Foilseacháin Ábhair Spioradálta
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | foilsitheoir foilsitheoir leabhar |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1956 |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
Is teach foilsitheoireachta é Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FS nó FÁS[1]) atá faoi choimirce na nÍosánach. Bunaíodh FS i 1956 “chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí”.[2][1] Tá breis agus trí scór leabhar foilsithe acu. Faigheann lucht síntiúis An Timire na leabhair nua a fhoilsíonn FÁS isteach sa mhargadh.[1]
D'fhás an teach foilsitheoireachta as Geamhar, iris bheag a bhí ag Cuallacht Mhuire gan Smál. Bhí Breandán Mac Giolla Choille ina eagarthóir ar an iris. Chuir ceapadh Éilís Ní Thiarnaigh mar eagarthóir sa bhliain 2000 tús le ré nua don bhfoilsitheoir. Alan Mac Eochagáin a tháinig i gcomharbacht uirthi agus ó 2012 i leith is é Frainc Mac Brádaigh atá ina eagarthóir.[1][2]
Déanfar ceiliúradh sa bhliain 2026 ar 70 bliain d’Fhoilseacháin Ábhair Spioradálta.[2]
Tá foireann an ráitheacháin An Timire agus Foilseacháin Ábhair Spioradálta lonnaithe in aon oifig amháin, ar leis na hÍosánaigh í, ar Shráid Líosain Íochtarach i mBaile Átha Cliath.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 "Foilseacháin Ábhair Spioradálta – Chumann na Sagart". Cumann na Sagart. Dáta rochtana: 2025-11-03.
- 1 2 3 4 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2025). "Baol ann nach mairfidh an t-irisleabhar An Timire bliain eile gan socrú maoinithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-02.
| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |