Jump to content

Jim Gavin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJim Gavin
Beathaisnéis
Breith1 Iúil 1971
54 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata

Iarbhainisteoir fhoireann peile Bhaile Átha Cliath is ea Jim Gavin (a rugadh ar an 1 Iúil 1971) agus iarrthóir Fhianna Fáil do thoghchán na hUachtaránachta 2025.[1][2][3] Ar 5 Deireadh Fómhair, d'fhógair Gavin go n-éireoidh sé as an toghchán de bharr conspóid maidir le hairgead a bhí le dul chuig iarthonónta dá chuid, mar a maíodh. Ar dtús, dúirt Gavin ina thaobh nach raibh aon chuimhne aige air.[4]

Is as Cluain Dolcáin, BÁC, é Jim Gavin.

Is duine é a bhfuil sár-obair déanta aige i seirbhís phoiblí, bíodh sin in Óglaigh na hÉireann, sa bhaile agus thar lear, san Údarás Eitlíochta Éireannach nó le Bord Feidhmiúcháin an Lárchathrach Thoir Thuaidh. Bhí Gavin ina chathaoirleach ar Thionól Saoránach Bhaile Átha Cliath.[5]

Bhí éacht bainte amach ag foireann peile Bhaile Átha Cliath faoi bhainistíocht Gavin sna 2010idí. Sa bhliain 2018, choinnigh Gavin agus a fhoireann Corn Mhig Uidhir san Ardchathair den gcúigiú bliain as a chéile.[6] Bhuaigh an fhoireann sé Chluiche Ceannais Peile na hÉireann faoina stiúir in iomlán.

Sa bhliain 2025 chuir Jim Gavin agus a choiste CLG roinnt moltaí chun cinn agus iad ag iarraidh an loinnir a chur arís sa bpeil Ghaelach.[7][8]

Uachtaránacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Gavin roghnaithe ag Fianna Fáil le seasamh d’uachtaránacht na hÉireann sa bhliain 2025.[9] Bhí fadhb éagsúil ag Fianna Fáil ag an am. Go hairithe ní raibh aon iarrthóir mór le rá ar fáil acu don Uachtaránacht I mí Lúnasa thug ceannaire an pháirtí, an Taoiseach Micheál Martin, a thacaíocht do Jim Gavin.

Ar an 9 Meán Fómhair, tháinig Gavin agus Billy Kelleher, Feisire Eorpach de chuid an pháirtí, os comhair pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil. 41 vóta a fuair Gavin agus caitheadh 29 vóta ar son Kelleher. Thug an tUasal Kelleher le fios gur chreid sé gur chóir d'Fhianna Fáil athmhachnamh a dhéanamh ar an tslí a roghnaíonn siad iarrthóirí uachtaránachta.[10] Ar 5 Deireadh Fómhair, d'fhógair sé go n-éireoidh sé as an toghchán [11][4]

Bhí go leor oibre le déanamh ag Gavin roimh lá an toghcháin lena fhís i gcomhair na huachtaránachta a chur in iúl don phobal, mar ní raibh cúlra polaitíochta aige ar chor ar bith roimh 2025.

I mí Dheireadh Fómhair tháinig tuairiscí chun solais go raibh €3,300 fós le n-íoc ar ais ag Gavin le tionónta dá chuid ó 2007 go 2009. In 2009 bhí aighneas idir Gavin agus an t-iarthionónta. Dúirt Gavin go raibh "deacrachtaí airgid" aige féin ag an am a raibh an t-árasán i lár-thuaisceart na príomhcathrach ligthe aige le lánúin. San Irish Independent[12] ar an 4 Deireadh Fómhair ar dtús a tháinig an scéal chun solais go raibh airgead fós le tabhairt ar ais Gavin do theaghlach a bhí ina gcónaí i dteach a bhí ligthe ag an iarrthóir sna 2000idí. Nuair a d'fhág an lánúin an áit, bhí a gcíos fós á íoc faoi bhuanordú de bharr earráid baincéireachta cé go raibh an buanordú curtha ar ceal ag na tionóntaí. Dúirt an lánúin go ndeachaigh siad i dteagmháil go minic le Gavin ag iarraidh an €3,300 ar ais ach ní bhfuair siad sásamh riamh.[13]

