Canáil éisteacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Feadán éisteachta)
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCanáil éisteacha
Sonraí
Laidinmeatus acusticus externus
Cuid deauditory system (en) Aistrigh
anterior auricular branches of superficial temporal artery (en) Aistrigh
superficial temporal vein (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD004424
TAA15.3.01.045
FMA61734 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1036
EB Onlinescience/external-auditory-canal
Téarmaíocht anatamaíoch


Feadán idir an chluas láir is an tsrónfharaing, cuid de déanta as cnámh is loingeán agus líneáilte le scannán múcasach. Tugtar an feadán eostach air freisin, as an lia Iodálach Bartolommeo Eustachio (1520-1574). Ligeann sé d'aer dul isteach sa chluas láir agus teacht amach aisti chun an brú a chothromú idir an dá thaobh den scannán tiompánach agus ligean dó crith go saor nuair a imbhuaileann fuaimthonn leis. Nuair a bhíonn eitleán ag éirí ón talamh nó ag tuirlingt, is gá an cothromú seo a dhéanamh (tríd an bhfeadán a choinneáil ar oscailt le cogaint is slogadh, mar shampla) chun fuaimeanna cnagtha sna cluasa, is fiú pian, a sheachaint. Bíonn an feadán níos cothrománaí sa pháiste faoi 7 mbliain d'aois ná sa duine fásta, agus mar sin tarlaíonn ionfhabhtuithe cluaise níos minice i bpáistí ná daoine fásta.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feadán éisteachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]