Jump to content

Féile Cheltenham

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile Cheltenham
Map
 51° 55′ 13″ N, 2° 03′ 28″ O / 51.9203°N,2.0578°W / 51.9203; -2.0578
Cineálféile
ócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinthejockeyclub.co.uk… Cuir in eagar ar Wikidata
Ráschúrsa Cheltenham
Corn Óir Cheltenham

Reáchtáiltear Féile Cheltenham i Ráschúrsa Cheltenham, Prestbury Park, Gloucestershire, féile bliantúil i mí an Mhárta ar a bhfuil spéis agus freastal traidisiúnta ag Éireannaigh air.[1]

Ocht gcinn de chomhlachtaí geallghlacadóireachta a bhí i mbun urraíochta in 2026 (BetMGM, Paddy Power, Boodles agus mar sin de).[2] Bhí duaischiste £5 mhilliún (€5.75) ag baint leis an iomaíocht i Cheltenham in 2026 agus os cionn a leath sin ag dul chucu siúd is túisce a thrasnóidh an líne sna 28 rása. Bhí £625,000 (€718,000) ag dul leis an gCorn Óir agus thart ar €450,000 le fáil as an Champion Hurdle, Champion Chase agus an Ryanair. Is é rás na gcapall seilge an t-aon cheann nach bhfuil ar a laghad €86,000 as.[3]

Tá an ceangal leis an rítheaghlach ar cheann de sheantraidisiúin na háite freisin – péire de na rásaí ainmnithe ina n-onóir i gcónaí . Tugtar ómós freisin do sheanlaochra an spóirt – an capall Arkle, na traenálaithe/marcaigh Martin Pipe, Fulke Walwyn, Fred Winter agus Johnny Henderson.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Cearbhall Ó Síocháin / RTÉ (2025-03-11). "Stail agus láir ag rith ag Cheltenham" (as ga-IE).
  2. "Sponsors and Partners" (en-gb). www.thejockeyclub.co.uk. Dáta rochtana: 2026-03-11.
  3. Mártan Ó Ciardha (8 Márta 2026). "Corn Óir Cheltenham – bíonn blas ar an mbeagán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-10.