Federico García Lorca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFederico García Lorca

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Federico del Sagrado Corazón de Jesús García Lorca
5 Meitheamh 1898
Fuente Vaqueros, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Lúnasa 1936
38 bliana d'aois
Víznar, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBású seachbhreithiúnach (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFacultad de Filosofía y Letras (Universidad de Granada) - eolaíocht liteartha (1915–)
Ollscoil Granada Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheGranada
Residencia de Estudiantes
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir drámaíochta, drámadóir, liriceoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraAmharclannaíocht, filíocht agus ealaín
GluaiseachtGlúin 1927
Mac/iníon léinn de chuidMartín Domínguez Berrueta
TeangachaAn Spáinnis agus an tSlóivéinis
UirlisPianó
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáirtíEmilio Aladrén (1925–1927)
Rafael Rodríguez Rapún (1935–1935) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFederico García Rodríguez  agus Cristiano Ronaldo
SiblínFrancisco García Lorca, Isabel García Lorca agus Concepción García Lorca
Duine muintearthaLaura de los Ríos Giner (deirfiúr chéile)
Manuel Fernández Montesinos (deartháir céile)
Isabel García Rodríguez (aintín)
Laura García Lorca (neacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0305030 Allocine: 37685 Allmovie: p317966 IBDB: 5514
Musicbrainz: 3e2efdb0-cd07-40e2-a39f-277c670e1d72 Lieder.net: 925 Discogs: 649970 IMSLP: Category:García_Lorca,_Federico Find a Grave: 7014632 Cuir in eagar ar Wikidata

File agus drámadóir de chuid na Spáinne ba ea Federico García Lorca (5 Meitheamh, 189819 Lúnasa, 1936). Bhí grá, éad, paisean agus bás tobann ina dtéarmaí lárnacha i ndrámaí Lorca, agus b'amhlaidh a bhí a shaol féin.

García Lorca c. 1904

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

1914

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Federico ar an 5 Meitheamh, 1898 i Fuente Vaqueros, ar bhruach an Genil, cúpla míle ó Granada. san Provincia de Granada i ndeisceart na Spáinne, i dteaghlach a raibh seasamh eacnamaíoch compordach acu. Baisteadh é mar Federico del Sagrado Corazón de Jesús García Lorca. Tá a chéad teach, i Fuente Vaqueros, anois ina iarsmalann..

1933

Ba úinéirí talún a athair Federico García Rodríguez (1859-1945) agus a mháthair, Vicenta Lorca Romero (1870-1959). Bhí a mháthair ina múinteoir scoile sular phós sí, agus chothaigh sí blas liteartha a mic.

Chun tús a chur le staidéir meánscoile, cuireadh García Lopez go hAlmería. D'fhan sé lena mhúinteoir Antonio Rodríguez Espinosa ar feadh tréimhse ghairid, ach chuir tinneas scornach tromchúiseach isteach air, a chuir i mbéal an bháis é. Cuireadh iallach air filleadh go práinneach ar a thuismitheoirí.

Sa bhliain 1909, shocraigh a theaghlach síos go buan i Granada, áit ar thosaigh sé ar a chuid staidéir ar dtús ag Coláiste Chroí Ró-Naofa Íosa.

Nuair a bhí sé sna déaga, chuir sé níos mó spéise sa cheol ná sa litríocht; rinne sé staidéar ar an bpianó le Antonio Segura Mesa.

Ollscoil agus ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Lorca staidéar ar an dlí in Ollscoil Ghranada, ach d'imigh sé leis go Maidrid ina dhiaidh sin.

Ceoltóir den scoth a bhí ann chomh maith. I measc a chairde san ollscoil, bhí níos mó aithne air mar cheoltóir ná mar scríbhneoir. Sa bhliain 1926, i dteach muintire an teaghlaigh García - Trevijano in Órgiva, léirigh sé mazurka a chum Manuel de Falla do Carmen García-Trevijano den chéad uair ag an bpianó, a bhí ag an am seo ina aintín don dlíodóir agus don pholaiteoir frith-Fhranco Antonio García-Trevijano.

