Jump to content

eu-LISA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bosca Sonraí EagraíochtaEu-LISA
Sonraí
Giorrúcháneu-LISA Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh25 Deireadh Fómhair 2011
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe137 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineulisa.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: agencyeulisa X: EULISA_agency Mastodon: EULISA@social.network.europa.eu LinkedIn: eu-lisa Youtube: UCGAXymjo8D1kXESrcbGqRKw Youtube: eulisaagency Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh (AE) í Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (Béarla: European Union Agency for the Operational Management of Large-Scale IT Systems in the Area of Freedom, Security agus Justice (aitheanta mar eu-LISA)). Bunaíodh í chun oibriú gan bhriseadh na gcóras teicneolaíochta faisnéise (TF) a chinntiú laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais (LSSC).[1]

Tháinig an ghníomhaireacht ar an bhfód ar an 1d Nollaig 2012 [1] faoi Rialachán 1077/2011.[2] Tháinig an rialacháin reatha 2018/1726[3] i bhfeidhm ar an 11ú Nollaig 2018, lenar aisghaireadh an sean-rialacháin agus leathnaíodh obair na gníomhaireachta ar taighde, nuálaíocht agus tástáil.[4]

ceanncheathrú eu-LISA lonnaithe in Tallinn, an Eastóin, agus lárionad oibriúcháin in Strasbourg, an Fhrainc.[1] I dteannta sin, tá suíomh cúltaca ag eu-LISA in St Johann im Pongau, an Ostair.

Tá Tillmann Keber ina stiúrthóir reatha na gníomhaireachta, a ceapadh í mí Dheireadh Fómhair 2025.[5]

Bord Bainistíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann an bord bainistíochta maoirseachta ar an ngníomhaireacht. Tá ann ar an mbord ionadaithe mar a leanas:[6]

As mí Iúil 2024 ar aghaidh, tá an t-ionadaí ón hEastóin, Rene Vihalem, ina cathaoirleach ar an mbord.[6]

Tá eu-LISA freagracht as córais faisnéise LSSC a leanas:

Béarla Gaeilge
European Dactyloscopy DatabaseEurodacBunachar Dachtalascópachta Eorpach
Schengen Information SystemSISCóras Faisnéise Schengen
Visa Information SystemVISCóras Faisnéise Víosaí
Entry/Exit SystemEESCóras Isteach/Amach
European Travel Information and Authorisation SystemETIASCóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil
European Criminal Records Information System, Third-Country NationalsECRIS-TCNCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla, Náisiúnaigh Tríú Tíortha
Common European Asylum SystemCEASComhchóras Tearmainn Eorpach

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]