Cláir Réime um Thaighde agus Forbairt Theicneolaíoch
Is cláir mhaoinithe iad na Cláir Réime um Thaighde agus Forbairt Theicneolaíoch (1984-2013) / Cláir Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-inniu)[1] (Béarla: Framework Programmes for Research and Technological Development / Framework Programme for Research and Innovation), cruthaithe ag an Aontas Eorpach/Coimisiún Eorpach chun taighde sa Limistéar Eorpach Taighde (LET) a thacú. Ón mbliain 2014 i leith, tugadh an t-ainm Fís ar na cláir.
Thosaigh na cláir chistithe sa bhliain 1984. Tá buiséad le €95.5 billiún thar seacht mbliana ag an gclár is déanaí, Fís Eorpach.
Tá cuspóirí ar leith ann idir na tréimhsí maoinithe. Le haghaidh FP6 agus FP7, bhí an béim ar thaighde teicneolaíochta. Don chlár Fís 2020, bhí an béim ar nuálaíocht, fás eacnamaíochta, agus réitigh a cúig ar fáil go minic do ghníomhaireachtaí rialtais.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá alt ann i gConradh Amstardam, maidir le taighde agus forbairt teicneolaíochta. Déantar na cláir ag seirbhísigh an Coimisiún, le tacú ó grúpaí comhairleacha agus stocairí, mar shampla, an Grúpa Comhairleacha um Teicneolaíochtaí na Sochaí Faisnéise (ISTAG).[2]
Na cláir réime
[cuir in eagar | athraigh foinse]Suas go dtí FP6, bhíodh cúig bhliana i ngach clár; as FP7 ar aghaidh, tá anois seacht mbliana ann. Feictear a leanas na Cláir Réime agus a mbuiséid.[3]
| ID | Clár Réime | Tréimhse | Buiséad (€bn) |
|---|---|---|---|
| FP1 | Céad[4] | 1984–1987 | 3.8 |
| FP2 | Dara[5] | 1987–1991 | 5.4 |
| FP3 | Tríú[6] | 1990–1994 | 6.6 |
| FP4 | Ceathrú[7] | 1994–1998 | 13.2 |
| FP5 | Cúigiú[8] | 1998–2002 | 15.0 |
| FP6 | Séú[9] | 2002–2006 | 16.3 |
| FP7 | Seachtú | 2007–2013 | 50.5 (7 mbliana) 2.7 (Euratom, 5 bhianna[10] |
| FP8 | Fís 2020 | 2014–2020 | 77 |
| FP9 | Fís Eorpach | 2021–2027 | [11][12]95.5 |
| FP10 | Fís Eorpach | 2028-2034 | 175 (moladh)[13] |
Ionstraimí maoinithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]FP6 agus FP7
[cuir in eagar | athraigh foinse]
De ghnáth, mhaoinítí tionscadailFP6 agus FP7 (2002–2013) trí ionstraimí, mar shampla:
- Tionscadail comhtháthaithe (IP)
- Gréasán um Thaighde Barr Feabhais (NoE)
- Tionscadail Taighde Spriocdhírithe (STReP)
- ComhThionscnamh Teicneolaíochta (JTI)
Fís 2020
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fís 2020 ba ea an t-ochtú clár réime (FP8) a chuir maoiniú ar fáil do thaighde, forbairt teicneolaíoch agus nuálaíocht. Athraíodh ainm an chláir go dtí "Cláir Réime um Thaighde agus Nuálaíocht".
Aiseolas agus feabhsuithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cáineadh na cláir ar bhoinn éagsúla, amhail is gur laghdaigh siad iomaíochas na hEorpa.[14][15]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht". IATE. Dáta rochtana: 2026-08-16.
- ↑ "ISTAG website". cordis.lu (20 Deireadh Fómhair 2011). Dáta rochtana: 29 Samhain 2011.
- ↑ Artis, M. J. and F. Nixson, Eds. "The Economics of the European Union: Policy and Analysis" (4th ed.), Oxford University Press 2007
- ↑ Council resolution of 25 July 1983 on framework programmes for Community research, development and demonstration activities and a first framework programme 1984 to 1987; OJ C208 – 04/08/1983; Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
- ↑ Council Decision of 28 September 1987 concerning the framework programme for Community activities in the field of research and technological development (1987 to 1991); OJ L302 – 24 October 1987; 87/516/Euratom, EEC; Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
- ↑ Council Decision of 23 April 1990 concerning the framework Programme of Community activities in the field of research and technological development (1990 to 1994); OJ L117 – 08/05/1990; 90/221/Euratom, EEC; Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
- ↑ Decision No 1110/94/EC of the European Parliament and of the Council of 26 April 1994 concerning the fourth framework programme of the European Community activities in the field of research and technological development and demonstration; OJ L126 – 18 May 1994; No 1110/94/EC; Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
- ↑ Decision No 182/1999/EC of the European Parliament and of the Council of 22 December 1998 concerning the fifth framework programme of the European Community for research, technological development and demonstration activities (1998 to 2002); OJ L26 – 01/02/1999; No 182/1999/EC; Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
- ↑ Decision No 1513/2002/EC of the European Parliament and of the Council of 27 June 2002 concerning the sixth framework programme of the European Community for research, technological development and demonstration activities, contributing to the creation of the European Research Area and to innovation (2002 to 2006); OJ L232 – 29 August 2002; No 1513/2002/EC; Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
- ↑ "How is FP 7 structured? from FP7 in Brief". an Coimisiún Eorpach. Dáta rochtana: 31 Iúil 2011.
- ↑ "Fís Eorpach" (22 Nollaig 2025).
- ↑ "What is the budget of Horizon Europe?" (6 Bealtaine 2021).
- ↑ "Buiséad an Aontais 2028-2034 le haghaidh Eoraip níos láidre". commission.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-07-22.
- ↑ Financial Control and Fraud in the Community. House of Lords Select Committee on the European Communities, 12th Report. Londain: HMSO (1994).
- ↑ H. Matthews, The 7th EU research framework programme. Nanotechnol. Perceptions 1 (2005) 99–105.