Fuair sé an-spreagadh as féile ceol traidisiúnta Fiesta de Cante Jondo i 1922. Bhunaigh sé go leor dá shaothar ar cheol na ngiofóg as sin i leith. Ba é an file ba cháiliúla in Andalucia é mar gheall ar shaothair ar nós Poema del Cante Jondo (1931), agus Primer Romancero Gitano (1927). Bhí an-cháil ar a dhráma Marina Pineda, dráma rómánsúil stairiúil.

Ón flamenco a thóg Federico García Lorca an coincheap duende, focal nach féidir a shainmhíniú; ach baint aige le braistintí nó eispéireas níos airde nó níos déine.[1]

Bhí sé an-chairdiúil le healaíontóirí cáiliúla i Maidrid, Juan Ramón Jimenez, Pablo Neruda, Salvador Dalí agus Luis Buñuel ina measc. Meastar go raibh sé i ngrá le Dalí.

Ghnóthaigh Lorca a chéim sa dlí i 1923 agus chuir sin deireadh lena thréimhse ollscoile.

Taistil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Lorca cuairt ar Nua-Eabhrac i 1929 agus chónaigh sé ar champas Ollscoil Columbia. Ní raibh Béarla ar bith aige agus bhí lionndubh air go minic sa chathair aduain. Ach bhí an-mheas aige ar dhrámaíocht nua na Meiriceánach. Cháin sé cathair a shíl sé a bheith scanrúil agus truaillithe go fisiciúil agus go spioradálta i gcnuasach dánta nár foilsíodh go dtí 1940, Poeta en Nueva York, tar éis a bháis.

Thug sé cuairt ghéar ar Chúba agus tháinig abhaile chun na Spáinne i 1931.

Cogadh agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar gheall ar a shaol pearsanta mar dhrámadóir homaighnéasach, agus a dhearcadh polaitiúil, bhí an eite dheis an-naimhdeach dó.

Chuaigh sé ar a choimeád nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne. Ach tháinig saighdiúirí an Falange air i mí Lúnasa 1936. Daoradh chun báis é gan triail.

Dealbh i Maidrid - Federico Garcia Lorca

Cuireadh é in uaigh a thochail sé féin. Níor tháinig na saineolaithe fóiréinseacha riamh ar thaisí daonna.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh céad leabhar Lorca i 1918, leabhar taisteal dar teideal Impresiones Y Paisajes.

I 1921, foilsíodh Libro de Poemas, dánta i bhfoirm fabhalscéalta.

Chuir sé cumann drámaíochta taistil, La Barraca, ar bun nuair a bhí sé ar ais sa bhaile. Léiríodh a chuid drámaí ar fud chúigí na Spáinne.

I measc na ndrámaí ba cháiliúla dá chuid, tá Boda de Sangre (Bainis Fola), a léiríodh den chéad uair i 1933, dráma atá cosúil le tragóid Ghréagach.

Léiríodh Yerma i 1934, dráma faoi phósadh gan chlann.

Díreach sular maraíodh Lorca, cuireadh La Casa de Bernarda Alba ar an ardán den chéad uair, dráma faoi mháthair thiarnúil agus a clann iníonacha ina gcuireann an bhean is óige lámh ina bás féin mar gheall ar a leannán a bheith geallta leis an iníon is sine.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí grá, éad, paisean agus bás tobann ina dtéarmaí lárnacha i ndrámaí Lorca, agus b'amhlaidh a bhí a shaol féin.[2]

Chothaigh saothar Michael Hartnett ar Federico García Lorca.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Aodh Ó Coileáin (18 Lúnasa 2022). "TAISTEAL: Is deacair buidéal Cajones de Gato in Andalúis Lorca a bhualadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  2. Róisín Sheehey (23 Lúnasa 2018). "Mistéir na leabhar athláimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  3. Máire Ní Fhinneadha (13 Deireadh Fómhair 2019). "MICHAEL HARTNETT 1941-1999: Agus a chuid filíochta á léamh agam inniu, ní aithním lá aoise uirthi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-19.