Feachtas Philadelphia
| ||||
| Cineál | feachtas míleata | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá | |||
| Tréimhse | 1777 - 1778 | |||
| Suíomh | Nua-Gheirsí, SAM | |||
| Codanna | ||||
Ba fheachtas míleata é Feachtas Philadelphia, 1777–1778,[1] i rith Chogadh Saoirse Mheiriceá. D'éirigh leis na Briotanaigh smacht a fháil ar Philadelphia, príomhchathair na ré réabhlóidí. in 1777 ach chúlaigh siad siad chun Nua Eabharc i mí an Mheithimh 1778.

Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an Dara Comhdháil Ilchríche le chéile ann sa bhliain 1775. Ba é sin an áit ar bunaíodh an tArm Ilchríche agus ar ceapadh George Washington ina cheannasaí air sa bhliain 1775. Ansin, ghlac siad le Dearbhú na Neamhspleáchais ar an 4 Iúil 1776, rud a chuir an cogadh ar bhonn foirmiúil.
I bhfeachtas Philadelphia, bhí an Ginearál Briotanach William Howe ag iarraidh an tArm Ilchríche faoi George Washington a mhealladh chun catha i dTuaisceart New Jersey. Theip air go hiomlan.
Ansin, thug Howe a arm go ceann thuaidh Bhá Chesapeake. Thosaigh siad ag dul ó thuaidh i dtreo Philadelphia. Rinne Washington cosaintí in aghaidh Howe ag Brandywine Creek. Ach brúdh siar é i gCath Brandywine ar an 11 Meán Fómhair 1777. Tar éis tuilleadh scirmisí, ghlac Howe seilbh ar Philadelphia. Ansin d'ionsaigh Washington garastún amháin de chuid Howe ag Germantown gan éirí leis.
Chúlaigh Washington go Valley Forge don gheimhreadh, áit ar bhain sé féin agus 12,000 saighdiúir aghaidh ar an ngeimhreadh ba chrua den chogadh, lena n-áirítear easpa bia agus éadaigh. Bhí feachtas na bliana 1777 an-dian don Arm Ilchríche. Throid na Meiriceánaigh cathanna móra ag Brandywine, Germantown agus Whitemarsh, ach theip orthu cosc a chur ar na Briotanaigh seilbh a ghlacadh ar an bpríomhchathair, Philadelphia.[2]






Geimhreadh 1777-1778
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 2 Nollaig 1777 scríobh an Ginearál George Washington chuig a chomhghleacaí Joseph Reed i ngeall ar an gceist chasta faoin láthair champála gheimhridh don Arm Ilchríche. D’iarr Washington roinnt comhairle chogaidh agus scríobh sé chuig a oifigigh ag lorg a dtuairimí chomh maith. Ainneoin na n-iarrachtaí seo, ní rabhthas in ann aontú ar an gceist.[2]
D’admhaigh Washington go raibh frustrachas air nuair a scríobh sé go raibh “an iliomad cur i gcoinne i ngeall ar gach réiteach a cuireadh chun cinn”, rud a chuir náire air faoina chinneadh féin an cheist a chur ar an oiread sin dá chomhghleacaithe san Arm Ilchríche.
Ag an am, bhí arm Washington ag campáil ag White Marsh, a bhí ar an taobh ó thuaidh de Germantown in Pennsylvania.
Ar an 5 Nollaig rinne an Ginearál Briotanach William Howe iarracht Washington a mhealladh chun catha ag Whitemarsh. Chloígh Washington lena láithreacha cosanta agus, i ndiaidh roinnt laethanta de scirmisí idir an dá arm, chúlaigh Howe go Philadelphia ar an 7 Nollaig, rud a chuir deireadh leis an séasúr feachtasaíochta.
Bhí Washington ag déanamh machnaimh ar na ceathrúna geimhridh ó mhí Dheireadh Fómhair. Creideadh nach mbeadh White Marsh oiriúnach de bharr easpa adhmaid chun botháin a thógáil, easpa soláthairtí, agus an baol ann go mbeadh na Briotanaigh in ann gluaiseacht ina gcoinne go héasca.
Chreid Washington gur chóir dóibh fanacht thiar ó Philadelphia, idir na Briotanaigh agus an Chomhdháil Ilchríche, a bhí lonnaithe i York. B’éigean fanacht garr go Philadelphia chun súil a choinneáil ar ghluaiseachtaí na mBriotanach.
