Jump to content

Fáithling

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Paróiste sibhialta, baile fearainn agus toghroinn in oirthear Contae Phort Láirge in Éirinn[1] is ea Fáithling.[2] De réir daonáireamh 2022, bhí 242 duine ina gcónaí sa limistéir.[3] Tá Fáithling suite ar cheann tíre ag cumar Abhainn na Siúire agus Abhainn na Bearróige, agus tá an sráidbhaile Pointe na Síge suite ar an taobh thoir thuaidh den cheann tíre. [4]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilFáithling

Suíomh
Map
 52° 15′ 39″ N, 7° 01′ 09″ O / 52.260814°N,7.01908°W / 52.260814; -7.01908
TírÉire
Daonra
Iomlán242 (2022)
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
UTC00±00
Logainm.ie50329

Bhí muintir Aighleart ina dtiarnaí talún i bhFáithling i rith na meánaoise[5]. I ndiaidh an Léigear Phort Láirge, gabhadh a dtailte uathu agus bronnadh iad ar shaighdiúir Cromwell, William Bolton, sular ghlac muintir de Paor úinéireacht air ag tús 19ú déag. [4] [6]

Tógadh Teach Fháithlinge c.1783 faoi stiúir an tiarna talún ag an am, Cornelius Bolten. Creidítear go raibh fear darb John Roberts ina ailtire don teach, an fear céanna a thóg cuid mhór de na príomhfhoirgnimh i gCathair Phort Láirge, An Amharclann Ríoga, Halla na Cathrach agus dhá ardeaglais ina measc.[7]

Ag tús an 19ú haois, rinneadh féinmheach de Cornelius Bolten agus dhíol sé an eastát do mhuintir de Paor, a bhog isteach sa teach in 1819.[5] D'fhorbair muintir de Paor Teach Fháithlinge tríd an 19ú agus an 20ú haois.[7][8]

Mar Chaitliceach, thacaigh Nioclás de Paor le figiúirí cosúil le Dónall Ó Conaill agus Éamann Iognáid Rís agus deirtear gur thug an bheirt fhir seo cuairt ar Fháithling. In 1936 dhíol muintir de Paor an teach leis na Bráithre De La Salle agus bhain siad úsáid as mar chliarscoil. In 1985 dhíol na Bráithre an talún agus d'éirigh sé ina óstán ina bhfuil sé fós sa lá atá inniu ann.[6][7]

Mhaoinigh Nioclás de Paor eaglais pharóiste nua a thógáil do na Caitlicigh i bhFáithling, agus tógadh Eaglais Naomh Nioclás in aice leis an seanshéipéil de chuid na Normannach in 1824.[7] Tá sé laistigh de pharóiste Caitliceach Chill Aodha, an Chrúic agus Fháithlinge i nDeoise Phort Láirge agus Lios Mór . [9]

Tá roinnt áiseanna spóirt ar fáil i bhFáithling. Tá galfchúrsa le 18 bpoll agus ionad fóillíochta le giomnáisiam agus linn snámha a bhaineann leis an óstán ann.[10][11] Chomh maith leis sin tá club sacair áitiúil darb ainm Park Rangers ann.[12]

52° 16′ N, 7° 01′ O / 52.26°N,7.02°W / 52.26; -7.02 [[Catagóir:Bailte Fearainn in Éirinn]]

  1. Faithlegg Townland, Co. Waterford”. townlands.ie. Dáta rochtana: 8 August 2025.
  2. Fáithling/Faithlegg”. logainm.ie. Placenames Database of Ireland. Dáta rochtana: 8 August 2025.
  3. "Daonra Fháithling | cso.visual.ie". Dáta rochtana: 2026-02-25.
  4. 1 2 "A Topographical Dictionary of Ireland" (1837). Lewis.– tríd waterfordmuseum.ie
  5. 1 2 Andrew Doherty (2018-12-14). "Power family era of Faithlegg House". Dáta rochtana: 2026-03-01.
  6. 1 2 History of Faithlegg House Hotel History”. faithlegg.com. Dáta rochtana: 8 August 2025.
  7. 1 2 3 4 Andrew Doherty (2017-06-02). "Faithlegg House | Tidesandtales.ie". Dáta rochtana: 2026-02-25.
  8. Faithlegg House, Faithlegg, Waterford”. Buildings of Ireland. Dáta rochtana: 8 August 2025.
  9. Parish of Killea, Crooke & Faithlegg”. killeacrookefaithlegg.com. Dáta rochtana: 8 August 2025.
  10. "Faithlegg Golf Club | www.faithlegggolfclub.com". Dáta rochtana: 2026-02-25.
  11. "Faithlegg Leisure Centre | www.faithlegg.com". Dáta rochtana: 2026-02-25.
  12. "Park Rangers A.F.C". Dáta rochtana: 2026-02-25.