Jump to content

Euskaltzaindia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaEuskaltzaindia

Cuir in eagar ar Wikidata

ManaEkin eta jarrai Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálEagraíocht Rialála Teanga
Teanga oifigiúilan Bhascais Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1919
Gníomhaíocht
Ball deBasque Language Publishers Association (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú 
  • Bilbao
  • Tír na mBascach
UachtaránachtAndres Urrutia
Iar-ainm
Euskaltzaindia
Real Academia de la Lengua Vasca
Académie de la langue basque Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.euskaltzaindia.eus/

Facebook: plazaberri X: plazaberri Cuir in eagar ar Wikidata

Is eagraíocht phoiblí teanga i dTír na mBascach í an Euskaltzaindia (Spáinnis: Real Academia de la Lengua Vasca - Fraincis: Académie de la Langue Basque - Gaeilge: Acadamh (Ríoga) na Bascaise) a bunaíodh sa bhliain 1919. Is iad príomhspriocanna na heagraíochta ná taighde a dhéanamh ar an mBascais, í a chaomhnú agus rialacha an phróisis normalaithe teanga a leagan amach. Tá an Euskaltzaindia aitheanta mar Acadamh Ríoga i Ríocht na Spáinne ó 1976 ann agus mar eagraíocht phoiblí neamhbhrabúis i bPoblacht na Fraince ó 1995 ann.[1]

Lógó oifigiúil an Euskaltzaindia

Tá ceanncheathrú an Euskaltzaindia lonnaithe i mBilboa le hoifigí áitiúla i Victoria-Gasteiz, Donostia, Iruña agus Baiona sa Fhrainc.[2]

Tús an Chumainn 1919-1936

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Euskaltzaindia i gcomhthéacs na hAthbheochana Bascach (1876-1936). Cuireadh tús leis an bpróiseas chun eagraíocht a bhunú ag an gcomhdháil Eusko Ikaskuntza in Oñati sa bhliain 1918 agus fuair an Euskaltzaindia stádas dlíthiúil sa bhliain 1919.[3]

Ba iad príomhspriocanna na heagraíochta ag an tús ná litriú caighdeánach a chruthú, an teanga a nuachóiriú, iasachtaí a sheachaint, agus teanga liteartha chomónta a chruthú.[4] Bliain ina dhiadh sin, foilsíodh iris oifigiúil an Euskaltzaindia, Euskera, den chéad uair.[3]

Bhí 12 acadamhaí san Euskaltzaindia nuair a bunaíodh é ar dtús agus ba é R. M. Azkue céad uachtarán na heagraíochta ó 1919 go 1951.[1] I measc na bpríomhacadamhaithe eile, bhí Severo de Altube, A. Campión, L. de Eleizalde, J. B. Egunzkitza, Dámaso de Intza, Ramón de Intzagarai, Georges Lacombe, M. Landerreche, Fierre Lhande, Ramón de Olabide agus J. de Urquijo ann.[5]

An Euskaltzaindia i rith na Deachtóireachta Franco 1936-1975

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an réimeas Franco stad ar ghníomhaíochtaí an Euskaltzaindia ag deireadh na 1930idí, ach tugadh cead don eagraíocht a fheidhmiú ag léibhéal bunúsach ó 1941 ar aghaidh.[4] Ó 1956 ar aghaidh, thosaigh an Euskaltzaindia ag teacht chuige féin le laghdú ar shrianta na Deachtóireachta.[3]

Sa bhliain 1968 ag an gcomhdháil Arantzazu, leagadh na bunchlocha le haghaidh teanga scríofa caighdeánaí le litriú, stór focal, deilbhíocht agus díochlaontaí comónta leagtha amach. Chríochnaigh an próiseas seo sa bhliain 1973 agus d'éirigh an obair seo mar bhonn an Euskara Batua (Gaeilge: Bascais Aontaoithe).[3]

An Euskaltzaindia sa lá atá inniu ann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu, bíonn 24 acadamhaí san Euskaltzaindia, le timpeall 30 fostaí agus 100 comhoibrí a chabhraíonn leis an eagraíocht a spriocanna éagsúla a bhaint amach. Buaileann na hacadamhaithe le chéile ar an Aoine dheireanach de gach mí.[6]

Eagar Inmheánach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn dhá phríomhroinn san Euskaltzaindia:[7]

- An Roinn um Thaighde (Bascais: Iker Saila) a dhéanann taighde ar ghnéithe teangeolaíochta éagsúla sa Bhascais: foclóireacht, caighdeán na Bascaise, gramadach, canúineolaíocht, ainmeolaíocht, litríocht, foghraíocht, fóineolaíocht, agus morfachomhréir.

- An Roinn um Chaomhnú Teanga (Bascais: Jagon Saila) a spreagann úsáid na teanga, ardchaighdeán sa teanga agus a chosnaíonn ceart na Bascaise a úsáid.

Foireann Bhainistíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Foireann Bhainistíochta an Euskaltzaindia (2026)[8]
Uachtarán Leasuachtarán Rúnaí Cisteoir Stiúrthóir na Roinne um Thaighde Stiúrthóir na Roinne um Chaomhnú Teanga
Andres Urrutia Itxaro Borda Miren Agur Meabe Roberto González de Viñaspre Miriam Urkia Paskual Rekalde

Uachtaráin an Euskaltzaindia[1]

[cuir in eagar | athraigh foinse]

R. M. Azkue 1919-1951

I. M. Extaide 1952-1962

J. M Lojendio 1963-1964

Manuel Lekuona 1967-1970

Luis Villasante 1970-1988

Jean Hartischelhar 1989-2004

Andres Urrutia 2005- inniu

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bhascais - Teanga á labhairt in oirthuaiceart na Spáinne agus iardheisceart na Fraince

Ikastolak - Scoileanna lán-Bhascaise

Foras na Gaeilge - Eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn

  1. 1 2 3 Euskaltzaindia. "About the Institution" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-07-21.
  2. Euskaltzaindia. "Delegations" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-07-21.
  3. 1 2 3 4 Euskaltzaindia. "Stair an Euskaltzaindia" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-07-21.
  4. 1 2 Jean Haritschelhar. "L'Académie de la Langue Basque/Euskaltzaindia comme exemple d'un développement institutionnel transfrontalier" (Fraincis) 87-99. Dáta rochtana: 2026-07-21.
  5. Euskonews (2009-09-25). "Euskaltzaindia, 1919: l'histoire d'une naissance" (Fraincis). Dáta rochtana: 2026-07-21.
  6. Joana Irigaray (2025-09-13). "Le Batua sur la bout de la Langue" (Fraincis). Dáta rochtana: 2026-07-24.
  7. Euskaltzaindia. "Eagar an Euskaltzaindia" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-07-21.
  8. Euskaltzaindia. "Bainistíocht" (Béarla). Dáta rochtana: 2026-07-21.