Feallmharú Qasem Soleimani
Ba mhaorghinearál Iaránach agus cheannaire mór míleata é Qasem Soleimani (Peirsis: قاسم سلیمانی, cló rómhánach: Qāsim Sulaymānī), a rugadh ar an 11 Márta 1957. Feallmharaíodh Soleimani ar an 3 Eanáir 2020.





Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Soleimani an ceannasaí airm ba shinsearaí san Iaráin, agus tionchar nach mór aige thar lear. Bhí sé i mbun na Quds.[2]
In 2017, tharraing na S-A siar ón gcomhaontú núicleách a síníodh i 2015.
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feallmharaigh fórsaí na Stát Aontaithe in ionsaí aeir a rinne siad ar aerfort Baghdad san Iaráic ar an 3 Eanáir 2020. Maraíodh ceathrar eile ar a laghad san ionsaí. Donal Trump a bhí freagrach as an ionsaí.[3]
Léirsigh na mílte daoine i bpríomhchathair na hIaráine Tehran agus i gcathracha eile sa trír in aghaidh an ionsaithe i mBaghdad. Tháinig slua mór daoine amach ar shráideanna phríomhchathair na hIaráine, Tehran do shochraid Soleimani. Ansin cuireadh Soleimani ina bhaile dúchais, Kerman, i ndeisceart na hIaráine, ar an 7 Eanáir 2020.[4]
Deir an Pentagon gur ordaigh an tUachtarán Trump an Ginearál a mharú mar gurbh é, a maíodh, a d'ordaigh onsaí ar ambasáid Mheiriceá i mBaghdad i rith mhí na Nollag 2019.
Bhí marú an maoghinearál Soleimani cáinte ag Comhghuaillíocht na Síochána agus na Neodrachta[5] in Éirinn.[6]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí díoltas bagraithe ag an Iaráin as bás Solemani. Bhagair Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, go raibh sé toilteanach láithreacha cultúrtha san Iaráin a ionsaí más rud é go maraíonn an Iaráin aon saoránach Meiriceánach. Bhagair sé freisin smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar an Iaráic, má iarrann Rialtas na tíre sin ar na saighdiúírí Meiriceánacha atá thall ansin, imeacht.
Mhaígh Ard-Cheannasaí na hIaráine an tAyatollah Ali Khamanei go n-íocfadh Meiriceá go daor as an marú fealltach, mar a dúirt sé. Dúirt Ceannaire Hezbollah Sayyed Hassan Nasrallah go n-íocfadh fórsaí míleata Mheiriceá as marú Soleimani agus bhagair sé gur i gconraí a thiocfadh saighdiúirí agus oifigigh Mheiriceá abhaile.[7]
Thacaigh an Iaráin le Hezbollah sa Liobáin agus leis na Hútaithe san Éimin sna 2020idí. Sna 2020idí bhí na Hútaithe níos bagraí agus níos trodaí ná aon ghrúpa eile a bhfuair tacaíocht ón Iaráin.[8]
Ar an 3 Eanáir 2024, maraíodh 84 duine mar gheall ar ionsaí buamála i gcathair Kerman, Chuir na hIaránaigh an mhilleáin faoin ionsaí buamála ar na Meiriceánaigh agus ar na hIosraelaigh araon.[9] Is cosúil go raibh an Stát Ioslamach, ISIS-K, freagrach as.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Foreign policy of the first Donald Trump administration" (as en) (2025-03-09). Wikipedia.
- ↑ "Quds Force" (as en) (2025-03-10). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-01-06). "Na sluaite ar shráideanna Tehran do shochraid Soleimani" (as ga-IE).
- ↑ "Ceannsaí airm ón Iaráin maraithe ag na Meiriceánaigh" (as ga) (2020-01-03).
- ↑ Pádraig Ó Mainnín / RnaG (2020-01-06). "Comhghuaillíocht na Síochána & na Neodrachta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-17.
- ↑ "Peace and Neutrality Alliance" (en). www.pana.ie. Dáta rochtana: 2025-03-17.
- ↑ RnaG (2020-01-06). "Frank Reidy, Ceannfort Airm." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-17.
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-01-04). "'Na dosaein' Palaistíneach maraithe in Gaza ó aréir" (as ga-IE).
- ↑ "2024 Kerman bombings" (as en) (2025-03-09). Wikipedia.