Fabhcún coille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFabhcún coille
Hypotriorchis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdFalconiformes
FineFalconidae
GéineasFalco
FoghéineasHypotriorchis Cuir in eagar ar Wikidata

Is fabhcún measartha beag an-ghasta le sciatháin fhada chaola é an fabhcún coille. Tá sé an-aclaí san aer. Cé go bhfaigheann siad creach ar an talamh má tá an deis ann, is ar eite a ghabhtar an chuid is mó dá gcreach. Ní féidir le gabhláin ghaoithefáinleoga, éin an-sciobtha ar fad, éalú ón fhabhcún coille.

Cuirtear na fabhcúin choille le chéile i bhfoghéineas darb ainm Hypotriorchis mar gheall ar chosúlachtaí moirfeolaíochta. Bíonn go leor clúimh shlinnléith acu, agus bíonn stríoca dubha ar fad an taoibh íochtair de ghnáth. Bíonn na heireabaill go hiomlán dorcha, nó bíonn ach bandaí beaga orthu.[1]

  • Fabhcún coille Eoráiseach (F. subbuteo)
  • Fabhcún coille na hAfraice (F. cuvierii)
  • Fabhcún coille an Oirthir (F. severus)
  • Fabhcún coille na hAstráile (F. longipennis), neamhchoitianta ach go forleathan san Astráil; le linn an gheimhridh theas, téann roinnt éan ar imirce go dtí tuaisceart na mór-roinne nó go hoileáin Oirdheisceart na hÁise
  • Fabhcún coille súicheach (F. concolor) de fhásach na hAfraice Thuaidh
  • Fabhcún Eleonora (F. eleonorae) lonnaithe i gceantar na Meánmhara i rith an tsamhraidh thuaidh, agus téann sé ar imirce ó dheas go Madagascar le haghaidh an tsamhraidh theas.

Cuirtear na speicis seo a leanas san fhoghéineas go sealadach:

  • Fabhcún na Nua-Shéalainne nó karearea (F. novaeseelandiae)
  • Fabhcún donn (F. berigora)
  • Fabhcún taita (F. fasciinucha)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. White, Clayton M.; Olsen, Penny D. & Kiff, Lloyd F. (1994): Family Falconidae. In: del Hoyo, Josep; Elliott, Andrew & Sargatal, Jordi (editors): Handbook of Birds of the World, Volume 2 (New World Vultures to Guineafowl): 216-275, plates 24-28. Lynx Edicions, Barcelona. ISBN 84-87334-15-6

[[Catagóir:Éin]