Fearghas Ó Ceallaigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 16 Nollaig 1944 80 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | údar, acadóir |
| Fostóir | Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Céile | Elizabeth Dillon (1972–) |
| Páiste | Martin James Kelly (en) |
| Athair | Oisín Kelly agus Olive Ruth Gwynn |
| Duine muinteartha | Myles Dillon (athair a mhná céile) |
Gradam a fuarthas
| |
Is fear léinn in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath é Fergus Kelly. Dírítear a chuid taighde ar luath-théacsanna dlí agus téacsanna eagna na hÉireann.
Bhain sé céim amach i nGaeilge Luath agus Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1967. Chaith sé bliain in Institiúid Teangeolaíochta Ollscoil Osló. Mhúin sé cúrsa i Sibhialtacht Cheilteach in Ollscoil Toronto chomh maith. Is Ollamh Sinsearach anois é i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.[1] Sa bhliain 2003 thug sé Léacht Chuimhneacháin Sir John Rhŷs de chuid Acadamh na Breataine.[2] Údar agus taighdeoir táirgiúil is ea é, agus tá roinnt leabhar agus go leor alt scríofa agus curtha in eagar aige, Treoir maidir le Luath-Fhéineachas ina measc. Comheagarthóiríonn sé an iris Celtica agus tá comhoibriú déanta aige le go leor eile , Thomas Charles-Edwards ina measc.
Gradaim agus aitheantas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bronnadh ar Ó Ceallaigh an gradam acadúil is cáiliúla i nÉirinn nuair a ceapadh mar bhall é d'Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 2004.[3]
Foilsiúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Audacht Morainn (Baile Átha Cliath 1976)
- A guide to early Irish law (BÁC 1988, athchló 1991, 1995)
- Early Irish farming: the evidence of the law-texts (BÁC 1997, athchló 1998)
- Marriage Disputes: A Fragmentary Old Irish Law-Text (BÁC, 2014)
- The Life & Work of Oisín Kelly (Ceatharlach, 2015)
- The MacEgan legal treatise (BÁC, 2020). Eagrán de shaothar le Giolla na Naomh Mac Aodhagáin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Fergus Kelly, Dublin Institute for Advanced Studies”. Trinity Centre for Environmenal Humanities, Trinity College Dublin.
- ↑ “Sir John Rhŷs Memorial Lectures”. The British Academy. text video
- ↑ "Fergus Samuel Kelly" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-02-24. Dáta rochtana: 2025-05-14.