Fóta-ianúchán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Táirgeadh ian le solasradaíocht leictreamaighnéadach le dóthain fuinnimh chandamaigh chun leictreoin a bhaint as na hadaimh. Mar shampla, cruthaítear is athchruthaítear ianaisféar an Domhain an t-am ar fad ag radaíocht ultraivialait i radaíocht na Gréine a chruthaíonn iain ó na hadaimh san atmaisféar. Mar shampla eile, cruthaíonn solas a ionsaíonn leathsheoltóirí díseanna leictreon is poll atá bunúsach i bhfeidhmiú griancheall.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fóta-ianúchán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.