Jump to content

Eoghan Ó Ceannabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoghan Ó Ceannabháin

Is amhránaí, scríbhneoir amhrán agus seinnteoir iluirlisí é Eoghan Ó Ceannabháin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ar féidir a fhréamhacha ceoil a rianú siar go traidisiún shean-nóis Chonamara. Is oirfideach ildánach é, ag tarraingt ar theicnící gutha éagsúla ar nós na portaireachta agus na hamhránaíochta sceadamáin, seinm an chonsairtín a análaíonn lena chuid amhránaíochta, agus stíl phortaireachta fliúite a mheascann sé uilig le chéile chun fuaimdhreach fréamhaithe fairsing a chruthú. Is é mac Pheadair Uí Ceannabháin é.

Is iad Sorcha Ní Ghuairim, Seán 'ac Dhonncha, Nioclás Tóibín agus Colm Ó Caoidheáin a spreagann a chuid ceoil.[1]

Sheas sé in olltoghchán 2024 ar son Pobal seachas Brabús i mBaile Átha Cliath Láir (dáilcheantar ceithre shuíochán), áit ar tháinig sé sa naoú háit ó thaobh vótaí céad rogha. Cuireadh as an áireamh é sa 5ú babhta.[2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Behind the music - Eoghan Ó Ceannabháin” (en). RTÉ.ie (2022-09-22). Dáta rochtana: 2025-03-11.
  2. General Election 2024 Results – Dublin Central” (en). RTÉ News (Nollaig 2024). Dáta rochtana: 5 Nollaig 2024.