Jump to content

Faclair Gàidhlig na Fantasachd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFaclair Gàidhlig na Fantasachd
Cineálfoclóir Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarFañch Bihan-Gallic Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaGaeilge na hAlban agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharfantaisíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Faclair Gàidhlig na Fantasachd ina stórchiste téarmaíochta agus nathanna a bhaineann le draíocht, airm, cluichí agus ábhair nach iad, arna thiomsú ag Fañch Bihan-Gallic. Dar leis, léiríonn an oiread daoine a bhaineann sult as leithéidí Tiarna na bhFáinní agus Doinsiúin ⁊ Dragain go bhfuil feidhm ag na réimsí seo focal i gcónaí sa lá atá inniu ann.[1]

Tá an foclóir bunaithe ar mheascán de théarmaí ó Dwelly (toisc go raibh formhór na bhfocal fós á gcleachtadh ag gnáth-lucht labhartha na teanga tráth a bhí seisean i mbun oibre), agus díolamaí eile, maille le "rud beag" nuachumadóireachta. D'fhéach Bihan-Gallic le bheith ag cruinniú focal a bhí ann cheana de rogha air sin áfach, a deir sé.[1]

Rinneadh an foclóir a sheoladh den chéad uair ag Comicon nan Eilean i Mí Dheireadh Fómhair 2024 agus arís ag an Taigh Chèilidh i Steòrnabhagh ar an 21 An Bealtaine 2025. Maítear go raibh cluichí ríomhaireachta ag "sìor nochdadh sa Ghàidhlig" le déanaí agus aistriúchán ar An Hobad ar tí a bheith foilsithe freisin.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nascanna amach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Is ionann "Breatnais" ag Albanaigh agus "Briotáinis" ag Éireannaigh (Scannell, 2016, s.v. "Breatnais")