Ar dtús mhaígh Gavinar dhíospóireacht The Week in Politics ar RTÉ go raibh sé ag fiosrú tuairiscí nár íoc sé ar ais €3,300 a bhí ag dul d’iarthionónta dá chuid. Ansin d'admhaigh Gavin go raibh "botún" déanta aige agus nach raibh sé tar éis "cloí leis na caighdeáin atá agam dom féin". D'éirigh Gavin as rás an árais ar an 5 Deireadh Fómhair.[14]

Níl Gaeilge líofa ag Jim Gavin cé go maítear go bhfuil sé “báúil” don teanga.[15] Dúirt iarbhainisteoir fhoireann peile Átha Cliath féin sa litir a sheol sé chuig baill Fhianna Fáil ag lorg a dtacaíochta go n-úsáidfeadh sé Áras an Uachtaráin le “teanga na hÉireann a chur chun cinn”.[16]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Adhmhaidin / RnaG (2025-09-01). "Séin Ó Muineacháin T.D." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-09-01.
  2. Máire Treasa Ní Cheallaigh (2018-07-06). "Ná cuirtear an milleán ar BÁC agus Páirc an Chrócaigh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-09-01.
  3. Nuacht RTÉ (2025-09-09). "Iarbhainisteoir BhÁC, Jim Gavin, roghnaithe ag FF mar iarrthóir" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 "Jim Gavin Fhianna Fáil éirithe as an toghchán uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-06). Dáta rochtana: 2025-10-06.
  5. Shane Moynihan TD (2025). "Tá áthas orm Jim Gavin a mholadh mar iarrthóir Fhianna Fáil d’Uachtarán na hÉireann.". Dáta rochtana: 1 M.F. 2025.
  6. Máire Treasa Ní Cheallaigh (2018-07-06). "Ná cuirtear an milleán ar BÁC agus Páirc an Chrócaigh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2025-09-01.
  7. Mártan Ó Ciardha (31 Lúnasa 2025). "Má tá am agat, is fiú éisteacht le scéal ‘Clog Bogue’…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-01.
  8. "Allianz Football League: Jim Gavin planning 'the most exciting amateur game in the world'" (en-GB). BBC Sport (2025-01-22). Dáta rochtana: 2025-09-01.
  9. "Jim Gavin roghnaithe ina iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta ag Fianna Fáil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-09). Dáta rochtana: 2025-09-09.
  10. Nuacht RTÉ (2025-09-09). "Iarbhainisteoir BhÁC, Jim Gavin, roghnaithe ag FF mar iarrthóir" (as ga-IE). 
  11. "Fianna Fáil i gcruachás agus rás Jim Gavin rite" (as ga) (2025-10-06). 
  12. "Jim Gavin, the Celtic Tiger apartment he lost in the crash and a rent refund dispute" (en). www.independent.ie (2025-10-04). Dáta rochtana: 2025-10-06.
  13. Nuacht RTÉ (2025-10-06). "Fianna Fáil i gcruachás agus rás Jim Gavin rite" (as ga-IE). 
  14. "Jim Gavin Fhianna Fáil éirithe as an toghchán uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-06). Dáta rochtana: 2025-10-06.
  15. "Cúlra teanga conspóideach ag Heather Humphreys ach cúrsa Gaeilge amháin ar a laghad déanta aici" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-26). Dáta rochtana: 2025-09-01.
  16. Maitiú Ó Coimín 1 Meán Fómhair 2025 (2025-09-01). "Seán Kelly éirithe as feachtas na huachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-01.