Fótagram
Cuma


Íomhá a dhéantar gan ceamara ná lionsa a úsáid is ea fótagram.[1] Cuirtear rud teimhneach, trétshoilseach nó trédhearcach ar pháipéar fótagrafach agus ansin déantar é a nochtadh i solas an lae. Déantar é a fhosú ansin i gceimiceáin nó in uisce.
Bíonn roinnt de na híomhánna lán le mionshonraí agus an-álainn. Bíonn dath bán ar na háiteanna atá blocáilte agus bíonn na háiteanna a nochtadh dorcha. Sin íomhá chlaonchló. B’fhótagraim a bhí i roinnt de na trialacha a rinneadh le linn na luath-ghrianghrafadóireachta.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dearbhchló (fótagrafaíocht), Sleamhnán (pictiúr)
- Cianachló
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Photogram
- ↑ Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "[https://web.archive.org/web/20240809042149/https://www.nationalgallery.ie/sites/default/files/2023-01/mean-abharthacht-draiocht-soc.pdf Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann]". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026-05-28.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |