Eruca vesicaria
| Tacsanomaíocht | |
|---|---|
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Brassicales |
| Fine | Brassicaceae |
| Treibh | Brassiceae |
| Géineas | Eruca |
| Speiceas | Eruca vesicaria Cav., 1802 |
| Ainmníocht | |
| Basainm | Brassica vesicaria |
Is planda bliantúil inite san bhfine Brassicaceae é Eruca vesicaria, ar a dtugtar go coitianta an ruachán coiteann[1], a úsáidtear mar ghlasra duilleogach dá blas úr, géar, searbh agus piobarach. Is speiceas de Eruca é atá dúchasach do réigiún na Meánmhara, a bhfuil tóir fhorleathan air mar ghlasra i sailéid, ó Mharacó agus an Phortaingéil san iarthar go dtí an tSiria, an Liobáin, an Éigipt agus an Tuirc san oirthear.[2][3]
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is planda bliantúil é Eruca vesicaria a fhásann ó 20 go 100 cm ar airde. Tá na duilleoga liopach go domhain le ceithre go deich liopa cliathánach beag agus liopa mór mullaigh. Tá na bláthanna ó a 2 go dtí a 4 cm ar trastomhas, eagraithe i gcoirím, le struchtúr bláthanna tipiciúil Brassicaceae. Tá na peitil buíbhán le féitheacha corcra, agus staimíní buí. Is faighneog ar a dtugtar sileac a torthaí, a bhíonn 12 go 25 mm ar fhad le rinnghob, ina bhfuil roinnt síolta (atá inite). Tá uimhir chrómasóim 2n = 22 ag an speiceas.[4][5]
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díorthaítear an aidiacht Laidineach sativa in ainm déthéarmach an phlanda ó satum, ainm briathartha an bhriathair sero, rud a chiallaíonn "síol a chur", rud a thugann le fios gur cuireadh síolta an phlanda i ngairdíní. Tá Eruca sativa difriúil ó E. vesicaria toisc go bhfuil seipil duillsilteacha luatha ann. Measann roinnt luibheolaithe gur fospeiceas de Eruca vesicaria é; E. vesicaria fosp. sativa . Fós féin ní dhéanann daoine eile idirdhealú idir an bheirt acu.[6]
Comhchiallaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Comhchiallaigh[7]
- Brassica vesicaria L.
- Eruca sativa subsp. vesicaria (L.) Jahand. & Maire
- Eruca sativa var. vesicaria (L.) Coss.
- Euzomum vesicarium (L.) Link
- Raphanus vesicarius (L.) Crantz
- Velleruca vesicaria (L.) Pomel
- Eruca vesicaria var. albiflora DC.
- Eruca vesicaria var. flaviflora DC.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Eruca vesicaria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Med-Checklist: http://ww2.bgbm.org/mcl/PT%5B%5DaxonDetail.asp?Eruca sativa
- ↑ Blamey, M. & Grey-Wilson, C. (1989). Flora of Britain and Northern Europe. ISBN 0-340-40170-2.
- ↑ Blamey, M. & Grey-Wilson, C. (1989). Flora of Britain and Northern Europe. ISBN 0-340-40170-2
- ↑ Huxley, A., ed. (1992). New RHS Dictionary of Gardening. Macmillan, ISBN 0-333-47494-5
- ↑ Flora Europaea Search Results. https://websites.rbge.org.uk/cgi-bin/nph-readbtree.pl/feout?FAMILY_XREF=&GENUS_XREF=Eruca&SPECIES_XREF=&TAXON_NAME_XREF=&RANK=
- ↑ Eruca vesicaria (L.) Cav. (n.d.). Plants of the World Online. Retrieved February 15, 2026, from https://powo.science.kew.org/taxon/urn:lsid:ipni.org:names:1137625-2