Féile Glastonbury
| ||||
| Cineál | féile cheoil | |||
|---|---|---|---|---|
| Bailíocht | 1970 - | |||
| Suíomh | Pilton, England | |||
| Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
| Suíomh gréasáin | glastonburyfestivals.co.uk | |||
| Haischlib | #Glastonbury | |||
Is féile cheoil é Féile Glastonbury a bhíonn ar siúl i Worthy Farm, Glastonbury, Somerset in iardheisceart Shasana. Reáchtáiltear é beagnach gach bliain; ligtear an gort ina bhán ó am go ham.
D’eagraigh an feirmeoir Michael Eavis an Féile den chéad uair sa bhliain 1970. Is feirm dhéiríochta é Worthy Farm agus go bíonn bliain ina bhán de dhíth ó am go ham, mar shampla in 2026.[1]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Kneecap ar an stáitse i nGlastonbury in 2025. Ach seachtain roimhe sin, tugadh Mo Chara, nó Liam Óg Ó hAnnaidh os comhair na cúirte i Londain. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta – dúradh gur thaispeáin sé bratach a bhí ag tacú le Hezbollah ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna 2024. Dúirt Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer ag an am gur chreid sé nár chóir go mbeadh ceolchoirm Kneecap i nGlastonbury á léiriú ar an teilifís (ní raibh Kneecap le fáil ar BBC Replay).[2][3][1]
D'fhógair na póilíní nach gcuirfear an dlí ar Kneecap as an méid a dúirt siad ar an stáitse in 2025. Ach bhí fiosrúchán ar bun acu i gcónaí faoin méid a dúirt an grúpa punk rap Bob Vylan ar an stáitse ag Glastonbury an oíche chéanna.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (28 Meitheamh 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ Rowena Mason, Jamie Grierson, Robyn Vinter (2025-06-29). "Streeting condemns anti-IDF chants at Glastonbury but says ‘Israel should get its own house in order’" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ RTÉ News (2025-06-28). "Kneecap lead Glastonbury in chants against Starmer" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-18). "'Ní chuirfear an dlí ar Kneecap faoi Glastonbury' – póilíní" (as ga-IE).
