Fórsa van der Waals
Is éard is fórsa van der Waals ann ná nasc an-lag idir adaimh neodracha. Tarlaíonn sé nuair a bhíonn luchtanna urchomhaireacha scartha amach óna chéile sna hadaimh, mar shampla i ndéphoil. Mar sin, ar bhonn logánta tarlaíonn fórsaí éartha is aomtha idir na hadaimh seo, agus fórsa glan an-lag eatarthu. Laghdaíonn fórsa seo van der Waals go géar in aghaidh an fhaid idir na luchtanna. Bíonn na naisc laga seo freagrach as leachtú héiliam is na dtriathghás eile.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nasc van der Waals". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 696.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |