Fadhb neoidríonónna na Gréine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An difríocht idir líon na neoidríonónna ba cheart a bheith á n-astú ag na próisis núicléacha a fhuinnmhíonn an Ghrian gach soicind i dtreo an Domhain agus an líon a thomhaistear ar Domhan. Thug an fisicí Meiriceánach Raymond Davis (1914-2006) an difríocht seo faoi deara, tar éis dó tosú ar a thurgnamh chun flosc na neoidríonónna atá ionsaitheach ar an Domhan a thomhas i 1967. Níl réiteach ar an bhfadhb seo fós agus cuid mhaith turgnaimh tomhais eile déanta ar fud an Domhain. Is dócha go mbeidh gá le hathbhreithniú ar mhionsamhlacha na Gréine is/nó nádúr an neoidríonó amach anseo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fadhb neoidríonónna na Gréine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.