Fa'a'ā

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh Fa'a'ā in Taihítí

Común agus baile mór in iarthuaisceart Taihítí, in Oileáin an Chumainn, i bPolainéis na Fraince, is ea Fa'a'āFaa'aFaaa. Ba chóir na trí shiolla a fhuaimniú, ach fuaimnítear é le dhá shiolla go minic, fiú insan áit féin. Tá Fa'a'ā go díreach in aice le Pape'ete, príomhbhaile Pholainéis na Fraince. Áirítear é mar fho-bhaile Pape'ete cé bhfuil níos mó daoine ina gcónaí in Fa'a'ā (29,851 sa bhliain 2012) ná in Pape'ete (25,769 i 2012). Bhí 133,627 duine ina gcónaí i mórcheantar Pape'ete ar fad sa bhliain 2012.

Gí go bhfuil na hoifigí rialtais, na bancanna, agus an calafort suite in Pape'ete, tá áiseanna tábhachtacha eile suite in Fa'a'ā. Orthu siúd tá Aerfort Idirnáisiúnta Faa'a, príomhaerfort Pholainéis na Fraince, agus Ollscoil Pholainéis na Fraince lena 2,000 mac léinn. Daingean polaitiúil Oscar Temaru is ea Fa'a'ā. Ceannasaí na bhfórsaí polaitiúla ar son an neamhspleáchais ón bhFrainc, uachtarán na tíre trí huaire, agus méara Fa'a'ā faoi láthair atá in Oscar Temaru.

Ollmhargadh Carrefour in Fa'a'ā