Eugene Murtagh
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1942 83/84 bliana d'aois Dún an Rí, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | duine den lucht gnó |
Is é Eugene Murtagh bunaitheoir agus Cathaoirleach Kingspan Group (a rugadh ar an 23 Meitheamh 1942). Ó cuireadh tús le Kingspan i nDún an Rí sna 1960idí mar ghnó beag teaghlaigh, tá fás agus forbairt ollmhór tagtha ar an ngnó. Cuireann Kingspan ‘Kooltherm’ agus insliú teirmeach eile ar fáil do thionscail ar fud an domhain.
- Bhí láimhdeachas de bhreis is €1.8 billiún ag an nGrúpa sa bhliain 2006, lena n-áirítear 43 monarcha dhéantúsaíochta i 28 tír ar fud an domhain (agus bhí breis is 6,500 duine fostaithe ag an nGrúpa ar fud na cruinne ag an am).
- In 2024, bhí láimhdeachas de bhreis is €8.6 billiún ag an nGrúpa sa bhliain, lena n-áirítear 212 monarcha dhéantúsaíochta i 80 tír ar fud an domhain (agus bhí breis is 22,000 duine fostaithe ag an nGrúpa ar fud na cruinne).[1]

Cheap Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine Murtagh mar stiúrthóir ar an gCiste Idirnáisiúnta d'Éirinn in 2000 (go dtí 2006, bhí os cionn €849 milliún infheistithe ag an gCiste seo i dtionscadail ar fud na hÉireann).[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ kingspangroup com (2025). "KINGSPAN GROUP PLC PRELIMINARY RESULTS Year Ended 31 December 2024". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ University of Galway (June 2006). "Céimeanna Oinigh bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar sheachtar den scoth". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-04-03.
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |