Ferruccio Lamborghini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ferruccio Lamborghini
Ferruccio Lamborghini.jpg
Saol
Eolas breithe Cento (en) Aistrigh, 28 Aibreán 1916
Náisiúntacht Ríocht na hIodáile
An Iodáil
Áit chónaithe Emilia-Romagna
Bás Perugia, 20 Feabhra 1993
Cúis bháis bás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
Páistí
Oideachas
Teangacha An Spáinnis
Gairm
Gairm fiontraí, innealtóir, meicneoir, tiománaí carr rásaíochta agus tionsclaí
Ferruccio Lamborghini autograph.jpg

Déantúsóir carranna ba ea Ferruccio Lamborghini a rugadh ar an 28 Aibreán 1916 i sráidbhaile Renazzo i gcúige Ferrara. Rinne sé a shaibhreas mar dhéantúsóir tarracóirí agus gléasanna aerchóireála agus bhí an-spéis aige i gcarranna spóirt. Thug sé faoi deara go raibh cuid de na páirteanna céanna i gcarranna spóirt agus a bhí sna tarracóirí a bhí aige féin. Bhí cúpla Ferrari aige ach ní raibh sé sásta leo agus thosaigh sé ar a charranna féin a thógáil.

Thuill a chuid carranna an-cháil ar fud an domhain mar gheall ar a ndearadh agus a luas, go háirithe an Lamborghini 350GT a sháraigh an Ferrari ar gach bealach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]