Jump to content

Feadóg ghlórach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFeadóg ghlórach
Charadrius vociferus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Réise sciathán61 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22693777 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCharadriiformes
FineCharadriidae
GéineasCharadrius
SpeiceasCharadrius vociferus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Charadrius vociferus

Feadóg mhór a fhaightear i gCríocha Mheiriceá is ea an fheadóg ghlórach (Charadrius vociferus). Faigheann sí a ainm óna ghlao caol, dhá shiolla, a chloistear go minic. Chuir Carl Von Linné síos air agus thug sé a ainm eolaíoch reatha uirthi sa 10ú eagrán dá Systema Naturae. Déantar cur síos ar thrí fhospeiceas.

Bíonn droim agus sciatháin an éin fhásta donn. Bíonn an bolg ban. Brollach bán a bhfuil dhá bhanda dubh air. Dath flannbhuí ar an tóin. Bíonn an aghaidh donn ach dath bán a bíonn ar an an gclár éadain. Is féidir fáinne flannbhuí-rua a fheiscint timpeall na súilí.

Póraíonn an fospeiceas (a ndearnadh cur síos air ar dtús) ó oirdheisceart Alasca agus ó dheisceart Cheanada go Meicsiceo. Feictear í ar feadh na bliana sa leath theas dá raon póraithe; tá an fospeiceas C. v. ternominatus ina chónaí sna hIndiacha Thiar, agus tá C. v. peruvianus ina chónaí i bPeiriú agus i dtíortha Mheiriceá Theas máguaird ar feadh na bliana. Geimhríonn póraitheoirí Mheiriceá Thuaidh óna raon cónaitheach ó dheas go Meiriceá Láir, na hIndiacha Thiar, agus na codanna is faide ó thuaidh de Mheiriceá Theas.