I ndiaidh do na Briotanaigh tarraingt siar, d’ordaigh Washington don Airm Ilchríche dul siar. Ar an 8 Nollaig thrasnaigh cuid den arm Abhainn an Schuylkill. Ar an 13 Nollaig bhain príomhfhórsa na Meiriceánach an Gulph, fad is a chuaigh na saighdiúirí gortaithe agus tinne ar aghaidh go Reading. Ar an 17 Nollaig chuala Washington ón nGinearál Anthony Wayne go raibh Valley Forge oiriúnach. Cé go raibh drogall ar Washington a airm a scoilteadh, sheol sé roinnt trúpaí chomh fada le Wilmington, Delaware, chun soláthairtí criticiúla a chosaint.
Ar an 19ú Nollaig 1777, shroich an tArm Ilchríche, a raibh níos mó ná 12,000 saighdiúir ann, i dteannta na gcéadta sibhialtach, Valley Forge. Roghnaíodh an láthair de bharr go raibh tírdhreach ann go bhféadfaí a chosaint, bhí sé gar go Philadelphia a bhí 18 míle ar siúil, agus bhí fáil ar acmhainní nádúrtha sa cheantar. Thairg na cnoic mórthimpeall, Abhainn an Schuylkill, agus na coillte sa cheantar, uisce, adhmaid agus cosaint a bhí de dhíth chun fanacht slán i rith an gheimhridh.
B’éigean foscadh a lorg ar dtús báire. D’ordaigh Washington botháin adhmaid a thógáil fiú sular shroich an tArm Valley Forge. Ach ní raibh siad críochnaithe in am agus b’éigean do na saighdiúirí codladh i bpubaill agus foscadh déanta as géaga agus brainsí crainn.[2]
Earrach 1778
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lean tógáil na mbothán ar aghaidh faoi threoirlínte diana maidir le méid na mbothán, na teallaigh agus an t-insliú. Ainneoin an easpa uirlisí, adhmaid agus éadaigh, d’éirigh leo 2,000 bothán a thógáil. Mhair idir 12,000 agus 14,000 sna botháin.
Ba gheimhreadh lán cruatain é in Valley Forge do na Meiriceánaigh. Bhásaigh thart ar 2,000 ó ghalair agus ó easpa éadaigh nó bróga cearta. Ach ba thréimhse chlaochlaitheach don Arm Ilchríche é chomh maith. Chuathas i mbun traenáil mhíleata faoin mBarún Friedrich von Steuben, rud a chothaigh disciplín agus aontacht. Nuair a ceapadh Nathanael Greene mar an Máistir Ceathrún d’fheabhsaigh na córais soláthairtí go mór. De bharr go raibh Washington i láthair agus le feiceáil, agus ina theannta sin ag fulaingt an chruatain chéanna, cothaíodh nasc níos gaire idir é agus an t-arm ar a raibh sé i gceannas.[2]
Samhradh 1778
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharraing feachtas Howe conspóid. D'éirigh leis príomhchathair réabhlóideach Philadelphia a ghabháil. Ach chuaigh sé ar aghaidh go mall agus níor chabhraigh sé le feachtas comhuaineach John Burgoyne níos faide ó thuaidh. Ceapadh an Ginearál Sir Henry Clinton in áit Howe i mí na Bealtaine 1778.
I mí an Mheithimh 1778, tugadh ordú do Clinton Philadelphia a aslonnú. Ar an 19 Meitheamh 1778 sé mhí i ndiaidh dóibh Valley Forge a shroicheadh, d’fhág an tArm Ilchríche an láthair agus iad níos láidre, níos aontaithe agus traenáil níos fearr orthu. Lean fórsaí Washington an tArm Briotanach a bhí ag tarraingt siar; throid siad i gCath Monmouth, ceann de na cathanna ba mhó sa chogadh. Chuaigh trúpaí Clinton go dtí Cathair Nua-Eabhrac.
Ba thréimhse cinniúnach é an tréimhse sa bhua a bhain na Meiriceánaigh amach i gcoinne na mBriotanach ina gcogadh ar son na saoirse.[2] I mí Mheán Fómhair 1778, fuair an dá arm iad féin sna áiteanna straitéiseacha céanna, beagnach, ina rabhadar sular sheol Howe an t-ionsaí ar Philadelphia. Ansin buaileadh na Briotanaigh go dona i gCathanna Saratoga (19 M.F. 1777 agus 7 D.F.1777), uair chinniúnach i stair na Stát Aontaithe. Tharraing sé sin an Fhrainc isteach sa chogadh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Filideilfia. i mBéarla, an Philadelphia campaign
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Kerron Ó Luain (2025-12-19). "Téann Arm Ilchríche George Washington go Valley Forge, an 19 Nollaig 1777" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-12-25.
