Féile na Meán Ceilteach
| Cineál | féile scannánaíochta | ||
|---|---|---|---|
| Bailíocht | 1980 - | ||
| Suíomh | Na náisiúin Cheilteacha | ||
| Suíomh gréasáin | celticmediafestival.co.uk | ||
Tá Féile na Meán Ceilteach ina ceiliúradh mór ar na scannáin, an teilifís, an raidió, agus na meán digiteach is fearr ó réigiúin Cheilteacha na hEorpa agus ón nGailís.[1]
Tá sé mar aidhm aici aos teilifíse agus scannánaíochta a thabhairt le chéile le saothar a chéile a cheiliúradh, le comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a thionscnamh agus le dul in iomaíocht lena chéile do ghradaim an Toirc, na duaiseanna do na cláir agus na scannáin is fearr don bhliain agus do lucht a ndéanta.[2]

Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 29 catagóir a bhaineann le fís agus le fuaim i gceist agus is comhartha sóirt aitheanta é an Torc do bharrchaighdeán na hoibre. Ar ndóigh, bíonn go leor scannáin Bhéarla a dhéantar sna réigiúin Cheilteacha in iomaíocht don Torc (an gradam atá baiste as an fháinne muiníl a chaitheadh na sean-Cheiltigh fadó).[2]
Reáchtáladh an fhéile i nGaoth Dobhair in 2023, sa Bhreatain Bheag in 2024, i gCorn na Breataine in 2025, agus i mBéal Feirste in 2026. Cuirtear teorainn ar an tinreamh ag 450 go 500 duine.[2]
Stiúrann Catriona Logan an Fhéile; fuair sí post ann in 2011. As Mullach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath ó dhúchas do Catriona, cé go bhfuil sí i ndiaidh an chuid is mó dá saol a chaitheamh i Sasana agus in Albain.[2]
Is í Áine Walsh, ceannasaí Chiste Craoltóireachta na Gaeilge, atá ina cathaoirleach ar Fhéile na Meán Ceilteach (bhí sí ar an choiste le fada an lá).[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ainmniúcháin láidre Éireannacha fógartha do Ghradaim Torc ag Féile na Meán Ceilteach 2026" (13 Márta 2026). An Páipéar (71).
- 1 2 3 4 5 Roibeard Mac Maoláin (2025-11-12). "Catriona sásta go bhfuil Féile na Méan Ceilteach ag teacht go hÉirinn" (ga-IE). Seachtain / Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-11-18.
| Is síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta a bhaineann le scannáin
- Féile na Méan Ceilteach
- Féilte Ceilteacha
- Féilte scannán
- Féilte idirnáisiúnta
- Gradaim teilifíse
- Dámhachtainí scannánaíochta
- Dámhachtainí
- Duaiseanna Idirnáisiúnta
- Duaiseanna
- Comórtais Teilifíse
- Gradaim na Gaeilge
- Craoltóireacht
- Meáin na Gaeilge
- Meáin chumarsáide
- Tionscal na meán
- Scannánaíocht
- Scannáin Ghaeilge
- Tionscal na teilifíse
- Raidió
- Cultúr na hAlban
- Meáin na hÉireann
- Scannáin na hÉireann
- Cultúr na Breataine Bige
- Cultúr na Briotáine
- Cultúr Chorn na Breataine
- Cultúr Oileán Mhanann
- Bunaithe sa bhliain 1980
- Tograí idircheilteacha