Jump to content

Foclóir Nua Béarla–Gaeilge Fhoras na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó FNBG)
WD Bosca Sonraí LeabharFoclóir Nua Béarla–Gaeilge
New English-Irish Dictionary
Cineálfoclóir ar líne, foclóir Ghaeilge agus foclóir Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh24 Eanáir 2013
EagarthóirPádraig Ó Mianáin Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáinfocloir.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Foclóir BéarlaGaeilge is ea Foclóir Nua Béarla–Gaeilge Fhoras na Gaeilge (FNBG) (Béarla: New English-Irish Dictionary, NEID) a bhfuil ar fáil saor in aisce ar líne ar an suíomh Focloir.ie mar aon leis an bhFoclóir Nua Gaeilge. Tháinig sé ar an bhfód ar an 24 Eanáir 2013.

Sa bhliain 2019, bhí breis is 48,000 iontráil agus 130,000 aonad céille le fáil ar an suíomh foclóireachta. Déantar nuashonrú rialta ar an mbunachar, i bhfianaise aiseolas ón bpobal agus focail is téarmaí nua a thagann in úsáid. Tá eolas gramadaí agus comhaid fuaime ag dul leis na hiontrálacha ar an suíomh chomh maith.[1]

Tháinig Cormac Breathnach i gcomharbacht ar Chathal Convery mar bhainisteoir sa bhliain 2019.[2] Tá Cormac Breathnach ag obair ar thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ó 2014. Bhí Cathal Convery ina Bhainisteoir Tionscadail ar an obair fhoclóireachta le breis is deich mbliana agus baint mhór aige le teacht ar an saol foclóir.ie agus lena fhorbairt ó shin.[3]

an Dr Pádraig Ó Mianáin ina eagarthóir ar an saothar.

Leagan clóite

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh leagan den fhoclóir Béarla-Gaeilge i gcló i bhfoirm leabhair, dar teideal Concise English-Irish Dictionary.[4][5]

30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua. Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie. 48,000 ceannfhocal atá san fhoclóir ar líne ach rinneadh ciorruithe don leagan clóite. 1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus tá 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann. Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe in 1959.[4][5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]