Feallmharú Anas Al-Sharif
| ||||
| Cineál | targeted killing (en) bású seachbhreithiúnach | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | killing of journalists in the Gaza war (en) | |||
| Dáta na bliana | 10 Lúnasa 2025 (23:22) | |||
| Suíomh | Cathair Gaza, Stát na Palaistíne Al-Shifa Hospital (en) | |||
| Tír | Stát na Palaistíne | |||
| Íospartach | Anas al-Sharif Mohammed Qreiqeh (en) Moamen Aliwa (en) Ibrahim Zaher (en) Mohammed Noufal (en) Mohammad al-Khaldi (en) | |||
| Líon básanna | 7 | |||
| Déantóir na coire | Aerfhórsa Iosrael | |||
Ar an 10 Lúnasa 2025 maraíodh cúigear fostaithe de chuid Al Jazeera in ionsaí de chuid Iosrael sa Stráice Gaza, ionsaí d'aon ghnó.
Bhí iriseoir aitheanta de chuid Al Jazeera, Anas al-Sharif, mar sprioc ag Iosrael. Rinne Iosrael bagairtí air; bhí rabhadh tugtha ag ceannairí míleata Iosraelacha d’iriseoirí Al Jazeera roimhe seo gan na hionsaithe i nGaza a thuairisciú.[1]
I dtús mí Lúnasa, d'fhógair an Príomh-aire Netanyahu go raibh ordú tugtha ag an Rialtas don Arm treisiú ar an gcogaíocht ar mhaithe le seilbh go fairsing a ghlacadh ar Ghaza agus le Hamas a chur go hiomlán ó mhaith.[2]
"Damáiste comhthaobhach" a bhí na seisear eile a fuair bás. "Feallmharú spriocdhírithe" a thug Al Jazeera air agus chuir an craoltóir i leith Rialtas Iosrael go raibh siad i mbun saighdeadh ar bhonn líomhain gan aon bhunús.

Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh seachtar nuair a bhuail drón Iosraelach pobal lasmuigh d’ospidéal al-Shifa i gcathair Gaza a bhí ag tabhairt dídean do na meáin. Bhí na hiriseoirí ina gcónaí i bpuball taobh amuigh de phríomhgheata Ospidéal Al-Shifa i gCathair Ghaza.
Maraíodh beirt chomhfhreagraithe, Anas al-Sharif agus Mohammed Qreiqeh, agus triúr cheamaradóirí, Ibrahim Zaher, Mohammed Noufal agus Moamen Aliwa. Maraíodh an saor-iriseoir Mohammad Al-Khaldi agus nia Anas al-Sharif chomh maith, seachtar san iomlán. Scriosadh an bealach isteach chuig aonad éigeandála an ospidéil.

Bhí Anas al-Sharif, 28, ag tuairisciú go laethúil do Al Jazeera as an taobh ó thuaidh de Ghaza, fiú sular thosaigh an chogaíocht sa bhliain 2023, tráth gur chuir Rialtas Iosrael cosc iomlán ar iriseoirí ón iasacht sa limistéar faoi léigear. Bhí cáil ar Anas al-Sharif go háirithe mar ghuth láidir ó thús Chogadh Iosrael-Gaza a chuir an fhírinne faoin uafás atá á dhéanamh ag Iosrael i nGaza ar stáitse domhanda.
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé admhaithe ag Arm Iosrael go ndeachaigh siad sa tóir ar Anas al-Sharif, mar gheall a deir siad go raibh sé "i gceannas ar chill de chuid Hamas" agus go mbíodh sé "ag stiúradh ionsaithe roicéad ar shibhialtaigh agus ar shaighdiúirí de chuid Iosrael." Rinne Rialtas Iosrael an líomhain ina aghaidh ar dtús beagnach bliain ó shin, agus bhí sé séanta go láidir ag an iriseoir féin agus ag an stáisiún teilifíse. I mí Iúil 2025 dúirt urlabhraí an Airm Avichay Adraee arís gur ceannasaí de chuid Hamas a bhí ann.[2]
Bhí os cionn 260 iriseoir maraithe ag Arm Iosrael ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 go Lúnasa 2025.[3] Is é feallmharú al-Sharif an chéad chás inar ghlac an IDF freagracht as an marú. Is é an Cogadh Iosrael-Gaza an cogadh is marfaí d’iriseoirí riamh.[4]
Dúirt an Coiste Idirnáisiúnta um Chosaint Iriseoirí go raibh "uafás" orthu faoi mharú an chúigear iriseoirí. Dúirt an Coiste, go raibh "pátrún" léirithe ag Iosrael "ag brandáil iriseoirí ina míleataigh gan fhianaise inchreidte, rud a chaitheann amhras faoin meas atá ag Iosrael ar shaoirse na meán.
Agus srian iomlán curtha ag Iosrael ar na meáin dhomhanda i nGaza táthar i dtuilleamaí thuairisceoirí de chuid na Palaistíne féin le léargas a thabhairt don saol mór ar an 2 mhilliún duine atá anois i mbaol ag an gorta.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh Iosrael-Gaza
- Al Jazerra
- Ionsaí ar Ospidéal Al-Nasser, 25 Lúnasa 2025
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ExtraG (2025-08-11). "Mharaigh Iosrael iriseoirí aitheanta d'aon ghnó i nGaza" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-17.
- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-08-11). "Iriseoirí maraithe ag Iosrael i nGaza" (as ga-IE).
- ↑ "Killing of journalists in the Gaza war" (as en) (2025-08-14). Wikipedia.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (16 Lúnasa 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-08-17.
