Falscaithe i ndeisceart California, Eanáir 2025
| ||||
Cineál | falscaí tubaiste nádúrtha ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | 2025 California wildfires (en) ![]() ![]() | |||
Tréimhse | 7 - 31 Eanáir 2025 | |||
Dáta na bliana | 7 Eanáir 2025 ![]() | |||
Suíomh | Contae Los Angeles, California Contae Ventura, California Contae San Bernardino, California Contae Riverside, California Contae San Diego, California Contae Santa Barbara, California ![]() | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() | |||
Achar dromchla | 11,000 ha ![]() | |||
Líon básanna | 28 25 ![]() | |||
Meán cumarsáide | ||||
Codanna | ||||
Bhris falscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, de bharr gaotha láidre suas le 100km san uair.[1] Ba mhillteanach an tubaiste é, an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá.[2] Bhí costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach.[3]
Ní raibh amhas ar shaineolaithe go raibh tionchar mór ag an athrú aeráide ar na coinníollacha triomachta srl ba chúis le scaipeadh na dtinte.



Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d’fhás an-chuid fásra. Ach theip ar shéasúr na báistí in 2024. Tar éis an triomaigh seo, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna.
Ina theannta sin, bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain le linn 2024-2025. Ar an 10 Eanáir 2025, dúirt an tseirbhís Copernicus, a dhéanann anailís ar an athrú aeráide, gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[4]
D'imigh El Nino le linn 2024 ach tháinig La Nina ina áit.[5] Bhí an aimsir i dtús 2025 thar a bheith gaofar agus bhí an scrobarnach agus na foraoisí chomh tirim le sponc. Scaipeadh na falscaithe mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana, agus ar an easpa báistí.[3]
Dúirt na saineolaithe go raibh na falscaithe sna Stáit Aontaithe ag tarlú mar thoradh díreach ar athrú aeráide.[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhris tinte scrobarnaigh amach ar an 7 Eanáir. Thosaigh na tinte foraoise ag scaipeadh as éadan i stát California go gairid ina dhiaidh sin. Bhí cathair Los Angeles go mór faoi léigear ag na tinte a chuaigh in olcas de bharr neartú na gaoithe. Bhí trí thine éagsúla ann idir 7-9 Eanáir (Palisades,[6] Hurst[7] agus Eaton[8]) agus contúirt an-mhór ag baint leo.[9] Ó 7 go dtí an 13 Eanáir, bhí 23,700 acra atá dóite i gceantar na Palisades, agus 14,000 acra i dtine Altadena. Bhí 180,000 duine atá faoi ordú aslonnaithe ar an 9 Eanáir.
Bhí 28 maraithe ar a laghad. Scriosadh suas le 14,000 teach cónaithe agus foirgnimh eile go hiomlán, dóite go talamh an chuid is mó. Thug na húdaráis sa chathair ordú do suas le 180,000 duine a dtithe cónaithe a thréigean.
Cuireadh seirbhísí ar fáil do dhaoine a raibh orthu a dtithe a fhágáil. Fadhb mhór ba ea an chreachadóireacht. Cuireadh cuirfiú i bhfeidhm chun dul i ngleic leis.
Thosaigh daoine áirithe ag déanamh a mbealaigh ar ais ar an 10 Eanáir, agus na húdaráis ag rá leo áfach a bheith cúramach mar go raibh cuid mhór damáiste déanta ann agus bhí struchtúir áirithe míshocair.[9]
Costas
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhéadfadh sé go gcosnódh na tinte sléibhe seo suas le 150 billiún dollar ar phobal Los Angeles. Tá luach 6 mhí de chúiteamh á thairiscint ag an Uachtarán Biden agus é i gceist ag Rialtas Mheiriceá an costas ar fad a bhaineann leis an athchóiriú a íoc ar ais le stát California.[9]
Bhí leibhéil arda truailliú aeir i Los Angeles de bharr na bhfalscaithe.
Dúirt Gobhanóir Chalifornia, Gavin Newsom go ndéanfar an chathair atogáil agus go mbeadh "Marshall Plan" don chathair ann, macasamhail an phlean tacaíochta a thug na Stáit Aontaithe don Eoraip tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ach bhí neamhinniúlacht curtha i leith oifigigh an stáit ag an Uachtarán-tofa Donald Trump.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-01-13). "24 marbh sa loscadh i gCalifornia" (as ga-IE).
- ↑ Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge, Londain (18 Eanáir 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-01-19.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ "January 2025 update: La Niña is here | NOAA Climate.gov" (en). www.climate.gov (2025-01-09). Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ "Palisades Fire (2025)" (as en) (2025-01-10). Wikipedia.
- ↑ "Hurst Fire" (as en) (2025-01-10). Wikipedia.
- ↑ "Eaton Fire" (as en) (2025-01-10). Wikipedia.
- ↑ 9.0 9.1 9.2 Nuacht RTÉ (2025-01-10). "Deichniúr ar a laghad maraithe i California" (as ga-IE).