Jump to content

Fánaí digiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Oibrí easaoránach é an fánaí digiteach de ghnáth, ag fánaíocht go digiteach ó chaifé go caifé, ó ionad comhoibre go ionad comhoibre. agus ó chathair go cathair. D'éirigh an modh oibre coitianta le linn Covid-19 sna 2020idí luath. Caifé nó ionad comhoibre agus líonraithe atá an láthair oibre go minic.

Tá an modh oibre sin éirithe chomh coitianta sin anois go bhfuil cosc curtha air scun scan ag caiféanna áirithe (mar shampla fógra ar dhoras: ríomhaire glúine agus líne dhearg tríd). I dtithe caife eile, seo an margadh neamhscríofa, ach intuigthe: cupán caife nó tae amháin in aghaidh an uair an chloig mar ‘chíos’ ar láthair oibre agus wifi saor in aisce nuair nach mbíonn sé gnóthach, greim bia lena chois le linn am bricfeasta, lóin nó dinnéir.[1]

Deirtear uaireanta nach bhfuil an stíl bheatha fánaí digiteach inmharthana go fadtréimhseach. Mothaím uaim comhghleacaithe, comhghleacaithe dáiríre. Comhghleacaithe de chineál iad na daoine a a chastar orm san ionad comhoibre, agus áit den scoth atá ann chun aithne a chur ar dhaoine, ach ní bhíonn siad ag obair sa chomhlacht céanna nó fiú amháin sa réimse chéanna agus lena chois sin is daoine ón iasacht iad an chuid is mó acu, rud a fhágann go mbíonn an fánaí digiteach sáinnithe i mbolgán na n-ex-pats, na hoibrithe easaoránacha.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Alex Hijmans (14 Márta 2026). "Bhí mé ag súil le bheith i m’fhánaí digiteach arís, ach tá an saol sa chaifé athraithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-24.
  2. Alex Hijmans (18 Aibreán 2026). "TUAIRISC ÓN EORAIP: Ní cathair mar a tuairisc í an fhánaíocht dhigiteach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-24.