EuroMillions
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | crannchur eagraíocht |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 7 Feabhra 2004 |
| Bunaitheoir(í) | La Française des Jeux agus Loterías y Apuestas del Estado (en) |
| Suíomh gréasáin | euromillions.eu |


Is crannchur san Eoraip é an EuroMillions, a bunaíodh sa bhliain 2004 ag an Française des Jeux na Fraince, Loterías y Apuestas del Estado na Spáinne, agus Grúpa Camelot na Ríochta Aontaithe. Tá 9 tír rannpháirteach ann (in 2025): an Ostair, an Bheilg, an Fhrainc, Éire, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Spáinn, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe.
Le bua a fháil sa phríomhchiste (an "jackpot"), caithfidh 7 uimhir cheart a bheith agat: 5 phríomhuimhir (ó 1 go 50) agus 2 "réalta" (ó 1 go 12). Tarlaíonn na tarraingtí gach Máirt agus Aoine ag thart ar 20:05 (am in Éirinn) i bPáras. Cosnaíonn ticéad €2.50 (nó £2.50 sa RA).[1]
Sa bhliain 2025, tá an phríomhchiste ar a uasmhéid ag €250 milliún. Tá seans 76,000,000/1 ag gach éinne an Euromillions a bhaint.
Buaiteoirí in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Dolores McNamara ó Luimneach an crannchur sa bhliain 2005 - bhuaigh sí €115,436,126. "Ní túisce go raibh an bua fógartha ach go raibh an chonairt ag tarraingt ar Gharraí Eoin sa tóir ar scéalta suaracha faoina saol pearsanta. B’éigean d’aturnae Dolores, David Sweeney, impí ar na meáin “spás” a thabhairt di - agus rinne siad amhlaidh. Tugadh spás suntasach di ar gach príomhleathanach tablóideach agus bhí iriseoirí ag baint na sála dá chéile ag iarraidh an focal is tarcaisní ina bpluca a chaitheamh léi."[2]
Sa bhliain 2025 dhíol siopa i gCorcaigh céad pota óir EuroMillions ar fiú EUR 250 milliún é.[3][4]
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Crannchur Náisiúnta
- Scuabgheall Ospidéil na hÉireann (carthanas)
- Cearrbhachas in Éirinn
- Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Play EuroMillions Online | Irish National Lottery" (ga). www.lottery.ie. Dáta rochtana: 2025-12-18.
- ↑ Breandán Delap (2006). "An sárú príobháide ag éirí níos coitianta in Éirinn" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-12-18.
- ↑ Dáithí Ó Sé (2025). "Dá mbuafainn €250m, ní bheadh a fhios agat go deo! (ar archive.ph, saor in aisce)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-12-18. Dáta rochtana: 2026-01-01.
- ↑ Dáithí Ó Sé (2025-06-25). "Dá mbuafainn €250m, ní bheadh a fhios agat go deo!" (ga-IE). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-12-18.
- ↑ Béárla: Gambling Regulatory Authority of Ireland
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |