem Imirce na hÉireann (Breathnach 09/12/2025), mar EPIC (Músaem Eisimirce na hÉireann) (Torbóid 09/12/2025; An Páipéar 12/12/2025), agus mar Epic go díreach (Ó Coimín 01/12/2025; Mac Maoláin 10/12/2025).