Feithicil lainseála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feithicil roicéadtiomána a úsáidtear chun spásárthach a iompar in airde. Cuid mhaith codanna a bhíonn inti. De réir mar a ídítear an breosla i gcuid amháin, scartar an chuid sin agus titeann go talamh. Gintear an sá trí dhó rialaithe pléascach breosla leachtaigh (mar shampla, ceirisín is oscaigin, nó hidrigin is oscaigin) nó breosla sholadaigh (de réir cineáil, rubar sintéisithe, measctha le púdar ocsaídeora). Díorthaíodh an modh oibre seo ó mhodhanna tiomána diúracán a saothraíodh le linn is i ndiaidh an dara cogadh domhanda ag Konstantin Tsiolkovsky san Aontas Sóivéadach, Robert Goddard sna Stáit Aontaithe, agus Wernher von Braun sa Ghearmáin is na Stáit Aontaithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feithicil lainseála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 262.