Fáil Inis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, coileán Lugha Lámhfhada ab ea Fáil Inis. Dochloíte a bhí an cú i mbun cogaidh, rug sé gach ainmhí fiáin ar bhuail sé leis, agus bhí sé ar a chumas uisce reatha a iompú go fíon á fholcadh ann.[1] Ar ceann den dá dhuais déag a d'éiligh Lugh ar an gclann Tuireann (Brían, Iuchar agus Iucharba) mar éiric as marú a athair, Cian.[2] Ba le rí na hIoruadh an cú sula bhfuair mic Tuireann é,[3] agus dúradh mar gheall air "go dtitfeadh gach beithíoch fiáin an domhain […] as a seasamh" agus gur "níos soilsí ná an ghrian ina rotha tintrí."[4][5]

Fianuithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oidheadh Chlainne Tuireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear lánainm an chú, Fáil Inis, sa scéal Oidheadh Chlainne Tuireann (Féach Brian, Tuireann), a caomhnaítear ach i lámhscríbhinní den luath 18ú haois amach. Níor cumadh ní an chú nó a ainm sa ré úd. Tá cur síos gearr i Leabhar Gabhála na hÉireann faoi éilimh Lugha, ina insítear go bhfuair sé "Cuilen rīg goband na hiruaidhe" (coileán rí-ghabha na hIoruaí), a bhí "ina chú le hoíche agus ina chaora le lá", agus athraíodh go fíon pé uisce a bhuailfeadh a chraiceann (Sean-Ghaeilge: croccenn).[6] Ní thugtar ainm an chú sa Leabhar Gabhála.

Duan 12ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear an cú i nduan na Fiannaíochta den 12ú haois, Dám Thrír Táncatair Ille, Dámh/buíon triúir thangadar uile.[7]

"Coileán rí na hIoruaidhe ... a bhí le Lugh na Leann... D'fhásadh leann/meá nó fíon di, dá d'fholcfadh sí i n-uisce foinse."

Tugann triúr fear ón Ioruaidh leo cú draíochta, Salinnis[8] nó Fáil inis,[9]) a athraíonn uisce foinse ar bith a bhuaileann leis ina leann nó fíon. Ba le Lugh na Leann[10] an cú tráth. Maraíonn an cú dunne de na Fianna (Dubhán mac Breasail), agus de bharr, tógadh an madra ón triúr acu (Sela, Dorait, Domnán) mar chúiteamh. Maraíonn na Fianna an cú ansin agus feannadh a sheithe (is dóigh lena chumhachta déanta fíona fós ann), agus imíonn leo ar eachtraí thar lear.

Agallamh na Seanórach[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Agallamh na Seanórach,[11] a aithrisíonn Caílte, déantar cur síos ar thriúr ón Ioruaidh[12] a bhuail na Fianna leo, cé go bhfuil ainmneacha éagsúla acu (Dub, Ág, Ilar). FermacFer Mac is ainm dá gcú draíochta,[13][14] agus ní deirtear gur le Lugh a bhí sé. Cú ioldathach an ea, a belched out dúinn chomh maith le hór agus airgead. Madra mór le lá, chrapadh sé go gaidhrín le hoíche. Chuaigh beirt fhear faire (prionsaí na nUladh) ag spiaireacht faoi choim na hoíche, i sárú rabhadh an triúir, ach mhúscail an gaidhrín gaoth dhraíochta lena eireaball, agus scuabadh na fir chun siúil, a gclaimhte sáite isteach a chéile.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ellis 1987, lch. 145.
  2. Ellis 1987, lch. 112.
  3. Onomasticon Goedelicum, "hirotae"
  4. O'Curry, eag. & aistr., Fate of the Children of Tuireann, Atlantis IV, lch. 162/3
  5. Lebor Gabhala, Cuid 319, agus an duán den 12ú haois.
  6. Macalister ed., ¶319 agus dán poem LXVI. Níor aistrigh Macalister an focal "craiceann" sa chúis próis, ach sa dán, strophe 14, deir sé "whelp… of the royal smith of Iruaith, wine would be every water… which is put upon its skin.")
  7. cf., 4 stanzas excerpted in O'Curry, Atlantis IV, 396-7
  8. Leabhar Laighneach, Stern, in Festschrift Wh. Stokes
  9. Lios Mór, Stokes, ZCP 3, lch. 432
  10. leann2 ar teanglann.ie FGB, Lugh na mBrat, truailliú d'ainm máthartha Lugha "mac Ethlenn", mar a chuir Stern le fios, op. cit.
  11. Stokes eag. & aistr.; Dooley & Roe aistr.
  12. Dooley & Roe, Tales of the Elders of Ireland, lch. 153
  13. Stokes tr., Irische texte, lch. 237. Supplementary translation is given here because it is wanting in Standish O'Grady, Silva Gadelica
  14. Aistriúchán le Dooley agus Roe, lch. 156