Eolaíocht/teicneolaíocht na Síne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Go dtí an 17ú céad agus tosú na réabhlóide tionsclaíche san Eoraip, is minic a bhí eolaithe is teicneolaithe sa tSín chun tosaigh go mór ar eolaithe na hEorpa, mar is léir óna gcuid éachtaí, gan dul thar 1000 AD, fiú. Sa réamhstair, is sa tSín a fuarthas an fhianaise is luaithe ar úsáid dheonach tine sa chócaireacht. I ré Shang, ón 16ú céad RC, dhéantaí teilgean cré-umha le múnlaí ilpháirte, bhí carbaid le hacastóirí is rothaí 15 spóca ann, agus thosaigh taifead na haimsire i 1216 RC. I ré Zhou, 11ú-3ú céad RC, i measc na bhforbairtí bhí iarann in úsáid (512 RC), uirlisí talmhaíochta iarainn mhúnlaithe (sa 4ú céad RC), crosbhoghaí le truicear 4 pháirt, gás mustaird séidte le boilg, carbaid le rothaí 30 spóca (nach raibh a leithéid san Eoraip go dtí an 15ú céad AD), táirgeadh salainn (7ú céad RC), tógáil dambaí (6ú céad RC), uisciú (560 RC) agus canálacha (3ú céad RC). Bhí a thuilleadh forbairtí i ré Han (3ú céad RC-3ú céad AD): páipéar (105 AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1150), tiontú gluaiseachta rothlaí go dtí gluaiseacht dhronlíneach (1ú céad AD), poirceallán simplí, céachta claise (3ú céad AD), toibreacha airtéiseacha (1ú céad AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1126), úsáid comhdhlúthú gaile (3ú céad RC), caidéal slabhra le sráideog chearnógach san uisciú (1ú céad AD), an cromán (2ú céad AD), an barra rotha (300 AD), eastóscadh sáile trí dhruileáil dhomhain, bruithniú iarainn i bhfoirnéis copair (28 AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1380), boilg loine fuinnmhithe le huisce (31 AD, nach raibh san Eoraip go dtí 1565), úsáid ghuail i mbruithniú (faoin 4ú céad), déanamh cruach (b'fhéidir sa 1ú céad, ach go cinnte sa 6ú céad), an stioróip (300 AD), úim muiníl is uchta do chapall (5ú céad), carbaid le seisear foirne, stiúir loinge (b'fhéidir sa 1ú céad RC, go cinnte sa 1ú céad AD, nach raibh san Eoraip go dtí timpeall 1200), bulcaidí uiscedhíonacha (nach raibh san Eoraip go dtí an 18ú céad), longa ilchrann (nach raibh san Eoraip go dtí an 15ú céad), seolta bordála (3ú céad, san Eoraip sa 16ú céad), taifead ar shiméadracht calóg sneachta (135 AD, an 15ú céad san Eoraip), réamhaisnéis na haimsire (2ú céad RC), an t-abacas (2ú céad AD), an seismeagraf (132 AD, an 17ú céad san Eoraip), cruthú ar theoirim Phíotágaráis (2ú céad), coincheap na huimhreach diúltaí (2ú céad RC, an 16ú céad san Eoraip), luach π áirithe (2ú céad). I ré Sui-Tang, 6ú-10ú céad, lean na héachtaí leis na samplaí seo a leanas: clóbhualadh (faoi 593, san Eoraip i 1375), an chéad leabhar clóbhuailte (868), páipéar leithris (590), tinte ealaíne (600), púdar gunna (900, san Eoraip 1327), fíorphoirceallán, céimshrian clogoibritheach (724), crosbhogha le raon 700 m, stíoróipí fada, carráistí míleata do 30 foirne (7ú céad), droichid crochta slabhraí iarainn (7ú céad, san Eoraip 1595), droichid cuarstua (7ú céad, san Eoraip 1340), longa cúigbhord, long chogaidh rotha (780, san Eoraip sa 15ú céad), cur síos ar úsáid aigéad (860, san Eoraip 1295), driogadh alcóil (8ú céad, san Eoraip sa 13ú céad), foclóir comhchiallach ceimiceach (806, san Eoraip san 18ú céad).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eolaíocht/teicneolaíocht na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 248.